Tá Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar, sa tóir ar dhuine paiseanta, cumasach chun obair linn mar

Oifigeach Forbartha Gaelainne i réimse an spóirt agus na hóige.

Cabhróidh an duine seo le scéimeanna nua Spóirt agus Óige i gCiarraí Thiar a rith. Beidh an té a cheapfar ag tacú le spriocanna Phlean Teanga Chiarraí Thiar  agus ag obair go dlúth le Tobar Dhuibhne.

Scileanna inmhianaithe don bpost seo ná: táithí, suim agus tiomantas i gcur chun cinn na Gaelainne i measc daoine óga; sárchaighdeán Gaelainne; scileanna maithe idirphearsanta;  cur amach ar chúrsaí spóirt agus/nó cúrsaí óige.

Obair pháirtaimseartha um thráthnóna a bheidh i gceist, ar uaireanta a bheidh le socrú idir an té ráthúil agus Tobar Dhuibhne (meastar gur ~6 uair / seachtain a bheidh ann). An tréimhse oibre ná mí Eanáir go mí Meitheamh. 

Tá an post páirtaimseartha seo á thairiscint ag Tobar Dhuibhne le tacaíocht Oifig na Gaelainne, Comhairle Contae Chiarraí. 

Seol r-phost iarratais mar aon le CV chuig: pleanteanga@cfcd.ie roimh 17:00, 9ú Eanáir 2020.

Meastar na hagallaimh a bheith ar siúl timpeall an 13ú Eanáir.

                                           Eolas breise ar www.tobardhuibhne.ie.

nó téir i dteagmháil le: pleanteanga@cfcd.ie ; j.prendergast@cfcd.ie ; 066 9156 100.