Stuif na Nollag

#CeannaighsaGhaeltacht

Agus an Nollaig buailte linn, tá feachtas nua Stuif na Nollag seolta ag Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta chun daoine a mhealladh chun earraí agus seirbhísí a cheannach ón nGaeltacht agus iad i mbun a gcuid siopadóireachta.

An bhfuil Stuif na Nollag ar díol agat? Earraí ceardaíochta, seirbhísí, dearbháin, táirgí bia nó dí nó aon ní a bhaineann leis an Nollaig?

Mar chuid don bhfeachtas, táimid ag lorg físeáin uaibhse!

Táimid ag lorg físeán gairid 30 soicind, a dheineann cur síos ar na hearraí/seirbhísí atá ar díol ó do ghnó, chomh maith le do chuid sonraí teagmhála, ionas gur feidir le daoine teagmháil a dhéanamh libh.Is féidir na físeáin a sheoladh chuig pleanteanga@cfcd.ie nó ar whats app chuig 087 377 9337.

Roinnfear na físeáin ar na meáin i mí na Nollag le #ceannaighsaghaeltacht.

Breis eolais: pleanteanga@cfcd.ie / 087 377 9337

Treoir maidir le taifead an fhíseáin

  1. Déan taifead ar fhíseán 30 soicind a dheineann cur síos ar na hearraí/seirbhísí atá ar fáil i do ghnó.
  2. Bí cinnte sonraí teagmhála an ghnó a luadh, – suíomh idirlín/uimhir teagmhala.
  3. Taifead d’fhíseán i bhfoirm portráide. Oibríonn an fhoirm seo níos fearr nuair atáthar ag taifead físeáin d’ardáin ar nós Facebook, Instagram nó TikTok
  4.  Ná husáid an splanc (flash) más féidir. Déanann an fón an pictiúr níos gile/níos dorcha de réir mar a theastaíonn sé seachas nuair atá an áit fíorgheal (ag féachaint díreach ar an ngrian) nó fíordhorcha (san oíche).
  5.  Bog an ceamara chomh gar den rud atá tú ag iarraidh taifead a dhéanamh air. Ná zúmáil isteach air mar nach mbeidh an físeán chomh soiléir sin má úsáideann tú an zúm.
  6. Úsáid an haischlib #ceannaighsaghaeltacht agus tú ag cur do chuid earraí/seirbhísí chun cinn ar na meáin.
  7. Bain súp as!

Ceiliúradh Bliana Phlean Teanga Chiarraí Thiar

Ceiliúradh Bliana Thobar Dhuibhne in Óstán na Sceilge ar an 28ú Feabhra 2020.

Is cúis bhróid í do Thobar Dhuibhne go mbeidh ceiliúradh á dhéanamh ar bhliain d’fheidhmniú Phlean Teanga Chiarraí Thiar ag a 19:00 Dé hAoine an 28ú Feabhra 2020.

Mar phobal Chiarraí Thiar, féachfar siar ar an mbóthar atá siúltha againn, féachfar ar an áit a bhfuilimid anois, agus féachfar chun tosaigh ar an mbóthar atá romhainn amach.

Mar chuid den gCeiliúradh, bronnfar Gradam Saoil ar Mhicheál Ó Muircheartaigh, Dún Síon, fear a bhfuil dúthracht na Gaelainne agus na Gaeltachta léirithe go smior aige i rith a shaol.

Roinnfidh Dairena Ní Chinnéide, Paróiste Mórdhach, trí dhán speisialta dúinn, dán a scríobh sí go speisialta mar gheall ar Thobar Dhuibhne – Plean Teanga Chiarraí Thiar ina measc.

Taispeántaisí amhránaíochta, ceoil agus físeán a bheidh sníte isteach san oíche mar aon le craic, comhluadar agus cuileachta ceart … mar is dual dúinn ar fad!

Cabhrófar le tiomsú airgid ar an oíche le hiarrachtaí dífhibrileoir a cheannach don nDaingean, feachtas atá á eagrú ag Vincent Manning, i ndilchuimhne ar mháthair leis, Máire Pháid. Beidh crannchur le cúpla duais ann ag deireadh na hoíche.

Gan dabht, beidh blaiseadh bídh ar an oíche le ceann súird, sócmaisí agus soláistí ar fáil.

Osclófar na doirse ar an oíche ag a 18:45. Is i Svuít na Sceilge in Óstan na Sceilge a bheidh an Ceiliúradh ar siúl.

Fáilte mhór roimis na héinne ar an oíche! All more than welcome on the night!

Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha.
__________________________________________________________________________________

On Friday 28/02/2020, at 19.00, Tobar Dhuibhne will host a Celebration of the West Kerry Language Plan, in the Skellig Hotel, Dingle.

As a community, we will look at the road we have travelled, where we are now and the road before us. As part of the Celebration, Micheál Ó Muircheartaigh, will be awarded a Lifetime Achievement award, Dairena Ní Chinnéide, will share three special poems, including a new poem written especially for Tobar Dhuibhne- Plean Teanga Chiarraí Thiar.

