Friday, December 20, 2019
Scéim Meantóireachta Spóirt:
Ár dTeanga. Ár Spórt.
Tá ana áthas ar Thobar Dhuibhne agus ar Oifig na Gaelainne Chomhairle Contae Chiarraí, Scéim Meantóireachta Spóirt: Ár dTeanga. Ár Spórt. a fhógairt.

Scéim Meantóireachta
Nósmhaireacht traenála trí Ghaelainn a chothú sa Chumann is ea sprioc na scéime seo. Is cur chuige Chumainn é seo le daoine éagsúla ag glacadh ról áirithe orthu féin ar mhaithe le labhairt na Gaelainne sa Chumann a láidriú. Seo leanas cur chuige samplach chun páirt a ghlacadh sa Scéim, na rólanna éagsúla agus an córas marcála a bheidh in úsáid chun iarrachtaí bhur gCumann a mheas. Go n-éirí go geal libh!
The aim of this scheme is to foster a custom of Irish speaking during training in the Club. A collective approach by the Club involving different individuals taking on various roles for the common goal of strengthening the speaking of Irish within the Club. The following outlines a sample way to participate in the Scheme, the various roles and the marking system that will be in use. Go n-éirí go geal libh!
Cur chuige samplach
- Páirt sa scéim a phlé ag leibhéal bainistíochta agus Oifigeach Gaelainne a ainmniú chun dul i mbun na scéime don gCumann.
Discuss participation in the scheme ag management level and nominate an Oifigeach Gaelainne to manage the scheme on behalf of the Club.
- Páirt sa scéim a phlé le foirne fé aois agus a gcuid traenálaithe.
Discuss participation in the scheme with underage teams and their trainers.
- Foireann fé aois agus traenálaí a ainmniú.
Nominate an underage team and trainer.
- Páirt sa scéim a phlé le tuismitheoirí agus a gcuid tacaíochta a lorg.
Discuss participation in the scheme with parents and seek their support.
- Beirt Ambasadóirí Gaelainne a ainmniú ósna tuismitheoirí.
Nominate Two Gaelainn Ambassadors from among the parents.
- Beirt Meantóirí óga, os cionn 16, a aimsiú agus a ainmniú chun tacú leis an traenálaí ag na seisiúin traenála.
Locate and nominate two young Mentors, over 16, to support the trainer during the training sessions.
- Tús a chur leis an bhfoireann ainmnithe a thraenáil trí Ghaelainn.
Begin the process of training the nominated team through Irish.
Na Rólanna sa Chumainn
Oifigeach Gaelainne
Pointe teagmhála chun úsáid na Gaelainne a fhorbairt i measc baill an Chumainn.
The Oifigeach Gaelainne serves as the point of contact for the club to foster the growth of the Irish Language within the Club’s membership.
Foireann
Foireann fé aois le sprioc traenála trí Ghaelainn a bhaint amach roimh dheireadh na bliana le tacaíocht ón dtraenálaí, ó thuismitheoirí, ósna meantóirí óga agus ón gCumann.
An underage team to achieve the goal of training through Irish by the end of the Club year with the support of the trainer, parents, mentors and the Club.
Ambasadóir Gaelainne
Beirt thuismitheoirí nó daoine fásta atá sásta a gcuid Gaelainne labhartha a fhorbairt agus a fheabhsú i rith na bliana le tacaíocht an Chumainn. D’fhéadfaí seo a dhéanamh ag Cúrsaí TEG, Ranganna Gaelainne, Ciorcal Comhrá srl. Nó d’fheadfaí foghlaimeoir agus cainteoir líofa a ainmniú agus córas ‘cairdis’ a chur i bhfeidhm – GaelChara.
Two adults or parents who are prepared to develop and improve their use of Irish during the year with the support of the Club. This could be done via TEG courses, Irish classes, Ciorcal Comhrá etc. Alternatively, the club could select a learner and a fluent speaker, and operate a ‘learner buddy’ system – GaelChara.
Traenálaí
Traenálaí fásta chun an nósmhaireacht traenála trí Ghaelainn a chothú le tacaíocht ón bhfoireann, a gcuid tuismitheoirí, meantóirí óga agus an Cumann.
An adult trainer to foster and develop training through the medium of Irish with the support of the nominated team, their parents, the youth mentors and the Club.
Meantóirí
Beirt ógánaigh, os cionn 16, le cabhair teangan leis an traenálaí ag na seisiún traenála.
Two young people, over 16, to linguistically support the trainer at the training sessions.
Tuilleadh eolais: 066 9156100
Monday, December 16, 2019

