Teangacha mionlaigh:
An scéal faoi láthair agus na dúshláin atá rompu
Ar chuala tú riamh faoi mhionteangacha an domhain? An bhfuil a fhios agat go bhfuil a lán beotheangacha ar fud na cruinne i mbaol a mbáis? Áirítear faoi láthair go bhfuil thart ar 6,500 teanga ar fad á labhairt timpeall an domhain. Tá sé geall le bheith dochreidte go labhraítear níos mó ná 50% de na teangacha sin laistigh de theorainneacha ocht dtír ar fad; An Astráil, Meicsiceo, India, an Bhrasaíl agus Camarún san áireamh! Tá a fhios agam go n-éireofá bailithe de bheith ag cloisteáil faoi staitisticí, ach an chéad uair a chuala mé an fhíric sin, is cuimhin liom go maith gur baineadh siar asam! Shamhlófa an Astráil, cuir i gcás, le Béarla amháin agus an Bhrasaíl arís le Portaingéilis amháin; ach cad faoi na céadta teangacha eile a labhraítear sna tíortha sin? Is mionteangacha nó teangacha réigiúnacha iad na teangacha seo!
Ciallaíonn mionteanga nó teanga réigiúnach teanga atá á labhairt mar bheotheanga laethúil chumarsáide i measc pobal áirithe; ach níos minicí ná eile- níl puinn aitheantais nó stádais aici. Go minic, ní bhíonn cead ag lucht a labhartha í a úsáid lasmuigh den teaghlach chun gnó a dhéanamh le heagrais stáit agus tráchtála. San Eoraip féin, áirítear go bhfuil thart ar 60 teanga mar sin ann. Shamhlófá b’fhéidir, nach bhfuil ach dornán daoine nó grúpaí mionlaigh a labhraíonn na teangacha sin-ach ní amhlaidh atá. Tá níos mó ná cúig mhilliún duine sa Spáinn, in Andóra, sna hOileáin Bhailéaracha agus sa tSairdín, cuir i gcás a labhraíonn Catalóinis, ceann de mhionteangacha na hEorpa! Tá na Catalóinigh ag déanamh a seacht ndíchill stádas agus cearta teanga a bhaint amach dóibh féin Ach, é sin ráite, tá go leor de na teangacha eile sin san Eoraip agus ar fud na cruinne i mbaol a mbasctha agus iad á n-alpadh siar ag mórtheangacha tréana, domhanda ar nós an Bhéarla! Tá siad amhlaidh mar ní labhraíonn an ghlúin óg iad agus ní bhacann páistí agus déagóirí leo. Bheadh na teangacha sin á labhairt go nádúrtha ag a dtuismitheoirí sa tigh, ceart go leor, ach ní leanann a bpáistí leo agus ní thugann siad leo iad!
I gcás na Gaeilge, ní mionteanga í i ndáiríre! Tá an t-ádh linn ar shlí gur teanga oifigiúil de chuid an stáit seo í agus go bhfuil an stádas agus an t-aitheantas dleathach san aici sa tír seo agus i bParlaimint na hEorpa. Ní hionann sin is a rá áfach go mbeidh an teanga slán sábháilte sna blianta atá romhainn! A mhalairt ar fad is amhlaidh! Tá a fhios againn ar fad nach mairfidh sí beo go dtí an céad seo chugainn gan beochainteoirí laethúla. Ní tharlóidh sé sin go dtí labhróimid sa bhaile, sa tigh lenár leanaí í. Caithfimid an teanga a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile- ach ní dhéanfar san go dtí go mbeidh sí mar ghnáth-theanga laethúil chumarsáide ag ár leanaí. Mar sin, níl aon rogha eile againn ach an Ghaeilge a thabhairt d’ár leanaí le go mbeadh sí acu ar feadh a saoil. Ná ligimis d’aon mhórtheanga í a alpadh siar mar a dhéanfadh “creachadóir”- téarma a bhaist an teangeolaí Meiriceánach, Nancy Horberger ar an mBéarla! Focail ghaífeacha, b’fhéidir, ach tá lón machnaimh ann dúinn, mar sin féin.
An Dr. Muiris Ó Laoire, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, Co. Chiarraí