Anso is Ansúd 30ú Lúnasa 2017

Cúrsaí Gaelainne & Oidhreachta do Dhaoine Fásta  Clár 2017

An Fómhar ag druidim linn anseo faraoir agus clabhsúr á chur againn le clár oibre teagaisc na bliana seo 2017 do Dhaoine Fásta a thagann chugainn ó chian is ó chóngar. Gabhaimid buíochas le foireann bainistíochta, foireann teagaisc agus go leor leor aoichainteoirí ar na cúrsaí i rith na bliana, le lucht soláthair lóistín as a gcabhair is a gcomhoibriú in ullmhú na gcúrsaí. Buíochas daoibhse a dhein teagmháil le hOidhreacht Chorca Dhuibhne maidir le lóistín a chur ar fáil ar phraghas réasúnta in bhur dtithe féin.  Is mór againn bhur gcomhoibriú.

Rannpháirtithe Chúrsa Cheiliúradh Lúnasa 2017 agus Cosán na Naomh á shiúl acu.
(Pic. Caitríona Ní Chathail)

 

Oíche Chuideachtain i Músaem Chorca Dhuibhne (pic. Pádraig Mac Eochaidh)

 

Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta sa Daingean 2017/2018

Anois an t-am chun a bheith ag cuimhneamh ar Chúrsa Gaeilge do Dhaoine Fásta a dhéanamh sa Daingean nó i mBaile an Fheirtéaraigh i rith an gheimhridh.  Cuirfear tús leis na Ranganna seo go léir i mí Dheireadh Fómhair.  Anseo thíos tá liosta desna cúrsaí a bheidh á reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh:

  • TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) ag Leibhéil A2, B1 & B2 (ag brath ar éileamh)
  • Cúrsa Comhrá do Thuismitheoirí – Meánleibhéal
  • Cúrsa Gramadaí/Léitheoireachta Ardleibhéal
  • Ciorcal Comhrá Meánleibhéal
  • Maidean Chaife & Cíoradh Focal

Más suim leat ceann ar bith de na cúrsaí thuasluaite dein teagmháil le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ag 066 9156100 nó cuir ríomhphost go dtí eolas@cfcd.ie.  Sa chéad eagrán eile de West Kerry Live fógrófar dáta do Mheasúnú dosna daoine a bhfuil fonn orthu tabhairt fé chúrsa TEG i mbliana.

An Irish Language Course for Adult  Beginners will be organised by Oidhreacht Chorca Dhuibhne in Dingle this autumn, if there is sufficient demand. Please ring 066 9156100 or e mail eolas@cfcd.ie for further information with regard to courses commencing in October.

 

Café Mhúsaem Chorca Dhuibhne

Buail isteach go dtí Café Mhúsaem Bhaile an Fheirtéaraigh idir seo agus deireadh mhí Mheán Fhómhair le haghaidh cupa tae/caife agus císte, nuair a bheidh saothar leis an bpéintéir Bob Ó Cathail ar taispeáint ann agus ar díol chomh maith le rogha mór leabhar as Gaeilge ar na seilfeanna.

 

Na Rógairí Beaga – Grúpa Súgartha do Leanaí Beaga

Cad is Grúpa Súgartha ann?

Grúpa a thagann le chéile chun deiseanna a thabhairt do leanaí óga agus a dtuismitheoirí bualadh le chéile. Deis a bhíonn ann don gcairdeas, chun a bheith ag foghlaim agus chun go mbeidh na leanaí ag imirt.

Buntáistí an Ghrúpa Súgartha?

Dá mhéad deiseanna a bhíonn ag leanbh bualadh le leanaí eile is ea is mó de mhuinín a bheidh aige agus é ag sóisialú. Tugann an grúpa súgartha deis do mháithreacha óga aithne a chur ar a chéile – deis don gcuideachta is ea é chomh maith le heolas agus comhairle a roinnt lena chéile – toisc go bhfuil an grúpa á stiúradh trí Ghaelainn tugann sé deis don leanbh nách bhfuil Gaelainn sa bhaile aige Gaelainn a shealbhú agus deis don  leanbh go bhfuil sí aige, í a shaibhriú.