Tá Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar, sa tóir ar dhuine paiseanta, cumasach chun obair linn mar
Oifigeach Forbartha Gaelainne i réimse an spóirt agus na hóige.
Cabhróidh an duine seo le scéimeanna nua Spóirt agus Óige i gCiarraí Thiar a rith. Beidh an té a cheapfar ag tacú le spriocanna Phlean Teanga Chiarraí Thiar agus ag obair go dlúth le Tobar Dhuibhne.
Scileanna inmhianaithe don bpost seo ná: táithí, suim agus tiomantas i gcur chun cinn na Gaelainne i measc daoine óga; sárchaighdeán Gaelainne; scileanna maithe idirphearsanta; cur amach ar chúrsaí spóirt agus/nó cúrsaí óige.
Obair pháirtaimseartha um thráthnóna a bheidh i gceist, ar uaireanta a bheidh le socrú idir an té ráthúil agus Tobar Dhuibhne (meastar gur ~6 uair / seachtain a bheidh ann). An tréimhse oibre ná mí Eanáir go mí Meitheamh.
Tá an post páirtaimseartha seo á thairiscint ag Tobar Dhuibhne le tacaíocht Oifig na Gaelainne, Comhairle Contae Chiarraí.
Seol r-phost iarratais mar aon le CV chuig: pleanteanga@cfcd.ie roimh 17:00, 9ú Eanáir 2020.
Meastar na hagallaimh a bheith ar siúl timpeall an 13ú Eanáir.
Eolas breise ar www.tobardhuibhne.ie.
nó téir i dteagmháil le: pleanteanga@cfcd.ie ; j.prendergast@cfcd.ie ; 066 9156 100.
Wednesday, December 11, 2019

Dátaí don ndialann & nuacht
Dates for your diary & news

Go raibh maith agaibh! Craic ag an bhFéile BídhBhí ana chraic ag Tobar Dhuibhne ag an bhFéile Bídh ag caint libh, míle buíochas as labhairt linn ar an lá! Más mian leat abhrú le cur i bhfeidhm an Phlean nó má tá aon smaoineamh fé leith agat, fáilte romhat teacht i dteagmháil linn!
Imeachtaí agus Ócáidí/ Events
Imeacht sóisialta na míosa:
Céilí Mór(Breis eolais thíos)
Scéim Spóirt Fógartha! // Sports’ Scheme Announced

Scéim Meantóireachta Spóirt chun tacú le do Chumann tuilleadh Gaelainne a úsáid!
Sports’ Mentoring Scheme to support your Club to use more Irish!
Uair Eolais / Info Hour – Halla Spóirt na Pobalscoile, 26ú Nov. / Samhain – 19:00 – 20:00. Bígí linn!
Clárú don Spórt anseo / Register for Sport here
Seit na Samhna / Set Dancing!
Beidh ceardlanna Rince Seite le Christy Mac Gearailt i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh an mhí seo.
Bí linn ar an 19ú Samhain agus an 28ú Samhain agus cuir ort do bhróga rince!
Set dancing as Gaelainn – all welcome!
Imeachtaí Teaghlaigh! / Family Events
Idir Grúpaí Súgartha, Scléip an tSathairn, Cuairteoirí Baile agus áiseanna a chur ar fáil, tacaíonn Tús Maith le tuismitheoirí agus leanaí á dtógaint acu le Gaelainn!
Tús Maith support parents who are raising their children through Irish – it’s never too late to start using Irish with your family!

Imeachtaí na Nollag! / Christmas Events


Tá Santaí ag teacht go Corca Dhuibhne ar an 6ú Nollaig!
Ceolchoirm na Nollag le ranganna ceoil Chaitríona Uí Mhurchú – 13ú Nollaig ag a 17:00 ar an mBuailtín
Blaiseadh d’imeachtaí na míosa seo caite:
Pictiúirí breise ar leathanach Facebook , Twitter agus Instagram Thobar Dhuibhne!

