An tIonad Tacaíochta Teaglaigh

Osclaíodh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh go hoifigiúil ar an 26 Meitheamh 2015 mar chuid den Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Tá Naíonra, Naíolann agus Ionad d’Aosaigh san Ionad úrnua a raibh pobal Chorca Dhuibhne Thiar ag súil leis le tamall de bhlianta.

Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta

Coiste áitiúil gníomhach a bunaíodh sa bhliain 2008 a dhein an tIonad Tacaíochta Teaglaigh a bhrú ar aghaidh agus tá toradh a gcuid oibre le feiscint san ionad úrnua a bhfuil  áiseanna den scoth ann d’ idir óg is aosta Chorca Dhuibhne.  Ar na seirbhisí atá ar fáil ann tá Naíonra Bhaile an Fheirtéaraigh atá á reáchtáil ag Comhar na Naíonraí Gaeltachta, naíolann a dhéanfaidh cúram leanaí réamhscoile agus leanaí eile tar éis scoile, agus cistin agus seomra caidrimh a mbeidh ócáidí rialta ann d’Aosaigh cheantar Bhaile an Fheirtéaraigh chomh maith le himeachtaí a thugann tacaíocht dosna tuismitheoirí i gCorca Dhuibhne atá ag tógaint a leanaí le Gaeilge.  Baintear úsáid as áiseanna an Ionaid d’imeachtaí Tús Maith, seirbhís tacaíochta do thuismitheoirí. (www.tusmaith.ie).

Bhronn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta deontas ar an Ionad sa bhliain 2014 chun go gceannófaí trealamh nua-aimseartha don Naíonra is don Naíolann agus sa bhliain 2015 ceadaíodh bus le go ndéanfaí freastal ar an bpobal áitiúil a bhaineann leas as an Ionad.

Teagmháil:

Orlaith Ruiséal; +353 0 66 915 6100