Aonach na nGairmeacha Thobar Dhuibhne in Óstán na Sceilge

Bhailigh na céadta duine óg le chéile chun freastal ar Aonach na nGairmeacha Thobar Dhuibhne, Dé Céadaoin an 12ú Deireadh Fómhair in Óstán na Sceilge. Fuair scoláirí meánscoile Ghaeltacht Chorca Dhuibhne deis iontach cloisint ó shaineolaithe éagsúla mar gheall ar a slí beatha, le meascán cuir i láthair ó dhaoine ósna meáin, eolaíocht, gnó, sa Státseirbhís, aistriúchán, ateangaireacht, turasóireacht, taisteal agus cúrsaí Ollscoile.

Bhí nach mór 300 scoláire ann ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste Íde i láthair ar an lá. Aoichainteoirí iontacha a bhí ag labhairt ar an lá i réimsí difriúla oibre a thug spléachadh luachmhar dos na daoine óga mar gheall ar na deiseanna atá ann don nduine le Gaelainn. I measc na ndaoine a bhí ag caint, bhí Brian Tyers, Tráchtaire Spóirt le TG4, Aedín Ní Bhriain, Comhairle Contae Chiarraí, Séaghan Ó Súilleabháin “The Kerry Cowboy”, Barry Ó Siochrú Oifigeach Gaelainne le Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe, Éanna Ó Conchúir le Beo Fitness, Cristín de Mórdha le Dúchas an Daingin, Matt Mac Cárthaigh, ateangaire agus aistritheoir, Edel Ní Bhraonáin le Gael Linn, agus Ciara O’Halloran ó Mhara Beo an Daingin.

Dhá sheisiún fónta a bhí ann ina bhfuair na scoláirí am máinneáil timpeall na seastán ag deireadh na cainte agus ceisteanna a chur ar na haíonna a bhí ann. Anuas ar na cainteoirí thuas, bhí seastán ann ó Orlaith Ruiséal, Oidhreacht Chorca Dhuibhne & Tús Maith, Kevin O’Shea, Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne, Caoileann Ní Dhonnchadh, Insititúid Oideachais Marino agus Údáras na Gaeltachta. Lá tairbheach a bhí ann dos na héinne, agus bhain na scoláirí meánscoile ana leas as an Aonach.

Tuilleadh eolas – John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar le Tobar Dhuibhne. J.prendergast@cfcd.ie / 087 376 9538.