Ceiliúradh Bliana Phlean Teanga Chiarraí Thiar

Ceiliúradh Bliana Thobar Dhuibhne in Óstán na Sceilge ar an 28ú Feabhra 2020.

Is cúis bhróid í do Thobar Dhuibhne go mbeidh ceiliúradh á dhéanamh ar bhliain d’fheidhmniú Phlean Teanga Chiarraí Thiar ag a 19:00 Dé hAoine an 28ú Feabhra 2020.

Mar phobal Chiarraí Thiar, féachfar siar ar an mbóthar atá siúltha againn, féachfar ar an áit a bhfuilimid anois, agus féachfar chun tosaigh ar an mbóthar atá romhainn amach.

Mar chuid den gCeiliúradh, bronnfar Gradam Saoil ar Mhicheál Ó Muircheartaigh, Dún Síon, fear a bhfuil dúthracht na Gaelainne agus na Gaeltachta léirithe go smior aige i rith a shaol.

Roinnfidh Dairena Ní Chinnéide, Paróiste Mórdhach, trí dhán speisialta dúinn, dán a scríobh sí go speisialta mar gheall ar Thobar Dhuibhne – Plean Teanga Chiarraí Thiar ina measc.

Taispeántaisí amhránaíochta, ceoil agus físeán a bheidh sníte isteach san oíche mar aon le craic, comhluadar agus cuileachta ceart … mar is dual dúinn ar fad!

Cabhrófar le tiomsú airgid ar an oíche le hiarrachtaí dífhibrileoir a cheannach don nDaingean, feachtas atá á eagrú ag Vincent Manning, i ndilchuimhne ar mháthair leis, Máire Pháid. Beidh crannchur le cúpla duais ann ag deireadh na hoíche.

Gan dabht, beidh blaiseadh bídh ar an oíche le ceann súird, sócmaisí agus soláistí ar fáil.

Osclófar na doirse ar an oíche ag a 18:45. Is i Svuít na Sceilge in Óstan na Sceilge a bheidh an Ceiliúradh ar siúl.

Fáilte mhór roimis na héinne ar an oíche! All more than welcome on the night!

Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha.
__________________________________________________________________________________

On Friday 28/02/2020, at 19.00, Tobar Dhuibhne will host a Celebration of the West Kerry Language Plan, in the Skellig Hotel, Dingle.

As a community, we will look at the road we have travelled, where we are now and the road before us. As part of the Celebration, Micheál Ó Muircheartaigh, will be awarded a Lifetime Achievement award, Dairena Ní Chinnéide, will share three special poems, including a new poem written especially for Tobar Dhuibhne- Plean Teanga Chiarraí Thiar.

There will be entertainment throughout the evening, as well refreshments and a raffle in aid of the fundraising efforts for a Defribrillator organised by Vincent Manning.

We hope to see you on the night. Fáile mhór roimis na héinne ar an oíche.