Maidir Linne
Maidir Linne

Is sinne Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar. An aidhm atá le Plean Teanga Chorca Dhuibhne ná líon na ndaoine a labhrann Gaelainn gach lá a ardú, agus chun na grúpaí daoine abhíonn ag labhairt as Gaelainn a neartú. Tá gá againn le do chabhair chun an sprioc thábhachtach seo a bhaint amach.

Mar ghnó, eagraíocht, cumann nó grúpa sa Ghaeltacht i gCiarraí Thiar, tá ról ana mhór agat sa phróiseas pleanála teanga. Táimid ag pointe ana chinniúnach maidir leis an dtimpeallacht teanga i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Más féidir le gach duine againn iarracht a dhéanamh le chéile lecinntiú go mbeadh an Ghaelainn níos láidre, níos mó úsaidte, níos feiceálaí agus níos lárnaí inár réimsí difriúla, bheadh rud iontach déanta dár gceantar álainn agus dár bpobal Gaeltachta go fadtéarmach. Chun a chinntiú go mbeidh pobal teanga bríomhar againn sa chéad ghlúin eile, is mithid dúinn gníomhnú.

Tá roinnt moltaí samplacha againn ar an dtaobh eile den leathanach seo - na slíte praiticiúla go bhféadfaimis an Ghaelainn a chur chun cinn go laethúil lena chéile. Tá Tobar Dhuibhne sa 6ú bliain don bhfeidhmniú seacht mbliana de Phlean Teanga Chiarraí Thiar. Tá obair déanta, mar sin, ach g oleor oibre le déanamh fós i dteannta a chéile, agus am againn chuige.

Más féidir linne tacú libhse an Ghaelainn a churchun cinn, ná gá ach a rá linn. Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha,

We are Tobar Dhuibhne, the West Kerry Language Plan. The aim of the Language Plan in Corca Dhuibhne is to increase the number of people who speak Irish, and to strengthen the networks of groups that speak Irish. We need your help to achieve this important goal.

As a business, organisation, club or group in the Gaeltacht in West Kerry, you have an integral role in the language planning process. At present, we find ourselves at a critical juncture regarding the language environment in the Corca Dhuibhne Gaeltacht. If every one of us makes an effort to ensure that Irish is stronger, more spoken, more visible, and more central in all our different sectors, we will have done a wonderful thing for our area and for our Irish-language community in the long-term. To ensure we have a vibrant language community in the next generation, we must act now. We have some sample recommendations on the othe rside of this page - the practical ways in which we can promote Irish daily. Tobar Dhuibhne is now in the 6t hyear of the implementation of the 7-year West Kerry Language Plan. The work has started, but there’s plenty more to be done together, and time to do it.

If we can support you to promote Irish, all you have to do is ask. Gaelainn Labhartha Pobal Nasctha - Spoken Irish, A Connected Community

Our people

Our world-class team

Seirbhísí

Tuigimid go bhfuil gach grúpa difriúil, ach fós féin beidh impleacht ag do chuidse oibre ar úsáid na Gaelainne i gCorca Dhuibhne. Seo roinnt moltaí samplacha go bhféadfadh dreamanna difriúla tabhairt fé: 

Gnó / Siopa / Bialann, srl.
  • Comharthaí as Gaelainn a chur suas – tá cinn ar fáilt saor in aisce duit ó Thobar Dhuibhne.
  • Ceardlann fheasachta don bhfoireann ó Thobar Dhuibhne.
  • Seirbhís as Gaelainn a aibhsiú.
  • Daoine le Gaelainn a chur ag fáilitú an tí.
  • Páirt a ghlacadh i scéimeanna aitheantais Gradaim (Glór na nGael), nó QMharc (Foras na Gaeilge). Is féidir le Tobar Dhuibhne sibh a chlárú dóibh.
  • Deontaisí a fháilt as comharthaí & pacáistiú dhátheangach (Foras na Gaeilge).
Cumainn Spóirt
  • Cinntiú go bhfuil spás don nGaelainn ann (Ciorcal Comhrá, traenáil as Gaelainn).
  • Oifigigh Ghaelainne (Sinsir & Sóisir) a cheapadh chun an teanga a chur chun cinn sa Chumann.
  • Clárú dó Scéim “Ár dTeanga. Ár Spórt.” (TD)
  • Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (CLG - Glór na nGael).
Meáin Shóisialta 
  • Póstáileacha a dhéanamh as Gaelainn agus go dátheangach
  • An Ghaelainn a úsáid in aon fhíseán nó póstaer.
Grúpaí pobail / féilte 
  • Fear / bean tí le Gaelainn a fháilt d’ócaidí pobail.
  • Cinntiú go bhfuil ábhar á chur amach as Gaelainn.
  • Cinntiú go mbeadh imeachtaí sainspéise Gaelainne ann mar chuid den gclár.
Eile
Deiseanna Cainte is Cleachtaidh a chur ar bun, nó freastal ar chinn Thobar Dhuibhne.
Sonraí teagmhala
Más féidir linne tacú libhse an Ghaelainn a chur chun cinn, ná gá ach a rá linn.
Start Now