Tobar Dhuibhne

Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha
Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha

Cuideachta

Dhuibhneach

11/08/2019 – 18/08/2019

 

Cad ‘na thaobh Plean Teanga do Chiarraí Thiar?

Bhuel, tá líon na gcainteoirí dúchais Gaelainne ag tanú. Tá an Stát ag iarraidh líon na gcainteoirí dúchais a mhéadú de réir a chéile agus go mbeadh na ceantair Ghaeltachta ina dtoibreachra teanga agus cultúir do na glúinte atá le teacht.

Cén bhaint atá aige liomsa?

Bhuel, má tá tú ag cur fút i gCiarraí Thiar – tá an-bhaint aige leat. Tá tú ag cur fút i bpobal Gaeltachta, is é sin pobal arb í an Ghaelainn a phríomhtheanga chumarsáide. Más mian leat go mbeadh an Ghaeltacht, tobar na Gaelainne is an chultúir Ghaelaigh, beo do na glúinte atá le teacht, tá an-bhaint ag an bPlean Teanga do Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar leatsa agus linn go léir.

Ní lena mílseacht ná lena dílseacht,
ní lena háilleacht ná lena cáilíocht
a labhraimid í,
fiú is go bhfuil gach cáilíocht aici.
Ní hé go bhfuil sí chomh milis leis an mil,
chomh nádúrtha leis an uisce ag rith
nó leis an bhféar ag fás.
Ach cad ina thaobh?
Mar gur linn féin í.

  Tomás Ó Cinnéide ( An Ghráig )

Only when a language is being passed on in the home is there some chance of long-term survival. Otherwise, other efforts to prop up the language elsewhere, e.g. in schools or church, may end up being largely symbolic or ceremonial.

Romaine, 1995

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne – Ceanneagraíocht ar an bPróiseas Pleanála Teanga do Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar.