7ú Meitheamh 2016
Litríocht na nÓg
Is baile beag ar an Stricín, Lios Póil é Lios Deargáin. Tá finscéal suimiúíl ag baint leis an áit. Lá amháin, fadó, fadó, bhí comórtas idir triúr fathach chun a fháil amach cérbh é an té ba láidre. Bhían chéad fhathach lag agus níor chuaigh an chloch a chaith sé ach go dtí Lios Deargáin. Bhían dara agus an tríú fathach láidir agus bhuail na cloche i gcoinne a chéile in Ard Mór. Baineann a lá daoine cáiliúla leis an áit chomh maith. BhíSteve Cooney ag maireachtaint i dtigh i Lios Deargáin ar feadh cúpla mí. Rugadh agus tógadh an tSiúr Stanislaus Kennedy gar don bhaile seo agus rugadh agus tógadh an Teachta Dála, Seosamh Ó hUiginn míle síos an bóthar.
Comhghairdeas le Pádraig Ó hAiniféin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean a bhfuil an dán seo leis i gcló in Comhar na nÓg – iris litríochta don aos óg. Ghlac Pádraig páirt i Scéim an Scríbhneora Chónaithigh fé stiúir an fhile Bríd Ní Mhóráin. Scéim de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne do scríbhneoirí óga í seo.
Luach €1,000 duaiseanna bronnta ar scoláirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag Scéim Blagála is Léitheoireachta 2016
Bronnadh duaiseanna ar scoláirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne le déanaí mar chuid den Scéim Blagála a riarann Oidhreacht Chorca Dhuibhne sa scoil i gcomhar le múinteoirí Gaeilge na scoile. Is í Bríd Ní Mhóráin, Scríbhneoir Cónaitheach na Scoile a bhíonn i mbun an t-aos óg a spreagadh le dul i mbun na léitheoireachta is na scríbhneoireachta. Is iad scoláirí na hIdirbhliana agus Bliain 2 a bhí páirteach agus Scoláirí Bliain 1 i mbun pinn ar Aistí Léirmheastóireachta. Treise leo go léir! Gabhann Oidhreacht Chorca Dhuibne buíochas le na héinne a bhí páirteach sa Scéim agus le Bord na Leabhar Gaeilge/ Foras na Gaeilge a chuir maoiniú ar fáil dos na duaiseanna.

Sa phictiúr: An Idirbhliain, ó chlé : Siobhán Ní Neachtain, Bríd Ní Mhóráin, Aileen Witt, Orla Ní Mhuircheartaigh, Colm Ó Cinnéide agus Tomás Ó Dubháin.
Seo a leanas Buaiteoirí
ó Bhliain 1 don Aiste Léirmheasa: Liam Ó Beaglaoich, Aodhán Ó
Dubháin, Tomás Ó Sé & Lisa Nic Gearailt.
Buaiteoirí ó Bhliain
2 don mBlagáil: Pádraig Ó hAiniféin; Síomha Ní Ainiféin;
Maxim Ó Súilleabháin; Clodagh Ní Shiúrdáin; Eddie Mac an
tSíthigh; Ryan Ó Cinnéide.
Súil ar aghaidh: Cúrsaí do Dhaoine Fásta ag Oidhreacht Chora Dhuibhne do 2016
Cúrsa Gaeilge do Ghlantosnaitheoirí / Beginners Irish Language Course Deposit (€100) will secure a place.
An intensive Irish Language Course for Complete Beginners will be held in Ballyferriter from 11th – 16th July 2016. This course is an introduction to the Irish language for those who have never studied the language before. The emphasis is on giving participants basic communication skills. This course is not suitable for those who have studied Irish in Primary and/or Post-Primary school in Ireland. (Course equivalent to TEG Level A1 / European Certificate in Irish Level A1). Further information at www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook.
Maidean Chaife
Cíoradh focal agus cupa caife in éineacht! Bígí linn sa Díseart maidean Dé hAoine as seo go dtí Lár Mhí an Mheithimh óna 11.30 – 1.00.
Fáilte roimh chách.
Lóistín i mBaile an Fheirtéaraigh
Má tá seomra/seomraí/tigh saoire le ligean ar cíos i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh idir an 7ú-14ú Lúnasa tar i dteagmháil le Máire nó le Caitríona in oifig Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag 066 9156100 nó ag eolas@cfcd.ie., le do/bhur dtoil. If you have a house/double or single room in your house in the area of Baile an Fheirtéaraigh, Ceann Trá, An Mhuiríoch, Dún Chaoin, Baile na nGall available for rent from 7th-14th August 2016 (B&B or self catering) please ring Caitríona or Máire at 066 9156100.
Scléip an tSathairn
Lucht freastail Scléip an tSathairn ag Tús Maith (Oidhreacht Chora Dhuibhne) agus iad ar thuras lae ar Chom an Lochaigh le déanaí i dteannta Mhuiris ‘Mossie’ Ó Scannláin. Ana-lá ag gach éinne, idir leanaí agus a dtuismitheoirí agus an mhóin á baint acu ar an bportach.

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100 nó
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd
Recent Comments