11ú Deireadh Fómhair 2016

 

Cad is Plean Teanga ann?

Tá cloiste ag gach duine ag an bpointe seo fén bplean teanga don Ghaeilge sa dúiche seo. Eiseofar an plean teanga ag deireadh na bliana seo, mar sin, tá sé tábhachtach tuiscint chruinn bheith againn ar cad is plean teanga ann. Anseo tugtar freagra achomair ar an gceist sin: Cad is plean teanga ann?

Bíonn orainn go léir pleanáil a dhéanamh gach lá,  ó phleanáil do bhéilí, do laetha saoire go pleanáil do oideachas ár gcuid leanaí. Ní mór pleanáil a dhéanamh do theangacha chomh maith céanna. Fiú i gcás na mórtheangacha domhanda ar nós an Bhéarla agus na Spáinnise, bíonn pleanáil leanúnach ar siúl maidir le téarmaí nua a chumadh do réimsí mar theicneolaíocht, ríomhaireacht agus leigheas nuair a chruthaítear rud nua.

I gcás teangacha atá timpeallaithe ag mórtheangacha domhanda agus i gcás teangacha atá faoi bhagairt a mbáis, bíonn gá le síorphleanáil chun úsáid na dteangacha sin a neartú, a leathnú agus a bhuanú.

Sin atá ag tarlú i gcás na Gaeilge anseo. Tá gá le plean a chur le chéile chun go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail agus i dtreo is go mbeidh líon na daoine a úsáideann go laethúil í ag fás de shíor. Sin an chúis gur leag Acht na Gaeltachta 2012 próiseas pleanála teanga amach don Ghaeltacht. Faoin Acht seo, tá na ceantair Ghaeltachta ag cur plean teanga le chéile.

Tá an próiseas seo ar siúl i gCorca Dhuibhne le tamall anuas.  Reachtáladh fócasghrúpaí  le páirithe leasmhara agus sainíodh spriocanna atá le baint amach tríd an bplean.  Beidh tréimhse cuíosach fada chun na spriocanna sin a chur i bhfeidhm agus muna bhfuil ag éirí linn an sprioc a bhaint amach, beidh deis againn an sprioc a athrú nó sprioc eile a chur ina háit. Murab ionann agus pleananna eile a scríobhadh go dtí seo, is é an pobal féin atá ag cur an plean seo le chéile. Níl ann do theanga ná do phlean gan phobal. Déan deimhin de breis eolais a fháil fén bplean agus bíodh ionchur agat ann más suim todhchaí na teanga.

An Dr Muiris Ó Laoire

Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, Trá Lí, Co. Chiarraí.


Stáitsiú ‘Cailleacha a’ Dúna’

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

25 Meán Fómhair 2016

Ó chnuasaigh scéalta Pheig Sayers, Bhab Feirtéar, Nell Ní Mhurchú, agus Nóra Ní Shéaghdha an scéal Cailleach an Dúna.  Cuireadh an scéal inár láthair ar stáitse i rith Cheiliúradh an Bhlascaoid 2016. Bhí an cur i láthair seo á stiúradh ag Marina Ní Dhubháin agus an tAthair Tomás Ó hÍceadha a bhí ina  chomhairleoir aici.  Tá taithí againn ar ardchaighdeán aisteoireachta Aisteoirí Bhréanainn ach bhíodar níos fearr ná riamh an babhta seo, agus tá moladh speisialta ag dul do Bhríd Criomhthain.   Cuireadh go mór leis an gcur i láthair mar gurbh í an ceoltóir aitheanta Máire Bhreathnach a chóirigh an ceol agus gurbh é an sárcheardaí Billí Mag Fhloinn a dhein an dearadh.  Dar leis an gclár bhí “stáitsiú spleodrach”  romhainn amach.  Níor leor an cur síos sin áfach, mar bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist. De ghnáth, agus na soilse á múchadh, bíonn gach súil dírithe ar an stáitse. Sa chás seo, tumadh díreach isteach sa dorchadas sinne, dorchadas agus doircheacht agus gach a bhaineann leo, eagla, piseogacht agus amhras. Sa dorchadas, agus cluas ghéar le héisteacht againn, do chualamar naomhóg ag imeacht, rithim bhuillí  na maidí rámha ag éirí níos laige de réir a chéile.  Leath tost uaigneach an oileáin iargúlta ar fud na hamharclainne agus bhraitheas féin go rabhas tréigthe.  Idir ciunás agus dorchadas, díríodh na céadfaí ar a raibh ag titim amach mórthimpeall orainn, agus ansin, ón saol eile ansin thall, bhris sraith guthanna an tost bagrach.  Ba le Peig Sayers, Bab Feirtéar, Nell Ní Mhurchú agus Nóra Ní Shéaghdha na guthanna agus iad ag insint a leaganacha scéalta dúinn ón uaigh.

