Tuesday, March 29, 2022

Clárú leis an nasc thíos.
https://forms.gle/HvSPeZcaibpWEHQ58
Cén pobal Gaeltachta is aclaí in Éirinn? Glac páirt sa chomórtas uile Ghaeltachta seo ar son pobal Chiarraí Thiar! Siúil nó rith ar a laghad faoi dhó sa tseachtain, déan íosmhéid 10km san iomlán, agus beidh tú mar chuid d’fhoireann dod’ cheantair Ghaeltachta! Á eagrú i gCiarraí Thiar ag Tobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin. Ní mór duit a bheith os cionn 16 bhliain d’aois le páirt a ghlacadh sa Chomórtas seo. Má tá tú idir 16 agus 18, ní mór do do thuismitheoir / caomhnóir clárú duit ar do shon.
Wednesday, March 16, 2022

Cláraigh anseo / Register here:
https://forms.gle/ZGq4gcrTRjuiZnNJ6
Tar ag siúl led’ mhadra agus bain úsáid as do chuid Gaelainne. Fáilte roimh cách!
Thursday, March 10, 2022

Tá áthas ar Thobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin a fhógairt go mbeidh Rith/Siulóid á eagrú againn don bpobal mar sheoladh do Sheachtain na Gaelainne le hEnergia 2022 i gCúige Mumhan.
Tá fáilte roimis gach éinne na bróga a chur orthu agus dul timpeall Slí na Sláinte sa Daingean! Beidh t-léinte, ceol ó Nicole Ní Dhubhshláine, Kyle MacAuley agus Méabh Ní Bheaglaioch, agus uachtar reoite ó Murphy’s ann, le go leor dathanna le feiscint ar na sráideanna chomh maith!
Dáta: 12/03/2022
Am: 11.00 r.n.
Ionad: An Ché, Daingean Uí Chúis
Gheobhaidh an chéad 40 a chláraíonn t-léine don rás!
Recent Comments