Dátaí don nDialann! 1

Seoladh Phlean Teanga Chiarraí Thiar!

  • Cad é? Seoladh Oifigiúil Phlean Teanga Chiarraí Thiar le Tobar Dhuibhne
  • Cathain? 5ú Deireadh Fómhair ag a 2 i.n le linn Fhéile Bhídh an Daingin, ar stáitse Shráid ana Trá.
  • Canathaobh? Tá sárthábhacht leis an nGaelainn i gCiarraí Thiar – is plean é seo atá scríofa ag an bpobal, leis an bpobal agus don bpobal. Gaelainn Labhartha, Pobal Nasctha
  • Cad é? Launch of the West Kerry Language Plan with Tobar Dhuibhne.
  • Cathain? 5th October at 2pm during the Dingle Food Fest on the Strand Street Stage. 
  • Canathaobh? Gaelainn in West Kerry is vitally important – this action plan is written by the community, with the community and for the community. 

Imeachtaí agus scéimeanna eile

Léachtaí Staire

Léachtaí Staire ar Chorca Dhuibhne 2019 – 2020 á eagrú ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. An chéad léacht Déardaoin 26ú Meán Fómhair ag a 7 in in Áras Bhréanainn agus oíche shóisialta i dTigh Uí Chatháin ar an mBuailtín ina dhiaidh.

Imeachtaí don Teaghlagh

Grúpaí Súgartha eagraithe ag Tús Maith ar siúl i Lios Póil, i mBaile an Fheirtéaraigh, sa Daingean, i gCeann Trá, sa Chlochán agus ar an bhFeothanaigh.

 

Imeachtaí seachtainiúla eile as Gaelainn:

  • Yoga – gach Máirt – Áras Bhréanainn – Baile an Fheirtéaraigh – 19:00 – €10.
  • Maidin chaife – gach Céadaoin – Siopa an Phobail – an Clochán – 10:30.
  • Allagar na hAoine – gach Aoine – ionad difriúil – 11:30.

Imeachtaí agus ócáidí eile: 

  • Máistrí Beaga: Ranganna Ealaíne do leanaí 6-12 – ag tosnú 8ú Deireadh Fómhair – An Máimín – €12 – Elouise 0868781211.
  • Tráth na gCeist – 15ú Deireadh Fómhair – Tigh Bhric – 19:30.
  • Stáitse na nÓg – 22ú, 23ú, 24ú Deireadh Fómhair – Áras Bhréanainn.

Imeachtaí atá ar na bioráin:

** Spórt ** Drámaíocht ** Rince ** Scléip na Samhna – Oíche Shamhna **

 Imeachtaí eile as Gaelainn agat? Abair linn agus cuirfimid leis an nuachtlitir é!
Bímid i gcónaí sa tóir ar áisitheoirí chun ranganna / ceardlanna a dhéanamh timpeall Chorca Dhuibhne – bígí i dteagmháil más suim leat é!