Cad is Tús Maith ann?

Scéim tacaíochta do theaghlaigh gur mian leo a gclanna a thógaint le Gaeilge is ea Tús Maith. Scéim í a thionscnaigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, i mí Eanáir 2005 chun comhairle, tacaíocht agus áiseanna a chur ar fáil do thuismitheoirí leanaí réamhscoile. Tá Stiúrthóir agus ceathrar Cuairteoirí Baile fostaithe ag Tús Maith. Tuismitheoirí iad a thóg a gclanna féin le Gaeilge agus a dhein cúrsa oiliúna sa bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. ‘Siad siúd:

Orlaith Ruiséal

Áine Ní Bhric

Máire de Baróid

Áine Mhic Gearailt

Máire Uí Dhuinnín (Ciarraí Theas)

Deintear Cuairteanna Baile do theaghlaigh a thairiscint do thuismitheoirí ina dtithe féin. Tugtar pacáiste nó Bounty Pack don gclann. Pléitear na mianta atá acu agus deintear measúnú ar an gcur chuige is fearr dóibh. Cuirtear ar an eolas iad maidir leis na háiseanna is déanaí atá ar fáil as Gaeilge. Tá leabharlann dosna háiseanna seo ar fáil ag Tús Maith agus is féidir le daoine ábhar a thógaint ar iasacht.

Reáchtáltar Clubanna Súgartha, Scléip an tSathairn agus Grúpaí Tacaíochta Teaghlaigh i mBaile an Fheirtéaraigh, sa Daingean, sa Chlochán, i Lios Póil agus i gCiarraí Theas. Tá na grúpaí seo oiriúnach do leanaí ó 0-4 bl. d’aois. Deintear rannta, súgradh, scéalaíocht agus réimse imeachtaí taitneamhacha eile leo agus cuirtear eolas ar fáil maidir leis na háiseanna ceoil, closamhairc, cluichí agus araile atá ar fáil as Gaeilge.  Cuirtear síoroiliúint ar na Cuairteoirí Baile ag seimineáir oiliúna rialta.

Sicín Mise go Sona Sásta

Amhráín agus Rannta don Aos Óg atá anso agus iad á rá ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus Páidí Mhárthain Mac Gearailt. Seo cuid desna hamhráin a roinneann Cuairteoirí Baile Tús Maith leis an aos óg agus iad i mbun Cuairteanna Baile, Grupaí Súgartha agus ócáidí scléip an tSathairn in larthar Dhuibhneach, sa Chlochán agus i gCiarraí Theas.

 

Micilín Muc

by Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh & Páidí Mhárthain Mac Gearailt

Orla Uan Scéal & CD

Uainín beag gleoite atá ábalta labhairt is ea Orla Uan. Éist léithe, bí leithe agus í ag imirtagus ag labhairt Gaelainne ar Chruach Mhárthain.

Má iompaíonn leanaí/déagóirí ar Bhéarla…deich bpíosa comhairle

Go minic nuair a bhímid ag labhairt lenár gcuid leanaí as Gaeilge, freagraíonn siad as Béarla. Tá a leithéid coitianta go leor, ní amháin anseo ach i dtíortha eile má bhíonn an teanga timpeallaithe ag mórtheanga dhomhanda mar Bhéarla.

Cad is ceart a dhéanamh má tharlaíonn a leithéid?

1. Ná cas ar an mBéarla! Cloígh leis seo i gcónaí. Má chuireann siad ceist as Béarla-freagair as Gaeilge agus ná haistrigh do fhreagra go Béarla
2. Meabhraigh: Seans nach leanfaidh sé seo ar aghaidh i gcónaí- d’fhéadfadh scéal difriúil bheith acu i gceann míosa- bíonn déagóirí luaineach nó guagach go minic agus bíonn piarbhrú 7rl orthu.
3. Meabhraigh: Braitheann an-chuid ar chomhdhéanamh an ghrúpa-d’fhéadfadh sé athrú má bhíonn déagóirí eile i láthair / cuid acu as láthair
4. Ná lig don fhreagra as Béarla cur isteach ort- cé go mbeifeá mí-chompóradach/ buartha. Más féidir ná lig puinn ort ach lean ar aghaidh as Gaeilge agus ná tabhair aon cheann do fhreagraí bheith as Béarla. Bí ar nós cuma liom fúthu.
5. Mínigh dóibh am éigin agus (arís bí ar nós cuma liom faoi) an chúis go bhfuil Gaeilge á húsáid agat an t-am ar fad.
6. Meabhraigh: muna mbíonn cleachtadh ag leanaí/déagóirí ar labhairt na Gaeilge le chéile sa chéad áit- tá sé deacair orthu iompú uirthi
7. Meabhraigh nach maith le déagóirí éinne bheith fágtha ar lár sa chomhrá-má tá duine nach bhfuil ar a chompord leis an teanga ina measc-casfaidh siad ar Bhéarla-fiú i ngan fhios dóibh
8. Bíodh foighne agat! Ach lean ort le Gaeilge!
9. Athraíonn rudaí le himeacht ama
10. Dea-shampla a thabhairt-labhair an teanga le daoine fásta eile ina láthair

Tuilleadh eolais:

TÚS MAITH / Scéim na gCuairteoirí Baile
Stiúrthóir: Orlaith Ruiséal
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Baile an Fhéirtéaraigh
Teagmháil: 066 9156100;

orlaith@cfcd.ie;

www.tusmaithocd.ie; www.oidhreacht.ie