Anso is Ansúd 28ú Márta 2017


Lán do shul d’ealaín ag Taispeántas Ealaíne na Cásca 2017

Beidh Taipseántas Ealaíne na Cásca á oscailt ar 11.00am Domhnach Cásca 17 Aibreán sa Lárionad Gaelainne is Gaeltachta ar an mBuailtín. Táimid fíor- bhuíoch dos na healaíontóirí go léir atá tar éis a shaothar a chur ar taispeáint – breis is 160 píosa ealaíne ar fad. Beidh Taispeántas Ealaíne na Scol ar siúl le linn na seachtaine chomh maith le saothar ealaíne ó leanaí na mbunscoileanna go léir ar taispeáint. Beidh an taispeántas ar oscailt ó Dhomhnach Cásca go dtí an Aoine 21 Aibreán i mbliana. Beidh na múrtha fáilte romhat bualadh isteach is ar do shuaimhneas, sásamh a bhaint as saothar iontach na n-ealaíontóirí.

___________

Céilithe na Scol

Smúit á bhaint as na fraitheacha i Halla Lios Póil Dé hAoine 10 Márta mar a raibh leanaí Scoil Lios Póil, Scoil Iognáid Rís agus Scoil an Chlochair ag rince. Buíochas leis na Ceoltóirí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne as an gceol a sholáthar: Máirtín Ó Cathasaigh, Tríona Ní Shúilleabháin, Orna Ní Bheaglaoí agus Ciarán Mac Gearailt.

___________

Cúrsaí Gaeilge Oidhreachta do Dhaoine Fásta 2017

An bhfuil fhios agat cérbh é Dáire Donn?

An bhfuil fhios agat cathain a cheiliúrtar Lá Naomh Caitlíona?

An bhfuil cur amach agat ar na nósanna ar fad a bhaineann leis na Toibreacha Beannaithe i gCorca Dhuibhne?

Beidh na freagraí go léir le fáil ar chúrsa de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Nósanna is béasa a thagann anuas chugainn ó ghlúin go glúin, agus atá fós á gcruthú againn, atá sa bhéaloideas. Oideas is ea iad ar conas maireachtáil. Is de bhéal a roinneadh na nósanna is na hoidis seo linn. Chinnibh na Gaeil mórán de nósanna is de bhéasa a muintire beo mar gur cleachtadh iad anuas trísna glúnta agus cleachtaímid cuid acu fós sa lá atá inniu ann.

Beidh cúrsa 3 lá sa Ghaeilge, sa Stair Áitiúil & sa Bhéaloideas ar siúl ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ón 19ú – 21ú Aibreán i mBaile an Fheirtéaraigh, i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. €185 costas an chúrsa. Ní mór líofacht éigin sa Ghaeilge a bheith ag rannpháirtithe. Reáchtálfar ranganna/seisiúin chainte sa Ghaeilge ar maidin agus cainteanna/léachtaí san iarnóin ar ghnéithe de stair ársa áitiúil agus de mhórscéalta béaloideasa Chorca Dhuibhne.  Tabharfar turas ar chuid desna láithreacha staire is seandálaíochta is ársa agus is mó sa cheantar chomh maith le Músaem Chorca Dhuibhne i rith an chúrsa.  Cuirfear an-fháilte roimis rannpháirtithe. Cúrsaí eile atá ar na bioráin: Gaeilge & Siúlóidí Oidhreachta: 28 Aibreán – 1 Bealtaine 2017. Costas €185: Gaeilge, Sláinte Coirp is Anama/Yoga weekend, as Gaeilge. Costas: €145 Tuilleadh Eolais ar an gCúrsa seo agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag:   www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie / 066 91 56100.

___________

Maidean Chaife & Cíoradh Focal

Cupa tae/caife agus seisiún cainte bríomhar arís i dteannta Toose maideanacha Dé hAoine, ag Díseart, An Daingean óna 11.30 – 1.00. Bhíomair ag trácht le déanaí ar an ngnáthfhocal geansaí as ós scéal a tharraigíonn scéal deineadh tagairt don nath ‘chomh dall le geansaí’, a chloistear go mion minic sa chaint laethúil i gCorca Dhuibhne. Cad go díreach is brí leis nó cad as a dtagann sé? An féidir a bheith chomh dall le geansaí sa tslí chéanna is a bheadh duine chomh dall le bonn mo bhróige? Dar ndóigh dhá bhall feistis atá i gceist le geansaí agus bróg. Ach ní geansaí mar sin atá i gceist ar chor ar bith le ‘chomh dall le Geansaí’ mar is léir ón gceannlitir G ansan. Deintear tagairt anseo go Gheansaí – píobaire cáiliúil a saolaíodh i gCill Airne san ochtú haois déag. James Gandsey ab ainm dó.

