GaelScannán!

Tá ana áthas orainn comórtas GaelScannán a fhógairt!

Cad é tabhacht na Gaelainne do Chorca Dhuibhne?

Táimid ag lorg bhur dtuarimí ina leith!

Sonraí: Seol físeán noimint ar fhad chugainn ag léiriú ‘Tabhacht na Gaelainne do Chorca Dhuibhne’.

Duais: €500

Spriocdháta: 13/11/2020

 

 

Téarmaí & Coinníollacha: 

  • Tá an comórtas seo oscailte do phobal LPT Chiarraí Thiar amháin
  • Glacfar le scannán ó dhaoine lasmuigh don LPT ach ní bheidh siad san iomaíocht don nduais €500
  • Tugann tú cead do Thobar Dhuibhne do fhíseán a úsáid mar ábhar bolscaireachta ar shuíomh idirlín www.tobardhuibhne.ie, agus ar leathanaigh meáin shóisialta Thobar Dhuibne.
  • Ní mór go mbeadh ainm, uimhir theileafóin, agus seoladh ríomhphost le d’iarratas chomh maith le teidil. Tá cead tuismitheora nó caomhnóra riachtanach má tá tú faoi 18 bliana d’aois.
  • Níl cead ach físeáin a thóg tú féin a úsáid le cur isteach ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le físeáin ó fhoinsí eile. (msh. suímh idirlín nó eile)
  • Roghnófar na buaiteoirí go randamach.