Tá Tobar Dhuibhne ana shásta an Tuairisc ar Pholasaithe Phleanáil na Tithíochta i gCeantracha na Gaeltachta a sheoladh. Seo Tuairisc atá coimisiúnaithe ag Plean Teanga Chiarraí Thiar déanta ag Doyle Kent Planning Partnership.
Mar atá leagtha amach i bPlean Teanga Chiarraí Thiar 2018 – 2025, is réimse fíorthábhachtach í an phleanáil fhisiciúil sa phleanáil teanga. “[T]á gá le tithíocht agus infreastuchtúr a sholáthar. Ní bheidh pobal teanga againn gan forbairt pobail”. PTCT, lth. 4. Is fadhb fhorleathan í nach féidir le cainteoirí dúchais Gaelainne maireachtaint ina gceantar Gaeltachta fein, agus bíonn impleacht aige sin ar líon agus ar dhlús na gcainteoirí laethúla Gaelainne sa Ghaeltacht.
Chuige sin, socraíodh an t-eolas cuí mar a bhaineann sé le pleanáil sna Ceantracha Gaeltachta a chur i láthair in aon áit ámhain mar áis do mhuintir na Gaeltachta, dos na coistí agus dos na heagraíochtaí a bhíonn ag plé leis an bhfadhb seo, agus mar eolas dos na Rialtais Áitiúla agus Pleananna Forbartha á ndearadh acu. Is tuairim phroifisiúnta ó shaineolaí pleanála í seo a chuireann síos ar na polasaithe, an dlí, na treoirlínte agus na pleananna a bhaineann le polasaithe phleanáil na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta.
Tá ábhar dóchais i gconclúid na tuairsice, áit a mholtar gur féidir polasaí speisialta a chur i bhfeidhm do mhuintir na Gaeltachta i bhfianaise na ndlíthe reatha: “Dealraíonn sé ó bhreithiúntas an CBAE i gCás Libert, agus ó oipiniún Chumann na Dlí ón mbliain 2005, go bhféadfadh polasaí leatromach coibhneasta a cheadú, ag tabhairt san áireamh an meath drámatúil atá ag teacht sa Ghaeltacht féin ar an nGaelainn, teanga oifigiúil oibre de chuid Aontas na hEorpa, agus líon measartha beag na ndaoine a bheadh i gceist.” Tuairisc, lth. 49.
Tobar Dhuibhne are very pleased to publish this Report in relation to Planning Policy in respect of Housing for Gaeltacht Areas. This report was commissioned by the West Kerry Language Plan by Doyle Kent Planning Partnership.