Céim na Míosa

Ní deintear tigh gan teanga!
Tóg do chéad chéim inniu.
Dein gníomh ar son na teanga!

Seo leat!

Coimeád í ,cothaigh í. Má tá Gaeilge agat, bain úsáid aisti.

Téir chuig Ciorcal comhrá nó chuig rang Gaeilge. www.oidhreacht.ie

Éiste leis an Saol Ó Dheas, Luan go hAoine, 12.00-1.00, ar Raidió na Gaeltachta

Éist le podchraoladh ón Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta.

Roghnaigh clár ar TG4 in aghaidh na seachtaine.

Bain úsáid as d’ainm, do shloinne agus do sheoladh i nGaeilge amháin.

Má fhaigheann tú pas nua, cuir Gaeilge ar do shonraí pearsanta – ainm, sloinne, seoladh.

Cláraigh le hUisce Éireann, BSL, Bord Gáis, an Oifig Mhótarchánach as Gaeilge.

Cláraigh le haghaidh Cárta Vótála as Gaeilge.

Seol do leanaí chun an Naíonra áitiúil.

Tóg do leanaí le Gaeilge.

Lig dod leanaí a bheith ag éisteacht le Gaeilge chomh luath agus is féidir.

Úsáid seicleabhar Gaeilge

Ceannaigh leabhair Ghaeilge.

Coimeád Dialann as Gaeilge.

Tabhair tacaíocht do sheirbhísí a chuirtear ar fáil as Gaeilge – Dochtúir, Fiaclóir, Dlíodóir, Cuntasóir, Oifigí Stáit.

Bain amach na gnólachtaí áitiúla a dheineann a gcuid gnó as Gaeilge. Dein do ghnó as Gaeilge leo.

Bíodh do sheoladh ríomhphoist as Gaeilge.

Bí ag léamh as Gaeilge.

Léigh ábhar ar an idirlíon as Gaeilge, www.tuairisc.ie agus araile.

Lorg leabhair Ghaeilge dod leanaí i Leabharlann an Daingin.

Labhair Gaeilge le foireann na Leabharlainne.

Dein ócáidí Gaeilge a eagrú led chairde.

Freastail ar ócáidí as Gaeilge.

Postáil ar Facebook, Twitter agus araile as Gaeilge.

Bain amach Club Leabhar, Club Spraoi, Club Spóirt a reáchtáltar as Gaeilge.

Cuir cártaí buíochais agus araile as Gaeilge.

Bain úsáid as www.tearma.ie agus www.focloir.ie.

Freastail ar Rang Gaeilge le hOidhreacht Chorca Dhuibhne.

Lorg Biachlár as Gaeilge sna bialanna.

Tabhair cuairt ar Mhúsaem Chorca Dhuibhne

Lorg Cuairt Baile ó Tús Maith ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne www.tusmaithocd.ie