Cé a reáchtálann an grúpa?

Tús Maith (Scéim Teanga de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne) a stiúrann an grúpa súgartha. Tá an grúpa maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Cé a bhaineann leas as an ngrúpa?

Tá fáilte roimis na haon leanbh fé cúig  agus tuismitheoir nó feighlí  ina theannta, freastal ar an ngrúpa.

Cé chomh fada is a bhíonn an seisiún?

11.00 – 12.15 gach Máirt i mBaile an Fheirtéaraigh & Dé Céadaoin sa Chlochán, 10.30 – 12.00 Dé Céadaoin sa Daingean agus 10.30 -12.00 gach Luan i Lios Póil.

Teagmháil/Gach Eolas:  Cuir glaoch ar Orlaith ag 066 9156100 nó cuir ríomhphost chuici ag orlaith@cfcd.ie.

 

Dinnéar d’Aosaigh

Beidh an lón á chur ar fáil arís san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh ag 1.00 ón nDéardaoin, 7ú Meán Fómhair agus uair sa choicís ina dhiaidh sin.  Glaoigh ar 066 9156100 chun d’áit a chur in áirithint.

 

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 9156100 nó eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
www.cfcd.ie
Táimid ar Twitter agus Facebook

Anso is Ansúd 16ú Lúnasa 2017

Anso is ansúd i gCorca Dhuibhne

 Fearaimid na múrtha fáilte rompu sin go léir go dtí Ceiliúradh Lughnasa 2017. 117 duine fásta ós na ceithre hairde tagtha chun saol is teanga na nGael a cheiliúradh linn anso ar chúrsaí Oidhreacht Chorca Dhuibhne in Áras Bhréanainn Chorca Dhuibhne. Gabhaimid buíochas lenár bhfoireann teagaisc, ár n-aoi chainteoirí agus sibhse go léir a thacaigh linn in aon tslí. Anso thíos tá comhairle do rannpháirtithe Cheiliúradh 2017  ónar gcara Vitaly ó Mhoscó na Rúise (nach bhfuil ábalta a bheith linn i mbliana)

Seachtain na Gaeilge – 2017

Cúpla comhairle do rannpháirtithe

Éist leis an múinteoir
Roinn do chuid smaointe
Inis do scéalta
Scríobh cúpla líne.
Abair a gceapann tú
Glac leis and tuairim
Nó bí ag argóint
Gan aontú le héinne.
Ach ná habair aon fhocal ar bith as Béarla!

 

Téir ar na sléibhte
Tabhair cuairt ar an mBlascaod
Siúil tríd an scamall
Gan bóthar féd chosa.
Bain sup as lá gréine
Ag snámh i mBéal Bán
Ag blaiseadh an tsamhraidh
Ag mothú an bhrothaill.
Ach ná cuir in iúl do ghliondar as Béarla!

 

Tar i dteach tábhairne
Ól le do chairde
Cas an t-amhrán
Agus bí i do réalt.
Téir siar ó thuaidh
Muscail do Ghaeilge
Oscail do chroí
Agus aimsigh an chraic.
Ach ná mill oíche den scoth le Béarla!

Ó Vitaly Kovalchuk 

Vitaly Kovalchuk

 

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 9156100 nó eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
www.cfcd.ie
Táimid ar Twitter agus Facebook