There will be entertainment throughout the evening, as well refreshments and a raffle in aid of the fundraising efforts for a Defribrillator organised by Vincent Manning.

We hope to see you on the night. Fáile mhór roimis na héinne ar an oíche.

Dátaí don Dialann-2

Dátaí don ndialann & nuacht
Dates for your diary & news

 

 

 

Go raibh maith agaibh! Craic ag an bhFéile BídhBhí ana chraic ag Tobar Dhuibhne ag an bhFéile Bídh ag caint libh, míle buíochas as labhairt linn ar an lá! Más mian leat abhrú le cur i bhfeidhm an Phlean nó má tá aon smaoineamh fé leith agat, fáilte romhat teacht i dteagmháil linn!

 

 

 

 

                               Imeachtaí agus Ócáidí/ Events

                                            Imeacht sóisialta na míosa:

                                            Céilí Mór(Breis eolais thíos)

               Scéim Spóirt Fógartha! // Sports’ Scheme Announced

 

Scéim Meantóireachta Spóirt chun tacú le do Chumann tuilleadh Gaelainne a úsáid!
Sports’ Mentoring Scheme to support your Club to use more Irish!
Uair Eolais / Info Hour – Halla Spóirt na Pobalscoile, 26ú Nov. / Samhain – 19:00 – 20:00. Bígí linn!
Clárú don Spórt anseo / Register for Sport here

 

 

 

 

Seit na Samhna / Set Dancing! 

Beidh ceardlanna Rince Seite le Christy Mac Gearailt i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh an mhí seo.
Bí linn ar an 19ú Samhain agus an 28ú Samhain agus cuir ort do bhróga rince!
Set dancing as Gaelainn – all welcome! 

 

 

 

 

 

Imeachtaí Teaghlaigh! / Family Events

Idir Grúpaí Súgartha, Scléip an tSathairn, Cuairteoirí Baile agus áiseanna a chur ar fáil, tacaíonn Tús Maith le tuismitheoirí agus leanaí á dtógaint acu le Gaelainn!
Tús Maith support parents who are raising their children through Irish – it’s never too late to start using Irish with your family!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Imeachtaí na Nollag!  / Christmas Events

Tá Santaí ag teacht go Corca Dhuibhne ar an 6ú Nollaig!
Ceolchoirm na Nollag le ranganna ceoil Chaitríona Uí Mhurchú – 13ú Nollaig ag a 17:00 ar an mBuailtín

Blaiseadh d’imeachtaí na míosa seo caite:

 

 

 

Pictiúirí breise ar leathanach Facebook Twitter agus Instagram Thobar Dhuibhne!

Tráth na gCeist – ‘Muna mbuathfam, suathfam’


 
Oíche Shamhna le Tús Maith

Rince Seite!

COMHGHAIRDEACHAS — Buaiteoirí an Oireachtais! 

 

 

 

COMHGHAIRDEACHAS leis na héinne a ghlac pairt i gcomórtaisí an Oireachtais in CityWest i mbliana. Táimidne ana bhródúil ar fad as na héinne a chuaigh ar stáitse agus míle comhghairdeachas leo siúd a bhuaigh duais!
Beidh cuid acu siúd thuas le feiscint ag Ceiliúradh an Oireachtais – Dé Céadaoin 13ú Samhain, 18:00, in Áras Bhréanainn. Fáilte roimh chách.

 

 

 

COMHGHAIRDEACHAS le Máirín Uí Shé a d’eisigh Órchiste Nollag le déanaí.
COMHGHAIRDEACHAS le hEibhlín Uí Iarlaithe a sheol Orla Uan sa Chathair.

Plean Teanga Chiarraí Thiar – tá ról againn ar fad! 

Má tá aon ócáid nó imeacht as Gaelainn ar siúl gur mhaith leat a chur chun cinn, is féidir le Tobar Dhuibhne é a scaipeadh ar Facebook, Twitter, Instagram nó an nuachtlitir seo!

Imeachtaí seachtainiúla eile as Gaelainn:

  • Yoga – gach Máirt – Áras Bhréanainn – Baile an Fheirtéaraigh – 19:00 – €10.
  • Maidin Chaife – gach Céadaoin – Siopa an Phobail – An Clochán – 10:30.
  • Allagar na hAoine – gach Aoine – An Díseart, An Daingean – 11:30.
  • Máistrí Beaga: Ranganna Ealaíne do leanaí 6-12  – gach Máirt – An Máimín – €12 – Elouise 0868781211.
  • Tinteán Ceoil – gach Luan – Halla le Chéile, An Clochán – 19:30

  Imeachtaí agus ócáidí aonuaire eile: 

