GaelScannán!

Tá ana áthas orainn comórtas GaelScannán a fhógairt!

Cad é tabhacht na Gaelainne do Chorca Dhuibhne?

Táimid ag lorg bhur dtuarimí ina leith!

Sonraí: Seol físeán noimint ar fhad chugainn ag léiriú ‘Tabhacht na Gaelainne do Chorca Dhuibhne’.

Duais: €500

Spriocdháta: 13/11/2020

 

 

Téarmaí & Coinníollacha: 

  • Tá an comórtas seo oscailte do phobal LPT Chiarraí Thiar amháin
  • Glacfar le scannán ó dhaoine lasmuigh don LPT ach ní bheidh siad san iomaíocht don nduais €500
  • Tugann tú cead do Thobar Dhuibhne do fhíseán a úsáid mar ábhar bolscaireachta ar shuíomh idirlín www.tobardhuibhne.ie, agus ar leathanaigh meáin shóisialta Thobar Dhuibne.
  • Ní mór go mbeadh ainm, uimhir theileafóin, agus seoladh ríomhphost le d’iarratas chomh maith le teidil. Tá cead tuismitheora nó caomhnóra riachtanach má tá tú faoi 18 bliana d’aois.
  • Níl cead ach físeáin a thóg tú féin a úsáid le cur isteach ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le físeáin ó fhoinsí eile. (msh. suímh idirlín nó eile)
  • Roghnófar na buaiteoirí go randamach.

 

Comórtas Grianghrafadóireachta

N’fheadar an bhfuil aon áit níos deise ann ná Corca Dhuibhne?

 

Táimid ag lorg grianghraif a thógais féin don gceantair, agus úsáidfear na grianghraif sin ar na meáin shóisialta agus ar suíomh idirlín www.tobardhuibhne.ie

 

 

 

Beidh trí dearbháin le buachaint. Seol do ghrianghraf chuig pleanteanga@cfcd.ie roimh 17.00 ar an 01/05/2020.

 

 

Téarmaí & Coinníollacha: 

  • Tá an comórtas seo oscailte do phobal LPT Chiarraí Thiar amháin
  • Ní ghlacfar ach le grianghraif de cheantar LPT Chiarrai Thiar amháin
  • Tugann tú cead do Thobar Dhuibhne do ghrianghraf a úsáid mar ábhar bolscaireachta ar shuíomh idirlín www.tobardhuibhne.ie, agus ar leathanaigh meáin shóisialta Thobar Dhuibne.
  • Ní mór go mbeadh ainm, uimhir theileafóin, agus seoladh ríomhphost le d’iarratas chomh maith le teidil agus an ceantar inar tógadh é. Tá cead tuismitheora nó caomhnóra riachtanach má tá tú faoi 18 bliana d’aois.
  • Níl cead ach grianghraf a thóg tú féin a úsáid le cur isteach ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le grianghraif atá tógtha ó fhoinsí eile. (msh. suímh idirlín nó eile)
  • Roghnófar na buaiteoirí go randamach agus bronnfar dearbháin ó siopaí áitiúla i gCiarraí Thiar ortha.

 

Comórtas TicTok

Táimid sa tóir ar Tictok Gaelainne!

Agus sinn ar fad aige baile anois tá comórtas TicTok again chun na héinne a choiméad gnóthach.

Beidh dearbháin ós na siopaí áitiúla i gCiarraí Thiar le buachaint!

 

Seol bhur gcuid iarrachtaí chugainn ar Instagram @tobardhuibhne, nó chuig pleanteanga@cfcd.ie roimh 17.00 ar an 02/04/2020.

Téarmaí & Coinníollacha

  1. Tá an comórtas seo oscailte do phobal LPT Chiarraí Thiar amháin
  2. Tugann tú cead do Thobar Dhuibhne do TicTok a úsáid mar ábhar bolscaireachta ar shuíomh idirlín www.tobardhuibhne.ie, agus ar leathanaigh meáin shóisialta Thobar Dhuibne.
  3. Ní mór go mbeadh ainm, uimhir theileafóin, agus seoladh ríomhphost le d’iarratas. Tá cead tuismitheora nó caomhnóra riachtanach má tá tú faoi 18 bliana d’aois.
  4. Níl cead ach TicTok a dheineas féin a úsáid le cur isteach ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le Tictok atá tógtha ó fhoinsí eile. (msh. suímh idirlín nó eile)
  5. Roghnófar na buaiteoirí go randamach agus bronnfar dearbháin ó siopaí áitiúla i gCiarraí Thiar ortha.

 

Tuilleadh eolais: 066 9156100