Cad is Tús Maith ann?
Scéim tacaíochta do theaghlaigh gur mian leo a gclanna a thógaint le Gaeilge is ea Tús Maith. Scéim í a thionscnaigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, i mí Eanáir 2005 chun comhairle, tacaíocht agus áiseanna a chur ar fáil do thuismitheoirí leanaí réamhscoile. Tá Stiúrthóir agus ceathrar Cuairteoirí Baile fostaithe ag Tús Maith. Tuismitheoirí iad a thóg a gclanna féin le Gaeilge agus a dhein cúrsa oiliúna sa bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. ‘Siad siúd:

Orlaith Ruiséal
Áine Ní Bhric
Máire de Baróid
Áine Mhic Gearailt
Máire Uí Dhuinnín (Ciarraí Theas)
Deintear Cuairteanna Baile do theaghlaigh a thairiscint do thuismitheoirí ina dtithe féin. Tugtar pacáiste nó Bounty Pack don gclann. Pléitear na mianta atá acu agus deintear measúnú ar an gcur chuige is fearr dóibh. Cuirtear ar an eolas iad maidir leis na háiseanna is déanaí atá ar fáil as Gaeilge. Tá leabharlann dosna háiseanna seo ar fáil ag Tús Maith agus is féidir le daoine ábhar a thógaint ar iasacht.
Reáchtáltar Clubanna Súgartha, Scléip an tSathairn agus Grúpaí Tacaíochta Teaghlaigh i mBaile an Fheirtéaraigh, sa Daingean, sa Chlochán, i Lios Póil agus i gCiarraí Theas. Tá na grúpaí seo oiriúnach do leanaí ó 0-4 bl. d’aois. Deintear rannta, súgradh, scéalaíocht agus réimse imeachtaí taitneamhacha eile leo agus cuirtear eolas ar fáil maidir leis na háiseanna ceoil, closamhairc, cluichí agus araile atá ar fáil as Gaeilge. Cuirtear síoroiliúint ar na Cuairteoirí Baile ag seimineáir oiliúna rialta.
Sicín Mise go Sona Sásta
Amhráín agus Rannta don Aos Óg atá anso agus iad á rá ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus Páidí Mhárthain Mac Gearailt. Seo cuid desna hamhráin a roinneann Cuairteoirí Baile Tús Maith leis an aos óg agus iad i mbun Cuairteanna Baile, Grupaí Súgartha agus ócáidí scléip an tSathairn in larthar Dhuibhneach, sa Chlochán agus i gCiarraí Theas.

Micilín Muc
Orla Uan Scéal & CD
Uainín beag gleoite atá ábalta labhairt is ea Orla Uan. Éist léithe, bí leithe agus í ag imirtagus ag labhairt Gaelainne ar Chruach Mhárthain.

Orla Uan
Má iompaíonn leanaí/déagóirí ar Bhéarla…deich bpíosa comhairle
Go minic nuair a bhímid ag labhairt lenár gcuid leanaí as Gaeilge, freagraíonn siad as Béarla. Tá a leithéid coitianta go leor, ní amháin anseo ach i dtíortha eile má bhíonn an teanga timpeallaithe ag mórtheanga dhomhanda mar Bhéarla.
Cad is ceart a dhéanamh má tharlaíonn a leithéid?
Tuilleadh eolais:
TÚS MAITH / Scéim na gCuairteoirí Baile
Stiúrthóir: Orlaith Ruiséal
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Baile an Fhéirtéaraigh
Teagmháil: 066 9156100;
orlaith@cfcd.ie;
www.tusmaithocd.ie; www.oidhreacht.ie