  • Scléip an tSathairn: Ceardlann Chócaireachta – 16ú Samhain  – An Clochán – 11:00.
  • Cruinniú Eolais Áiseanna na hÓige – 20ú Samhain – Áiseanna na hÓige, An Daingean – 10:30 – 13:00.
  • Aon Scéal? Filíocht agus Prós – 20ú Samhain – Tigh Uí Chatháin, Baile an Fheirtéaraigh – 21:00.
  • Leacht Staire: Bríd Ní Mhórain “Na Mná Feasa agus an Leigheas Traidisiúnta i gCorca Dhuibhne agus in Éirinn” – Déardaoin, 21ú Samhain – Áras Bhréanainn -19:00.
  • Féile Litríochta an Daingin – Féile nua le roinnt imeachtaí Gaelainne ann – 22ú, 23ú agus 24ú Samhain – breis eolais: Féile Lit
  • Díolachán Cístí – 24ú Samhain – Teach Siamsa na Carraige – 12:00.
  • Cluiche Cartaí – 24ú Samhain – Tigh Uí Chuinn, Ceann Trá – 18:00.
  • Aonach na Nollag – 1ú Nollaig – Halla le Chéile, An Clochán – 14:00.
  • Suirbhé Socheacnamaíochta Chorca Dhuibhne  – breis eolais Mairt Uí Léime – 0861581218.

Imeachtaí atá ar na bioráin;

** Tús le Scéim Spóirt ** Dráma do leanaí  ** Céilí Mór na Rince Seite ** Dáidí na Nollag ** Ceiliúradh Bliana ar an bPlean Teanga ** Club Filíochta **

Bímid i gcónaí sa tóir ar Áisitheoirí chun ranganna / ceardlanna / séisiúin a dhéanamh timpeall Chorca Dhuibhne – fáilte roimh na haon rud, bíodh sé beag nó mór! Ciorcal Comhrá a chur le chéile, nó fiú Féile Cheoil a eagrú! Bígí i dteagmháil más suim leat é.

Bígí linn ar FacebookTwitter agus Instagram leis – nascanna thíos.

                       “Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha”

 

 

 

 

 

 

 

Dátaí don nDialann! 1

Seoladh Phlean Teanga Chiarraí Thiar!

  • Cad é? Seoladh Oifigiúil Phlean Teanga Chiarraí Thiar le Tobar Dhuibhne
  • Cathain? 5ú Deireadh Fómhair ag a 2 i.n le linn Fhéile Bhídh an Daingin, ar stáitse Shráid ana Trá.
  • Canathaobh? Tá sárthábhacht leis an nGaelainn i gCiarraí Thiar – is plean é seo atá scríofa ag an bpobal, leis an bpobal agus don bpobal. Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha
  • Cad é? Launch of the West Kerry Language Plan with Tobar Dhuibhne.
  • Cathain? 5th October at 2pm during the Dingle Food Fest on the Strand Street Stage. 
  • Canathaobh? Gaelainn in West Kerry is vitally important – this action plan is written by the community, with the community and for the community. 

Imeachtaí agus scéimeanna eile

Léachtaí Staire

Léachtaí Staire ar Chorca Dhuibhne 2019 – 2020 á eagrú ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. An chéad léacht Déardaoin 26ú Meán Fómhair ag a 7 in in Áras Bhréanainn agus oíche shóisialta i dTigh Uí Chatháin ar an mBuailtín ina dhiaidh.

Imeachtaí don Teaghlagh

Grúpaí Súgartha eagraithe ag Tús Maith ar siúl i Lios Póil, i mBaile an Fheirtéaraigh, sa Daingean, i gCeann Trá, sa Chlochán agus ar an bhFeothanaigh.

 

Imeachtaí seachtainiúla eile as Gaelainn:

  • Yoga – gach Máirt – Áras Bhréanainn – Baile an Fheirtéaraigh – 19:00 – €10.
  • Maidin chaife – gach Céadaoin – Siopa an Phobail – an Clochán – 10:30.
  • Allagar na hAoine – gach Aoine – ionad difriúil – 11:30.

Imeachtaí agus ócáidí eile: 

  • Máistrí Beaga: Ranganna Ealaíne do leanaí 6-12 – ag tosnú 8ú Deireadh Fómhair – An Máimín – €12 – Elouise 0868781211.
  • Tráth na gCeist – 15ú Deireadh Fómhair – Tigh Bhric – 19:30.
  • Stáitse na nÓg – 22ú, 23ú, 24ú Deireadh Fómhair – Áras Bhréanainn.

Imeachtaí atá ar na bioráin:

** Spórt ** Drámaíocht ** Rince ** Scléip na Samhna – Oíche Shamhna **

 Imeachtaí eile as Gaelainn agat? Abair linn agus cuirfimid leis an nuachtlitir é!
Bímid i gcónaí sa tóir ar áisitheoirí chun ranganna / ceardlanna a dhéanamh timpeall Chorca Dhuibhne – bígí i dteagmháil más suim leat é!