Lán do shul d’ealaín ag Taispeántas Ealaíne na Cásca 2017

Beidh Taipseántas Ealaíne na Cásca á oscailt ar 11.00am Domhnach Cásca 17 Aibreán sa Lárionad Gaelainne is Gaeltachta ar an mBuailtín. Táimid fíor- bhuíoch dos na healaíontóirí go léir atá tar éis a shaothar a chur ar taispeáint – breis is 160 píosa ealaíne ar fad. Beidh Taispeántas Ealaíne na Scol ar siúl le linn na seachtaine chomh maith le saothar ealaíne ó leanaí na mbunscoileanna go léir ar taispeáint. Beidh an taispeántas ar oscailt ó Dhomhnach Cásca go dtí an Aoine 21 Aibreán i mbliana. Beidh na múrtha fáilte romhat bualadh isteach is ar do shuaimhneas, sásamh a bhaint as saothar iontach na n-ealaíontóirí.

___________

Céilithe na Scol

Smúit á bhaint as na fraitheacha i Halla Lios Póil Dé hAoine 10 Márta mar a raibh leanaí Scoil Lios Póil, Scoil Iognáid Rís agus Scoil an Chlochair ag rince. Buíochas leis na Ceoltóirí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne as an gceol a sholáthar: Máirtín Ó Cathasaigh, Tríona Ní Shúilleabháin, Orna Ní Bheaglaoí agus Ciarán Mac Gearailt.

___________

Cúrsaí Gaeilge Oidhreachta do Dhaoine Fásta 2017

An bhfuil fhios agat cérbh é Dáire Donn?

An bhfuil fhios agat cathain a cheiliúrtar Lá Naomh Caitlíona?

An bhfuil cur amach agat ar na nósanna ar fad a bhaineann leis na Toibreacha Beannaithe i gCorca Dhuibhne?

Beidh na freagraí go léir le fáil ar chúrsa de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Nósanna is béasa a thagann anuas chugainn ó ghlúin go glúin, agus atá fós á gcruthú againn, atá sa bhéaloideas. Oideas is ea iad ar conas maireachtáil. Is de bhéal a roinneadh na nósanna is na hoidis seo linn. Chinnibh na Gaeil mórán de nósanna is de bhéasa a muintire beo mar gur cleachtadh iad anuas trísna glúnta agus cleachtaímid cuid acu fós sa lá atá inniu ann.

Beidh cúrsa 3 lá sa Ghaeilge, sa Stair Áitiúil & sa Bhéaloideas ar siúl ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ón 19ú – 21ú Aibreán i mBaile an Fheirtéaraigh, i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. €185 costas an chúrsa. Ní mór líofacht éigin sa Ghaeilge a bheith ag rannpháirtithe. Reáchtálfar ranganna/seisiúin chainte sa Ghaeilge ar maidin agus cainteanna/léachtaí san iarnóin ar ghnéithe de stair ársa áitiúil agus de mhórscéalta béaloideasa Chorca Dhuibhne.  Tabharfar turas ar chuid desna láithreacha staire is seandálaíochta is ársa agus is mó sa cheantar chomh maith le Músaem Chorca Dhuibhne i rith an chúrsa.  Cuirfear an-fháilte roimis rannpháirtithe. Cúrsaí eile atá ar na bioráin: Gaeilge & Siúlóidí Oidhreachta: 28 Aibreán – 1 Bealtaine 2017. Costas €185: Gaeilge, Sláinte Coirp is Anama/Yoga weekend, as Gaeilge. Costas: €145 Tuilleadh Eolais ar an gCúrsa seo agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag:   www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie / 066 91 56100.

___________

Maidean Chaife & Cíoradh Focal

Cupa tae/caife agus seisiún cainte bríomhar arís i dteannta Toose maideanacha Dé hAoine, ag Díseart, An Daingean óna 11.30 – 1.00. Bhíomair ag trácht le déanaí ar an ngnáthfhocal geansaí as ós scéal a tharraigíonn scéal deineadh tagairt don nath ‘chomh dall le geansaí’, a chloistear go mion minic sa chaint laethúil i gCorca Dhuibhne. Cad go díreach is brí leis nó cad as a dtagann sé? An féidir a bheith chomh dall le geansaí sa tslí chéanna is a bheadh duine chomh dall le bonn mo bhróige? Dar ndóigh dhá bhall feistis atá i gceist le geansaí agus bróg. Ach ní geansaí mar sin atá i gceist ar chor ar bith le ‘chomh dall le Geansaí’ mar is léir ón gceannlitir G ansan. Deintear tagairt anseo go Gheansaí – píobaire cáiliúil a saolaíodh i gCill Airne san ochtú haois déag. James Gandsey ab ainm dó.

Sloinne as an ngnáth é, mar Sasanach ab ea a athair a raibh baint aige le Caisleáin an Rois i gCill Airne. De réir na hirise Journal of Kerry Folk Life Imleabhar 8, Uimhir 3 phós Gandsey bean áitiúil agus saolaíodh mac dóibh James sa bhliain 1767. Roinnt blianta ina dhiaidh sin d’ardaigh a thuismitheoirí a seolta go Gibraltar agus fágadh a mac fé choimirce a sheanmháthar, máthair na máthar dar ndóigh. Ar mhí-ámharaí an tsaoil bhuail taom bolgaí James óg a d’fhág dall é, geall leis. As san an nath ‘chomh dall le Gandsey’. Bhí Gandsey fostaithe mar Phíobaire an Tiarna Headley-Wynne a raibh cónaí air i gCaladh na Feirste, cóngarach do Bhaile an Mhuilinn, Co. Chiarraí. Thugtaí Lady Headley’s Piper air. Bhain sé clú agus cáil amach dó féin a feabhas a chuid píobaireachta. Tugann an leabhar taistil ‘Hall’s Ireland ardmholadh dó mar dhuine a raibh féith an cheoil go smior ann. Agus é fós ina fhear óg, dheineadh James uirlisí ceoil as giolcacha Locha Chill Airne. Ba é a mhúinteoir agus a dhlúthchara Tadhg Connor a bhronn air na píobaí uillinn a sheinneadh sé. Dar le Connor ní raibh aon phíobaire eile in Éirinn ag an am ab fhearr teideal chucu.

Tá údar maith leis an leagan ‘Geansaí’ mar aistriú ar Gandsey. B’shin mar a thráchtann An Seabhac air ina dhírbheathaisnéis ‘Beir mo Dhúthracht’. Deir an Seabhac gur mhair cuimhne ar Ghandsey Píobaire ag muintir Chorca Dhuibhne go dtí ár linn féin. Is amhlaidh a mhair sé go dtí 1857. Bhí 90 bliain slánaithe aige fén am san agus rugadh an Seabhac sé bliana fichead ina dhiaidh sin. Adhlacadh Gandsey i Mainstir Mhuc Rois i gCill Airne. Níl aon tásc ar a uaigh féin anseo is baolach ach tá leacht cuimhneacháin ann ag coinneáil a chuimhne buan. Agus na haon uair a deirimid ‘chomh dall le Gandsey’ táimid ag cur cloch i leacht duine uasail a dhein cion fir do chultúr a thíre.
Buíochas: Máire Ní Iarlaithe

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 9156100 nó eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
www.cfcd.ie
Táimid ar Twitter agus Facebook