Anso is Ansúd 4ú Iúil 2017

Cúrsaí Gaelainne do Dhaoine Fásta

An Fómhar ag druidim linn anseo faraoir agus clabhsúr á chur againn le clár oibre teagaisc na bliana seo 2017 ach níl deireadh fós leis na cuairteoirí.  Fáiltíonn Oidhreacht Chorca Dhuibhne leis an 140 mac léinn fásta a bheidh ag freastal ar Cheiliúradh Lúnasa in Áras Bhréanainn ón 14ú – 19ú Lúnasa i mbliana.  Seanachairde is ea cuid mhaith desna rannpháirtithe agus táimid buíoch dóibhsean as an tacaíocht leanúnach do chúrsaí na hOidhreachta.  Fáiltímid ach go háirithe leis na daoine atá ag teacht chugainn don gcéad uair agus tá súil againn go mbainfidh siad tairbhe agus taitneamh as an tseachtain mhór ranganna, turasanna, cainte is imeachtaí oidhreachta agus cultúir I gCorca Dhuibhne.  Gabhaimid buíochas le foireann bainistíochta agus foireann teagaisc agus go leor leor aoichainteoirí ar an gcúrsa agus le lucht soláthair lóistín as a gcabhair is a gcomhoibriú in ullmhú an chúrsa seo. Buíochas daoibhse a dhein teagmháil le hOidhreacht Chorca Dhuibhne maidir le lóistín a chur ar fáil ar phraghas réasúnta in bhur dtithe féin.  Is mór againn bhur gcomhoibriú.

 

Seachtain Oidhreachta 2017 19ú – 27ú Lúnasa 2017

Beidh an tSeachtain Oidhreachta á reáchtáil ag an gComhairle Oidhreachta ag deireadh mhí Lúnasa chun deis a thabhairt do phobal na hÉireann a n-oidhreacht chultúir fhéin a cheiliúradh.  Is féidir eolas a fháil ar na céadta imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre ar an suíomh idirlín www.heritageweek.ie, agus béim i mbliana ar dhúlra na hÉireann agus ar shult a bhaint as.  Anso i gCorca Dhuibhne beidh saorchead isteach go dtí Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh ar an nDomhnach an 20ú Lúnasa agus arís ar an nDomhnach an 27ú Lúnasa 2017.  Chomh maith leis sin, beidh sraith cainteanna insan Jerome Connor Gallery (South Pole Inn) in Abhainn an Scáil.  Beidh ‘Return of the Vanished Church’ ag 7.30 pm ar an 19ú Lúnasa, ‘The Cruickshank Redemption’ ag 8.00 ar an 25ú Lúnasa agus ‘Policeman, Painter and Sailor’ ag 8.00 ar an 26ú Lúnasa.  Beidh seoladh an leabhair Termini Naturae sa Díseart sa Daingean ar an 23ú Lúnasa ag 8.00 p.m.  Chomh maith leis sin beifear ag breathnú ar na míolta móra ar Cheann Sraithe óna 2.00-5.00 ar an 26ú Lúnasa.  Saorchead isteach go dtí na himeachatí seo go léir agus fáilte roimh chách.

 

Café Mhúsaem Chorca Dhuibhne

Buail isteach go dtí Café Mhúsaem Bhaile an Fheirtéaraigh idir seo agus deireadh mhí Lúnasa  nuair a bheidh saothar leis an bpéintéir Bob Ó Cathail ar taispeáint ann agus ar díol chomh maith le rogha mór leabhar as Gaeilge.

 

Míle Míle i gCéin The Irish Language in Canada

Tréaslaímid a shaothar le Danny Doyle, fear óg ó Cheanada a bhuail isteach chun na hOidhreachta i rith na seachtaine seo caite le cúpla cóip dá shaothar ar stair na Gaeilge i gCeanada.  Tá Gaelainn ag Danny féin agus chaith sé cúpla samhradh anseo ar an mBuailtín ag cur barra feabhais ar a chuid Gaelainne.  Tá cúpla cóip den leabahr ar díol i Músaem Chorca Dhuibhne.  Tréise leat a Dhomhnaill.

 

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 9156100 nó eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
www.cfcd.ie
Táimid ar Twitter agus Facebook

 

Anso is Ansúd 4ú Iúil 2017

Cúrsaí Gaelainne do mhic léinn Choláiste Hibernia

Fáiltíonn Coláistí Chorca Dhuibhne leis an 150 mac léinn ó Choláiste Hibernia atá tagtha go dtí Pobalscoil Chorca Dhuibhne chun an Dara Tréimhse Foghlama dá gcuid a dhéanamh anseo i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.  Guímid gach rath orthu lena gcuid staidéir agus lena saol mar mhúinteoirí bunscoile amach anseo.  Gabhaimid buíochas le foireann bainistíochta agus foireann teagaisc an chúrsa agus le lucht soláthair lóistín as a gcabhair is a gcomhoibriú in ullmhú an chúrsa seo.

