Tacaíochtaí dod Ghnó

Le deanaí bhí ceardlann againn ar líne ar úsáid na Gaelainne ar na meán shóisialta & na tacaíochtaí atá ar fáil ó Thobar Dhuibhne & ó Dhúchas an Daingin dosna gnóanna anseo i gCorca Dhuibhne.

Thíos tá nascanna do áiseanna agus tacaíochtaí atá ar fáil /Here are the links, resources and supports.

Aistriúchán / Translation:

Scéimeanna & Aitheantas / Schemes & Recognition

Nithe Eile/Other:

  • Suaitheantais/Badges – Tá Gaelainn agam

Comharthaí Gnó ar fáil saor in aisce ó Dhúchas an Daingin & Tobar Dhuibhne / Business Signs available free of charge for your business from Tobar Dhuibhne & Dúchas an Daingin.

Má tá cabhair ar bith ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.

John Prendergast                &             Evelyn Ní Lúing

j.prendergast@cfcd.ie                        ocpt@cfcd.ie

0873769538                                       0873779337

Tacaíocht teangan do theifigh na hÚcráine

Más spéis leat cabhrú le teifigh na hÚcráine nuair a bheidh siad tagtha, cuir focal chugainn. Beidh tacaíochtaí teangan neamhfhoirmeáltha agus eile á eagrú amach anseo – aon rud ó chluichí sacair, go GaelChairde, go hamhránaíocht agus rince a dhéanamh leo tré Ghaelainn.

Tá nasc ansa do fhoirm spéise: https://forms.gle/s8G8oy2fDaP5XdUAA

Comórtas Reatha na Gaeltachta 2022

Clárú leis an nasc thíos.

https://forms.gle/HvSPeZcaibpWEHQ58

Cén pobal Gaeltachta is aclaí in Éirinn? Glac páirt sa chomórtas uile Ghaeltachta seo ar son pobal Chiarraí Thiar! Siúil nó rith ar a laghad faoi dhó sa tseachtain, déan íosmhéid 10km san iomlán, agus beidh tú mar chuid d’fhoireann dod’ cheantair Ghaeltachta! Á eagrú i gCiarraí Thiar ag Tobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin. Ní mór duit a bheith os cionn 16 bhliain d’aois le páirt a ghlacadh sa Chomórtas seo. Má tá tú idir 16 agus 18, ní mór do do thuismitheoir / caomhnóir clárú duit ar do shon.

Seachtain na Gaeilge

Tá áthas ar Thobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin a fhógairt go mbeidh Rith/Siulóid á eagrú againn don bpobal mar sheoladh do Sheachtain na Gaelainne le hEnergia 2022 i gCúige Mumhan.

Tá fáilte roimis gach éinne na bróga a chur orthu agus dul timpeall Slí na Sláinte sa Daingean! Beidh t-léinte, ceol ó Nicole Ní Dhubhshláine, Kyle MacAuley agus Méabh Ní Bheaglaioch, agus uachtar reoite ó Murphy’s ann, le go leor dathanna le feiscint ar na sráideanna chomh maith!

Dáta: 12/03/2022
Am: 11.00 r.n.
Ionad: An Ché, Daingean Uí Chúis

Gheobhaidh an chéad 40 a chláraíonn t-léine don rás!

Suim agat feabhas a chur ar do chuid Gaelainne?

An bhfuileann tú ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaelainne?
Are you looking to improve your Irish?

Tá rough leathan cúrsaí tosnaithe le déanaí againn! 
Tobar Dhuibhne have recently started a wide range of courses:

 

Gaelainn do Thuismitheoirí –
Seisiúin Gaelainne neamhfhoirmeálta le Róisín Uí Shíthigh (Ní Lúing) dírithe ar thuismitheoirí. Thosnaigh dhá theacht le chéile le déanaí. Deis anseo do thuismitheoirí díriú ar an dteanga a bhíonn in úsáid le leanaí. Tá fáilte roimis na rannpháirithe pé ábhair/ceisteanna atá acu féin a phlé. Bíonn na seisiúin ar siúl tráthnóna Máirt agus maidin Chéadaoin – bíodh do mhuga tae nó caife ullamh agat! 

Informal Irish language sessions with Róisín Uí Shíthigh (Ní Lúing) focussed on parenting. Two groups started again recently. This is a great opportunity to focus on the language that’s used while dealing with children. Parents are welcome to discuss any topics/questions that they may have. The sessions run on Tuesday evenings and Wesnesday mornings – all you need is your mug of tea or coffee! 

 

 

Cleachtadh Cainte –
Deis anseo do Ghaelainn a chleachtadh. Tá dhá sheisiún tosnaithe anois le Vincent Manning ar Zoom! Tá uimhreacha móra agus suim mhór sa togra seo mar sin beidh cúpla seisiún eile á thosnú againn go lauth. Más spéis leat freastal air nó seisiúin a stiúradh gabh i dteagmháil! 

Would you like to practice your spoken Irish? 2 sessions of  Cleachtadh Cainte with Vincent Manning on Zoom are in full swing. There has been a big interest in this so we’ll be adding additional sessions in the coming weeks. If you’d like to attend or lead a session get in touch!

 

 

Cúrsa Cainte do Chúramóirí Leanaí & Tuismitheoirí –
Gearrchúrsa 8 seachtaine dírithe ar dhaoine go dteastaíonn uathu bheith ag plé le cúram leanaí. Cumasú ar stór focal agus nathanna cainte de réir teamaí a bheidh sa chúrsa. Bunleibhéal áirithe Gaelainne ag teastáilt. Oiriúnach d’aon saghas duine – cúramóirí leanaí nó tuismitheoirí a dteastaíonn uathu cur lena leibhéal Gaelainne labhartha. Deis oiliúna is ea í d’éinne gur mhaith leo bheith ag obair le naíonraí / naíolanna Gaeltachta sa todhchaí.

A short 8 week course directed at people who work with children, or who want to. Improve your vocab and phrases in Irish broken into themes. A certain foundational level of Irish is required. Suitable for all – especially childcare professionals or parents who want to improve their level of spoken Irish. This is a good training opportunity for those who would like to work with childcare services in the Gaeltacht in the future.

 

Na scéimeanna ar fad thuas saor in aisce ach clárú le Tobar Dhuibhne (pleanteanga@cfcd.ie nó 066 9156 100) roimh ré. Má tá aon eolas eile ag teastáil ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn!