Stuif na Nollag
#CeannaighsaGhaeltacht
Agus an Nollaig buailte linn, tá feachtas nua Stuif na Nollag seolta ag Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta chun daoine a mhealladh chun earraí agus seirbhísí a cheannach ón nGaeltacht agus iad i mbun a gcuid siopadóireachta.
An bhfuil Stuif na Nollag ar díol agat? Earraí ceardaíochta, seirbhísí, dearbháin, táirgí bia nó dí nó aon ní a bhaineann leis an Nollaig?
Mar chuid don bhfeachtas, táimid ag lorg físeáin uaibhse!
Táimid ag lorg físeán gairid 30 soicind, a dheineann cur síos ar na hearraí/seirbhísí atá ar díol ó do ghnó, chomh maith le do chuid sonraí teagmhála, ionas gur feidir le daoine teagmháil a dhéanamh libh.Is féidir na físeáin a sheoladh chuig pleanteanga@cfcd.ie nó ar whats app chuig 087 377 9337.
Roinnfear na físeáin ar na meáin i mí na Nollag le #ceannaighsaghaeltacht.
Breis eolais: pleanteanga@cfcd.ie / 087 377 9337
Treoir maidir le taifead an fhíseáin
- Déan taifead ar fhíseán 30 soicind a dheineann cur síos ar na hearraí/seirbhísí atá ar fáil i do ghnó.
- Bí cinnte sonraí teagmhála an ghnó a luadh, – suíomh idirlín/uimhir teagmhala.
- Taifead d’fhíseán i bhfoirm portráide. Oibríonn an fhoirm seo níos fearr nuair atáthar ag taifead físeáin d’ardáin ar nós Facebook, Instagram nó TikTok
- Ná husáid an splanc (flash) más féidir. Déanann an fón an pictiúr níos gile/níos dorcha de réir mar a theastaíonn sé seachas nuair atá an áit fíorgheal (ag féachaint díreach ar an ngrian) nó fíordhorcha (san oíche).
- Bog an ceamara chomh gar den rud atá tú ag iarraidh taifead a dhéanamh air. Ná zúmáil isteach air mar nach mbeidh an físeán chomh soiléir sin má úsáideann tú an zúm.
- Úsáid an haischlib #ceannaighsaghaeltacht agus tú ag cur do chuid earraí/seirbhísí chun cinn ar na meáin.
- Bain súp as!
Recent Comments