Cúlra
Tá cúrsaí pleanála teanga go mór sa treis le blianta anuas.
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina ndeirtear go ‘dtosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta faoin Acht nua.’
Faoin Acht, déanfar an Ghaeltacht, mar atá sí faoi láthair, a athainmniú mar Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna limistéir éagsúla.
Táthar ag tabhairt cuirí d’eagraíochtaí pobail atá bunaithe sna limistéir seo iarratas a chur faoi bhráid an Údarás le bheith páirteach sa phróiseas Pleanála Teanga.
Chuir Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne iarratas faoi bhráid Údarás na Gaeltachta agus ceapadh an Comharchumann mar cheanneagraíocht chun tabhairt faoin obair seo do Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar (ceann de na 26 limistéar Pleanála Teanga aitheanta ar fud na tíre).

Tá réamhobair déanta ag an gComharchumann laistiar de Dhaingean faoi stiúir an Phleanálaí Teanga Aoife Ní Shéaghdha agus tá moltaí a d’eascair as an obair sin á gcur i bhfeidhm de réir a chéile. Tá an Dr. Muiris Ó Laoire ag obair linn Pleananna a chur le chéile do na ceantair eile i gCiarraí Thiar.
An phríomhaidhm: Líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a ardach.
Tréimhse: Plean 7 mbliana a bheidh i gceist mar a mbeidh moltaí ar conas is fearr an teanga a neartú agus a láidriú mar theanga pobail an cheantair Ghaeltachta seo i gCiarraí Thiar. Beifear ag cur i bhfeidhm agus ag déanamh monatóireachta go leanúnach ar an bplean sna blianta amach romhainn.