Ábhair phlé

Le Caoinchead: Scrogall TV

Céim na Míosa

Dein do mhachnamh ar cad is féidir leatsa a dhéanamh chun úsáid agus labhairt na teanga a chur chun cinn. Seo liosta desna nithe praiticiúla a d’fhéadfaí a dhéanamh. Roghnaigh Céim na Míosa agat féin ón liosta seo, de réir mar a oireann:

Ag foghlaim na Gaeilge i gCorca Dhuibhne

Cúrsaí agus Ranganna Gaelainne, Cúrsaí T.E.G., Ciorcal Comhrá, Ranganna do Thuismitheoirí, Maidineacha Caife

Scéimeanna Teanga

Tá Scéimeanna Teanga ceannródaíocha á gceapadh agus á riaradh ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ó ceadbhunaíodh an t-eagras cultúir is teanga. An aidhm ag na scéimeanna seo go léir ná cur chun cinn na Gaeilge sa phobal agus buanú na Gaeilge mar theanga teaghlaigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá imeachtaí uile na hOidhreachta teangabhunaithe is cuireann Scéimeanna Teanga tacaíocht bhreise is seirbhísí as Gaeilge ar fáil do thuismitheoirí, do theaghlaigh, do lucht oideachais agus do phobal Gaeilge Chorca Dhuibhne. Cuid lárnach den bPleanáil Teanga do Chorca Dhuibhne iad chomh maith.

Scéim na gCúntóirí Teanga

Siar sa bhliain 1992 is ea a cuireadh tús le Scéim an Chuntóra Teanga. Ba í Frances Uí Chinnéide, an chéad Chuntóir a chuaigh i mbun oibre i Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin. Ba é an tIonad Oideachais sa Daingean faoi stiúir Thomáis Uí Cheilléachair a riar an scéim ag an am …

Breis Eolais

Tús maith

Cad is Tús Maith ann?

Scéim tacaíochta do theaghlaigh gur mian leo a gclanna a thógaint le Gaeilge is ea Tús Maith. Scéim í a thionscnaigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, i mí Eanáir 2005 chun comhairle, tacaíocht agus áiseanna a chur ar fáil do thuismitheoirí leanaí réamhscoile. Ta Stiúrthóir agus ceathrar Cuairteoirí Baile fostaithe ag Tús Maith. Tuismitheoirí iad a thóg a gclanna féin le Gaeilge agus a dhein cúrsa oiliúna sa bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

copy-tusmaith-logo-trans

An tIonad Tacaíochta Teaglaigh

Osclaíodh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh go hoifigiúil ar an 26 Meitheamh 2015 mar chuid den Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Tá Naíonra, Naíolann agus Ionad d’Aosaigh san Ionad úrnua a raibh pobal Chorca Dhuibhne Thiar ag súil leis le tamall de bhlianta.

Breis Eolais

2015-08-19_11-42-15

Pleanáil Teanga

Tá an tOllamh Muiris Ó Laoire i mbun Plean Teanga do Limistéir Pleanála Teanga Chiarraí Thiar faoi láthair. Tá Muiris ag obair le pobal Lios Póil agus Clochán Bhréanainn agus ag nascadh  isteach obair a bhí déanta ag Aoife Ní Shéaghdha, Taighdeoir/Pleanálaí Teanga maidir le Plean Teanga don gceantar laistiar de Dhaingean roimhse seo. Táthar ag súil go mbeidh deis ag Muiris leis tabhairt faoi obair ar phlean do bhaile an Daingin, baile atá ainmnithe mar Bhaile Seirbhíse faoi Acht na Gaeltachta 12. Is in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí a oibríonn Muiris agus saineolas aige i réimse na pleanála teanga.

Teangacha Mionlaigh

Moltaí don bPlean Teanga - Feedback and Suggestions for Language Plan

9 + 7 =

Dearcadh an phobail i leith na Gaeilge i nGaeltacht Chiarraí Thiar

A Short Survey on Attitudes to the Irish in the West Kerry Gaeltacht

Leagan Gaelainne:

Bheimis an-bhuíoch díot dá líonfá an ceistneoir beag seo dúinn. Tá an t-eolas uainn mar chuid d’ullmhúchán an phlean teanga

(English version below)

English Version:

We would be very grateful if you could fill in this brief questionnaire for us to inform the preparation of our language plan.

Míle Buíochas !