Tráth na gCeist – ‘Muna mbuathfam, suathfam’

Oíche Shamhna le Tús Maith

Rince Seite!
COMHGHAIRDEACHAS — Buaiteoirí an Oireachtais!

COMHGHAIRDEACHAS leis na héinne a ghlac pairt i gcomórtaisí an Oireachtais in CityWest i mbliana. Táimidne ana bhródúil ar fad as na héinne a chuaigh ar stáitse agus míle comhghairdeachas leo siúd a bhuaigh duais!
Beidh cuid acu siúd thuas le feiscint ag Ceiliúradh an Oireachtais – Dé Céadaoin 13ú Samhain, 18:00, in Áras Bhréanainn. Fáilte roimh chách.
COMHGHAIRDEACHAS le Máirín Uí Shé a d’eisigh Órchiste Nollag le déanaí.
COMHGHAIRDEACHAS le hEibhlín Uí Iarlaithe a sheol Orla Uan sa Chathair.
Plean Teanga Chiarraí Thiar – tá ról againn ar fad!
Má tá aon ócáid nó imeacht as Gaelainn ar siúl gur mhaith leat a chur chun cinn, is féidir le Tobar Dhuibhne é a scaipeadh ar Facebook, Twitter, Instagram nó an nuachtlitir seo!
Imeachtaí seachtainiúla eile as Gaelainn:
- Yoga – gach Máirt – Áras Bhréanainn – Baile an Fheirtéaraigh – 19:00 – €10.
- Maidin Chaife – gach Céadaoin – Siopa an Phobail – An Clochán – 10:30.
- Allagar na hAoine – gach Aoine – An Díseart, An Daingean – 11:30.
- Máistrí Beaga: Ranganna Ealaíne do leanaí 6-12 – gach Máirt – An Máimín – €12 – Elouise 0868781211.
- Tinteán Ceoil – gach Luan – Halla le Chéile, An Clochán – 19:30
Imeachtaí agus ócáidí aonuaire eile:
- Scléip an tSathairn: Ceardlann Chócaireachta – 16ú Samhain – An Clochán – 11:00.
- Cruinniú Eolais Áiseanna na hÓige – 20ú Samhain – Áiseanna na hÓige, An Daingean – 10:30 – 13:00.
- Aon Scéal? Filíocht agus Prós – 20ú Samhain – Tigh Uí Chatháin, Baile an Fheirtéaraigh – 21:00.
- Leacht Staire: Bríd Ní Mhórain “Na Mná Feasa agus an Leigheas Traidisiúnta i gCorca Dhuibhne agus in Éirinn” – Déardaoin, 21ú Samhain – Áras Bhréanainn -19:00.
- Féile Litríochta an Daingin – Féile nua le roinnt imeachtaí Gaelainne ann – 22ú, 23ú agus 24ú Samhain – breis eolais: Féile Lit
- Díolachán Cístí – 24ú Samhain – Teach Siamsa na Carraige – 12:00.
- Cluiche Cartaí – 24ú Samhain – Tigh Uí Chuinn, Ceann Trá – 18:00.
- Aonach na Nollag – 1ú Nollaig – Halla le Chéile, An Clochán – 14:00.
- Suirbhé Socheacnamaíochta Chorca Dhuibhne – breis eolais Mairt Uí Léime – 0861581218.
Imeachtaí atá ar na bioráin;
** Tús le Scéim Spóirt ** Dráma do leanaí ** Céilí Mór na Rince Seite ** Dáidí na Nollag ** Ceiliúradh Bliana ar an bPlean Teanga ** Club Filíochta **
Bímid i gcónaí sa tóir ar Áisitheoirí chun ranganna / ceardlanna / séisiúin a dhéanamh timpeall Chorca Dhuibhne – fáilte roimh na haon rud, bíodh sé beag nó mór! Ciorcal Comhrá a chur le chéile, nó fiú Féile Cheoil a eagrú! Bígí i dteagmháil más suim leat é.
Bígí linn ar Facebook, Twitter agus Instagram leis – nascanna thíos.
“Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha”
Recent Comments