Folúntas le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus Tobar Dhuibhne
Post mar Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga
le
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne & Tobar Dhuibhne
Beidh an tOifigeach Cúnta Pleanála Teanga ag comhoibriú leis an Oifigeach Pleanála Teanga chun na spriocanna i bPlean Teanga Chiarraí Thiar a chur i bhfeidhm.
Is post lán-aimseartha é seo le pinsean tar éis 6 mhí. Scála pá ó €23,565 go €34,735.
Critéir inmhianaithe:
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:
- Ardchaighdeán líofacht i labhairt agus scríobh na Gaelainne – riachtanach.
- Duine cumasach, fuinniúil, cruthaitheach go bhfuil suim, taithí agus cáilíochtaí acu i gcur chun cinn na Gaelainne agus i réimsí oibre an phlean (m.sh. an óige, an teaghlach, srl.)
- Beidh an duine in ann ceannsaíocht a thógaint nó a roinnt ar thograí pleanála teanga i réimsí an phlean, mar chuid den bhfoireann nó go neamhspléach.
- Tuiscint ar chúrsaí forbartha pobal.
- Taithí / eolas acu ar thograí agus buiséid a riaradh agus a bhainistiú mar chuid d’fhoireann.
- Taithí / eolas ar scannánaíocht/ eagarthóireacht físe inmhianaithe.
- Taithí ar na hardáin mheáin shóisialta agus suíomh idirín a bhainistiú agus a riaradh.
- Scileanna maithe idirphearsanta, cumarsáide is eagrúcháin.
Glacfar le hiarratais maraon le CV, marcáilte Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga tríd an ríomhphost chuig p.ose@cfcd.ie roimis 5:00 i.n. ar an 20 Nollaig 2021.
Sonraí an Phoist;
Beidh an té a cheapfar mar Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga freagrach as cabhrú leis an Oifigeach Pleanála Teanga bearta a aithníodh sa Phlean Teanga do Chiarraí Thiar a chur i bhfeidhm. Tá an plean teanga don LPT Chiarraí Thiar le fáil ar an suíomh greasáin www.tobardhuibhne.ie/plean-teanga. An phríomhsprioc atá le baint amach na líon na gcainteoirí laethúla a ardú i gCiarraí Thiar.
Bíonn clár oibre leagtha amach gach bliain i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis na spriocanna atá le baint amach sa Phlean Teanga. Tá liosta na réimse sa chlár oibre sin leagtha amach thíos:
Na Réimsí:
- An Córas Oideachais.
- Seirbhísí cúram leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh.
- Seirbhísí don aos óg agus d’aoisghrúpaí eile.
- Deiseanna foghlama lasmuigh den gcóras oideachais.
- Eagraíochtaí pobail agus comharchumainn.
- Seirbhísí poiblí.
- Pleanáil agus forbairt fhisiceach.
- Seirbhísí sóisialta agus caitheamh aimsire.
- Staid na Gaeilge sa limistéir – dearcadh, cumas agus nósmhaireacht an phobail ina leith.
Tá maoiniú an phoist seo á chur ar fáil ag;
Recent Comments