Scéim na gCúntóirí Teanga
Siar sa bhliain 1992 is ea a cuireadh tús le Scéim an Chuntóra Teanga. Ba í Frances Uí Chinnéide, an chéad Chuntóir a chuaigh i mbun oibre i Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin. Ba é an tIonad Oideachais sa Daingean faoi stiúir Thomáis Uí Cheilléachair a riar an scéim ag an am. Inniu, is iad Oidhreacht Chorca Dhuibhne a riarann an scéim do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna Chúige Mumhan. Tá Cúntóirí Teanga fostaithe insna scoileanna chun freastal ar leanaí a thagann ar scoil gan Ghaeilge, ach chomh maith leis sin, táid ar fáil don gcainteoir dúchais a bhfuil an saibhriú teangan uaidh. Is i gcomhar le Príomhoidí na Scoile a reáchtáltar Scéim na gCúntóirí Teanga. Cainteoirí dúchais an chuid is mó desna Cúntóirí Teanga agus tá taithí acu ar a gclanna féin a thógaint le Gaeilge. Cuireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne oiliúint ar na Cúntóirí Teanga go rialta agus tá cáilíocht sa Luathoideachas ó Institiúid Teicneolaíocht Bhaile Átha Cliath bainte amach ag cuid mhaith díobh. Tá tús curtha le habhar tacaíochta a fhorbairt dosna Cuntóirí agus teacht air ag www.ancuntoir.ie.

Tuilleadh Eolais:
066 9156100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
An Stiúrthóir
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
An Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta
Baile an Fheirtéaraigh,
Trá Lí,
Co. Chiarraí.