 

Lóistín i gCorca Dhuibhne 2017

Má tá tigh le ligean ar cíos agat, má tá seomra singil ar fáil id thigh nó má tá suim agat Leaba & Bricfeasta a chur ar fáil  sna seachtainí seo a leanas:  10-15ú Iúil agus /nó 14 – 19ú Lúnasa 2017, i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh/Cheann Trá/Dhún Chaoin/Bhaile na nGall, tar i dteagmháil linn anseo in oifig Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag 066 9156100 nó ag eolas@cfcd.ie.  Fáilte ach go háirithe roimh thithe le Gaelainn.

 

Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta i gCorca Dhuibhne

Féile Lughnasa 2017:  Cúrsa Comhrá, Cúrsaí Cruinnis agus Cúrsaí do Mhúinteoirí Gaelainne:  Tuilleadh Eolais ar an gcúrsa seo agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag:   www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie / 066 91 56100.

 

Lón do Shinsir an Pharóiste san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh

Beidh an chéad lón eile ar an nDéardaoin an 13ú Iúil agus ceann eile ar an 27ú Iúil nuair a thógfar sos don tsamhradh.  Buíochas ó chroí le gach éinne a thugann a gcuid ama go fial chun an lón a réiteach uair sa choicíos. Tuilleadh Eolais:  066 9156100 nó orlaith@cfcd.ie

 

Café Mhúsaem Chorca Dhuibhne

Buail isteach go dtí Café Mhúsaem Bhaile an Fheirtéaraigh idir seo agus deireadh mhí Iúil nuair a bheidh saothar leis an bpéintéir Bob Ó Cathail ar taispeáint ann agus ar díol.  Ealaíontóir féinmhúinte is ea Bob Ó Cathail atá ina chónaí i gCeann Trá, Corca Dhuibhne ó 1993 i leith. Is i gContae Cheatharlach a rugadh agus a tógadh é agus as san a chuaigh sé ar a chamchuairt ar fuaid na hEorpa, an Mheáin Oirthir agus na hÁise. Tar éis dó tréimhsí a chaitheamh ag obair i Sasana, san Isiltír, in Iosrael agus san Ind, d’fhill sé ar Éirinn, ar dtús go Baile Átha Cliath agus ansan go Ciarraí.

Is fuirist a stíl a aithint de bharr réimse agus éagsúlacht leathan ábhar ina chuid saothair, agus as na dathanna agus dearadh láidir a úsáideann sé. Is léir go dtagann an stíl áirithe seo as a chúlra san Ealaín Cheilteach, ealaíon araltach, ag obair mar dhathadóir comharthaí agus ag péinteáil múrmhaisí.

Chaith sé tréimhse ag múineadh ealaíne i ranganna oíche agus ceardlanna, i gclódóireacht bloc, i ndearadh Ceilteach, agus i bpeannaireacht, chomh maith le líníocht agus péintéireacht.

Is iad na healaíontóirí is mó a spreagann Bob ná Picasso, Van Gogh, Chagall agus Matisse, agus is meascán inphléasctha dó iadsan agus an cúlra Ceilteach a chur le céile.

Tá Bob ag plé le taispeántaisí aonair agus grúpa le breis agus triocha bliain anuas, agus tá a chuid pictiúr scaipthe ar fuaid na cruinne. Cuirtear fáilte roimh gach éinne go dtí an stiúidió i mBaile an tSléibhe (Fionn Trá) chun bualadh le Bob agus breathnú air i mbun oibre.

 

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 9156100 nó eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
www.cfcd.ie
Táimid ar Twitter agus Facebook