Solas luaineach chugainn ansin, agus tháinig na cailleacha ón scéal inár láthair, mascanna orthu, gruaig raifia síos go talamh orthu, agus iad ag luascadh a gcolann anonn is anall.

Fágadh sceimhlithe sin do réir mar a bhí an scéal á nochtadh aiges na mná, ach, mar a dúirt Bab Feirtéar, “brostaíonn airc intleacht”.  Agus is ann a bhí bun agus barr an léiriú nua-aimseartha seo.  Tharraing an cur i láthair seo isteach i nguairneán mothúchán sinne, trí úsáid an-éifeachtach abhaint as trealamh nua-aimseartha, fuaimeanna, soilsiú iontach agus taifid na scéalaithe. Coiméadadh ar bís sinn le dord agus le rithim agus gluaiseachtaí na gcailleacha.   Bealach núalaíoch a bhí sa léiriú seo chun an seanscéal béaloidis a  bhfuil cur amach ag daoine air ar fud na  tíre seo, chomh maith leis an teachtaireacht atá ann maidir le conas dul i ngleic lena gcuireann sceimhle orainn, a chur os comhair lucht féachana an lae inniu. D’éirigh leis an stiúradh sinn a shá fé chraiceann an scéil go putóga, don chuid fho-chomhfhiosach den intinn, láthair inar féidir linn bualadh lenár sinsir.

Cáit Uí Righin

 


Folúntas do Chúntóir Teanga do Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin.

Riachtanais:

Gaelainn Líofa/Taithí/Cáilíocht FETAC.

Seol CV reatha faoin Aoine, 21 Deireadh Fómhair 2016 go dtí:

Post:  Cúntóir Teanga, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Breis Eolais:  eolas@cfcd.ie 066 91 56100 

Tá an post seo á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.


 

Gearrchúrsa i Litríocht Chorca Dhuibhne

 

B’fhéidir gur duine tusa go bhfuil an Ghaelainn ar do thoil agat, ach nach raibh aon deis agat go dtí seo puinn léitheoireachta nó staidéir a dhéanamh ar shaibhreas litríochta na dúthaí seo. Seo é do sheans anois!

Cuirfear tús le Gearrchúrsa ar Litríocht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh ar an Aoine an 14ú Deireadh Fómhair chun blaiseadh a thabhairt don bpobal ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht na háite seo.

Sé cinn de léachtaí a bheidh i gceist tráthnóntaí Dé hAoine mar a mbeidh léargas le fáil ar luathfhilí Chorca Dhuibhne, ar fhilí comhaimseartha, ar an mbéaloideas agus ar scríbneoirí próis an cheantair agus mar sin de.  Beidh léachtóirí aitheanta i mbun na gcainteanna ar nós an Dr. Tadhg Ó Dúshláine, an Dr. Tomás Ó Murchú, agus an Dr. Ríonach Uí Ógáin.  

Cuirfear tús leis an gcéad léacht ar an 14ú Deireadh Fómhair idir 7.00-9.30 p.m. agus is féidir clárú don gcúrsa an oíche sin chomh maith. Tá an cúrsa á reachtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar le Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus beidh sé ar siúl sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh. €100 costas an chúrsa.

Breis Eolais: nó  eolas@cfcd.ie 066 91 56100 


 

Maidean Chaife & Cíoradh Focal

Cuirfear tús leis an seisiún cainte arís maidean Dé hAoine, an 14ú Deireadh Fómhair ag Díseart sa Daingean óna 11.30 – 1.00.  
Fáilte roimh chách.


Dátaí eile don nDialann

 

Tionól Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag Oireachtas na Gaeilge, Cill Airne.  11.00 Déardaoin 3 Samhain Maidin Chaife le Micheál Toose Mac Gearailt Óstán Brehon 10.00 Dé hAoine Siúlóid Staire le Seán Ó Dálaigh (ó Halla an Bhaile).  www.oidhreacht.ie / Facebook .

An Fhéile Bheag Filíochta Baile an Fheirtéaraigh 11-13 Samhain Gach eolas ag www.anfheilebheagfiliochta.com

Scléip na Samhna ag Tús Maith

Beidh Cluichí & Spórt do leanaí Chorca Dhuibhne ar siúl i Halla na Feothanaí óna 5.00 – 7.00 ar an 31ú Deireadh Fómhair.  Is í an Ghaelainn teanga na hócáide.

 

Comharchumann Forbartha Chorca

Dhuibhne


Oidhreacht Chorca Dhuibhne

066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd