10ú Bealtaine 2016


Nead an Phobail i mBaile an Fheirtéaraigh

Gabhann coiste Ionad Tacaíochta
Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh
buíochas leis na daoine a chabhraigh leo
málaí a phacáil in Ollmhargadh Uí
Ghairbhí le déanaí. Bailíodh €800 ann,
airgead a raghaidh i dtreo costaisí reatha
an ionaid. Míle buíochas! Bhí ana-lá
againn ag ócáid na nAosach le Mossie Ó
Scannláin ar an nDéardaoin, an 5ú
Bealtaine. Béidh an chéad lón eile dos na
hAosaigh á reáchtáil i Nead an Phobail ar
an nDéardaoin, an 19ú Bealtaine.


Súil ar aghaidh: Cúrsaí do Dhaoine
Fásta ag Oidhreacht Chora Dhuibhne
do 2016

Cúrsa Gaeilge do Ghlantosnaitheoirí /
Beginners Irish Language Course Final
date of application, with deposit (€100)
27th May 2016
An intensive Irish Language Course for
Complete Beginners will be held in
Ballyferriter from 11th– 16th July 2016.
This course is an introduction to the Irish
language for those who have never studied
the language before. The emphasis is on
giving participants basic communication
skills. This course is not suitable for those
who have studied Irish in Primary and/or
Post-Primary school in Ireland. (Course
equivalent to TEG Level A1 / European
Certificate in Irish Level A1). Further
information at www.oidhreacht.ie /
eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook .

Ná dearmad dhá chúrsa eile a bheidh á
reachtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
amach anseo:

(i) Gaeilge, Ealaín & Filíocht 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh: Costas €135
(ii) Gaeilge, Sláinte Coirp is Anama .i. Yoga as Gaeilge, 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh 2016: Costas €135 (Rogha lá amháin, dhá lá nó trí lá a dhéanamh ag €10 an seisiún), de réir mar a oireann)
(Níl na cúrsaí seo oiriúnach do Ghlantosnaitheoirí sa Ghaeilge/These courses are not suitable for Beginners. See www.oidhreacht.ie for an Irish Language Course for Beginners or see above). Tuilleadh Eolais ar na cúrsaí seo ar fad agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag:   www.oidhreacht.ie /
eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook .

 


Maidean Chaife

Cíoradh focal agus cupa caife in éineacht! Bígí
linn sa Díseart maidean Dé hAoine as seo go
dtí Lár Mhí an Mheithimh óna 11.30 – 1.00.
Fáilte roimh chách.


Lóistín i mBaile an Fheirtéaraigh

Má tá seomra/seomraí/tigh saoire le ligean
ar cíos i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh
idir an 7ú-14ú Lúnasa tar i dteagmháil le
Máire nó le Caitríona in oifig Oidhreacht
Chorca Dhuibhne ag 066 91 56100 nó ag
eolas@cfcd.ie ., le do/bhur dtoil.

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd