Plean Teanga Chiarraí Thiar
Roghnaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne mar Cheanneagraíocht in ullmhú Plean Teanga LPT Chiarraí Thiar in 2014. Tar éis phróiseas fada comhairliúchán poiblí agus taighde, dhein An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an Phlean Teanga a fhaomhadh i Meitheamh 2018.
Beidh seacht mbliana ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne chun an plean a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta faoi athbhreithniú rialta ar chur i bhfeidhm an phlean le linn na tréimhse seacht mbliana sin.
Tá Oifigeach Pleanála Teanga agus Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus obair tosnaithe acu ar fheidhmniú an Phlean.
Plean Teanga LPT Chiarraí Thiar

Móraidhm an Phlean
- Cur le dlús an phobail i gCiarraí Thiar agus céatadán na gcainteoirí laethúla a ardú sa LPT ar fad trí chéile
- Go n-ardófaí céatadán na leanaí atá á dtógaint le Gaelainn ó 30% go 40% thar thréimhse 20 bliain go céimniúil
- Go n-ardófaí céatadán na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais ó 28.7% go 40% thar an tréimhse chéanna

