Ranganna Gaeilge

Ag foghlaim na Gaeilge i gCorca Dhuibhne

Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mbun Cúrsaí  Gaeilge a reáchtáil do phobal Chorca Dhuibhne le breis agus 40 bliain.  Deintear na ranganna d’fhoglaimeoirí fásta a eagrú go háitiúil san Ionad Seirbhísí Teanga sa Daingean nó sa Lárionad Forbartha Gaeilge & Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh a osclaíodh sa bhliain 2015. Le blianta beaga anuas táthar ag freastal ar fhoghlaimeoirí fásta a bhfuil suim acu Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach dóibh féin.  Chomh maith leis na foghlaimeoirí áitiúla deineann Oidhreacht Chorca Dhuibhne freastal ar chuairteoirí chun na háite ó áiteanna eile in Éirinn, ó Shasana, ó mhór-Roinn na hEorpa, ó Mheiriceá agus ó áiteanna níos faide ó bhaile ná sin.  Cuirtear Clár Cúrsaí Gaeilge agus Oidhreachta le chéile ó bhliain go bliain chun go ndéanfar freastal ar na foghlaimeoirí sin.  Agus is féidir le grúpa ar bith sainchúrsa dá chuid féin a lorg ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne ach fios a chur ar an oifig ag 066 9156100eolas@cfcd.ie.

Learning a Language/ Ag Foghlaim Teanga

An Dr. Karen Ní Chlochasaigh

Learning a Language/ Ag Foghlaim Teanga

An Dr. Karen Ní Chlochasaigh

Although the road to learning a language can be long and testing at times, studies show that there are many ways to facilitate your learning. Success in language learning is often associated with an innate ability for languages, where successful learners are believed to have ‘a good ear’ for languages. Linguists believe however, that this is not always the case and that other factors such as motivation or an individuals’ approach to learning can contribute just as greatly to language learning success. No matter what your motivation, given a high level of motivation it is more likely that you will succeed in keeping on track and realising your language learning goals. Language awareness is another factor, where learners have a good understanding of themselves as learners and reflect upon their strengths, difficulties and common language mistakes during the language learning process. They may also keep a language diary where they record new vocabulary, grammar and useful phrases. Successful language learners have been documented as using a range of suitable learner strategies, for example, using a newly learned phrase in conversation or in writing to aid in remembering it. A positive attitude towards language community, culture, learning approach and receiving corrections is another major factor recognised in promoting language acquisition. 

Is fíor gur bóthar fada atá san fhoghlaim teanga agus gur féidir leis an turas foghlama (learning journey) a bheith crua (deacair / difficult) ag amanta. An dea-scéal (good news) ná go bhfuil bealaí (ways) ann leis an turas seo a éascú duit féin (a dhéanamh níos éasca duit / to facilitate your learning), bunaithe ar thaighde (research) ar an bhfoghlaim teanga in Éirinn, san Eoraip agus ar fud an domhain. Pléitear (discussed) thíos roinnt factóirí a bhaineann leis an bhfoghlaim teanga éifeachtach (effective language learning).

Ceaptar go mion minic go mbaineann foghlaim éifeachtach teanga le cumas (ability) i dteangacha, sé sin go mbíonn bua ó dhúchas (a native gift) ag duine. Creideann teangeolaithe (linguists believe), áfach, nach mbaineann an scéal le cumas amháin ach gur féidir le factóirí eile, cuir i gcás, inspreagadh láidir (a strong motivation)cur chuige an fhoghlaimeora (learner approach) a bheith chomh tábhachtach céanna san fhoghlaim teanga. ‘Given motivation anyone can learn a language’ a deir Corder. Is cuma cén t-inspreagadh atá agat (no matter what your motivation); cáilíocht (a qualification) a bhaint amach, teanga a labhairt sa bhaile / sa phobal nó caitheamh aimsire, má tá an t-inspreagadh láidir go leor, tá níos mó seans ann (it is more likely) go n-éireoidh leat (that you will succeed) fanacht ar bhóthar na foghlama teanga agus go sealbhóidh tú í (that you will acquire that language).

Creidtear go láidir chomh maith má bhíonn feasacht teanga (language awareness) láidir ag foghlaimeoirí go n-éiríonn níos fearr leis an bhfoghlaim. Bíonn féinfheasacht (self-awareness) ag foghlaimeoirí nuair a thuigeann siad iad féin mar fhoghlaimeoirí (when they have an understanding of themselves as learners), na buanna (strengths) agus na laigí (weaknesses) a bhaineann leo, na deacrachtaí (difficulties) a bhíonn acu agus conas dul i ngleic leo (how to approach them). Is fiú go mór an machnamh (reflection) seo a dhéanamh ort féin agus an cheist a chur: cén saghas foghlaimeora mise?

Is minic a choiméadann foghlaimeoirí a n-éiríonn go maith leo san fhoghlaim teanga dialann foghlama (learner diary) ina mbíonn taifead (a record) de na hiarrachtaí (efforts) a dhéanann siad, na botúin choitianta (common mistakes) a dhéanann siad agus na rudaí nua atá á bhfoghlaim acu faoin teanga ann; foclóir (vocabulary), frásaí úsáideacha (useful phrases), gnéithe gramadaí (aspects of grammar). Moltar (it is recommended) go láidir a leithéad a dhéanamh chun spriocanna (aims) a leagadh síos agus an dul chun cinn (progress) atá á déanamh agat sa teanga a fheiscint.

Is gnách (it is usual) go mbíonn tuiscint ar straitéisí / bealaí maithe foghlama (effective learning strategies) ag na foghlaimeoirí maithe teanga seo chomh maith, sé sin go mbíonn teicnící sealbhaithe (acquired techniques) acu a chabhraíonn go mór leo san fhoghlaim teanga. Mar shampla, féachaint ar ghramadach in úsáid i bpíosa léitheoireachta seachas ar an riail gramadaí ina haonar, iarracht a dhéanamh focal nua foghlamtha a úsáid sa chaint nó i bpíosa scríbhneoireachta, deiseanna cumarsáide a thapú (seize opportunities for communication) nuair is féidir srl. Is fiú go mór machnamh a dhéanamh ar na bealaí a mbíonn éifeachtach duitse mar fhoghlaimeoir, cuimhnigh nach ionann aon bheirt fhoghlaimeoir (no two learners are the same) agus go mbíonn a bealaí féin ag gach duine.

Tá sé feicthe arís is arís eile go mbíonn baint ag meon agus dearcadh (attitude and outlook) i leith na teanga leis an bhforbairt (development) a dhéantar san fhoghlaim teanga. D’fhéadfadh le meon dearfach (positive attitude) maidir le hoidhreacht, cultúr, pobal teanga, cur chuigí foghlama agus ceartúcháin (corrections) cur go mór leis an bhfoghlaim teanga, de réir an taighde.

Mar sin, más ag tosú amach (starting out) ar do thuras foghlama atá tú nó má tá céimeanna leagtha síos agat cheana féin, smaoinigh go bhfuil turas fós romhat ach go bhfuil cleasanna (tricks) áirithe gur féidir leat triail a bhaint astu chun cabhrú leat ar do bhealach.

Go n-éirí go geal leat ar do thuras!