Sloinne as an ngnáth é, mar Sasanach ab ea a athair a raibh baint aige le Caisleáin an Rois i gCill Airne. De réir na hirise Journal of Kerry Folk Life Imleabhar 8, Uimhir 3 phós Gandsey bean áitiúil agus saolaíodh mac dóibh James sa bhliain 1767. Roinnt blianta ina dhiaidh sin d’ardaigh a thuismitheoirí a seolta go Gibraltar agus fágadh a mac fé choimirce a sheanmháthar, máthair na máthar dar ndóigh. Ar mhí-ámharaí an tsaoil bhuail taom bolgaí James óg a d’fhág dall é, geall leis. As san an nath ‘chomh dall le Gandsey’. Bhí Gandsey fostaithe mar Phíobaire an Tiarna Headley-Wynne a raibh cónaí air i gCaladh na Feirste, cóngarach do Bhaile an Mhuilinn, Co. Chiarraí. Thugtaí Lady Headley’s Piper air. Bhain sé clú agus cáil amach dó féin a feabhas a chuid píobaireachta. Tugann an leabhar taistil ‘Hall’s Ireland ardmholadh dó mar dhuine a raibh féith an cheoil go smior ann. Agus é fós ina fhear óg, dheineadh James uirlisí ceoil as giolcacha Locha Chill Airne. Ba é a mhúinteoir agus a dhlúthchara Tadhg Connor a bhronn air na píobaí uillinn a sheinneadh sé. Dar le Connor ní raibh aon phíobaire eile in Éirinn ag an am ab fhearr teideal chucu.

Tá údar maith leis an leagan ‘Geansaí’ mar aistriú ar Gandsey. B’shin mar a thráchtann An Seabhac air ina dhírbheathaisnéis ‘Beir mo Dhúthracht’. Deir an Seabhac gur mhair cuimhne ar Ghandsey Píobaire ag muintir Chorca Dhuibhne go dtí ár linn féin. Is amhlaidh a mhair sé go dtí 1857. Bhí 90 bliain slánaithe aige fén am san agus rugadh an Seabhac sé bliana fichead ina dhiaidh sin. Adhlacadh Gandsey i Mainstir Mhuc Rois i gCill Airne. Níl aon tásc ar a uaigh féin anseo is baolach ach tá leacht cuimhneacháin ann ag coinneáil a chuimhne buan. Agus na haon uair a deirimid ‘chomh dall le Gandsey’ táimid ag cur cloch i leacht duine uasail a dhein cion fir do chultúr a thíre.
Buíochas: Máire Ní Iarlaithe

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 9156100 nó eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
www.cfcd.ie
Táimid ar Twitter agus Facebook

Anso is Ansúd 14ú Márta 2017

Céilithe Móra na Scol 2017

Éacht déanta ag Christy Mac Gearailt le leanaí na dúichí le cúpla seachtain anuas agus a rian ar an dtaispeántas breá rince a bhí againn i Halla Cheann Trá agus Halla Lios Póil le déanaí. Buíochas leis na scoileanna go léir a bhí páirteach. Is le maoiniú ó Roinn na Gaeltachta a eagraítear Rince na Scol.

Rannsach á bhaint as an urlár i Halla Cheann Trá Déardaoin 9 Márta ag leanaí ó Scoil Cheann Trá; Scoil Chaitlíona Naofa, Cill Mhic a’Domhnaigh, Scoil an Fheirtéaraigh, Scoil Chill Maoilchéadair, Scoil Naomh Eirc agus Scoil an Ghleanna. Buíochas le Pádraig Ó Sé as an gceol breá a sheinn sé dúinn.

Smúit á bhaint as na fraitheacha i Halla Lios Póil Dé hAoine 10 Márta mar a raibh leanaí Scoil Lios Póil, Scoil Iognáid Rís agus Scoil an Chlochair ag rince. Buíochas leis na Ceoltóirí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne as an gceol a sholáthar: Máirtín Ó Cathasaigh, Tríona Ní Shúilleabháin, Orna Ní Bheaglaoí agus Ciarán Mac Gearailt.

Shúilleabháin, Orna Ní Bheaglaoí agus Ciarán Mac Gearailt.

___________

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh an Bhuailtín

Ba mhaith le Coiste an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh buíochas ó chroí a ghabháil le foireann Scoil Cheoil an Earraigh as an gceol agus as an gcuideachta iontach ag ócáid na Sinsear le déanaí.  Ba mhaith linn buíochas a ghabháil chomh maith le Susan Feirtéar, Neasa Ruiséal agus Christy Mac Gearailt a dhein cístí aoibhne dúinn le deanaí – is mór againn bhur bhféile!

Bhí ana-spórt ag na leanaí ag Scléip an tSathairn le déanaí agus na leanaí i mbun ceoil a chumadh le Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Slavek! Tá ceol ins na haon rud ach a bheith ag éisteacht…

Beidh maidin chaifé sa Mhúsaem maidin Lá le Pádraig tar éis na Paráide ar mhaithe leis an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i mBaile an Fheirtéaraigh agus leis an mbus nua.

Fáiltímid leis an mbus nua atá díreach tagtha chomh fada leis an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh. Deontas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta a chabhraigh leis an mbus a cheannach ach beidh go leor airgid le bailiú chun go gcuirfear chun bóthair. Bheimíst fíor-bhuíoch as bhur dtacaíocht arís leis an mbácáil agus eile i mbliana.

Beidh Seisiún Amhránaíochta le Páidí Mhárthain Mac Gearailt á reáchtáil tar éis scoile ag 3.15 ar an nDéardaoin, 23ú Márta. Do leanaí bunscoile óna 8-12 na seisiúin seo.

Breis Eolais: Áine ag 066 9156987 nó 087 6483170

___________

Ceardlanna Cumadóireachta: Agallamh Beirte & Lúibín

Buail isteach ag an Lárionad Gaeilge & Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh ag 7.30 p.m. tráthnóna Dé hAoine agus óna 9.30 a.m.-5.00 maidin Dé Sathairn, 24-25ú Márta 2017, áit a mbeidh rannpháirtithe ag obair i ngrúpaí beaga chun ábhar nua a chumadh sa stíl thraidisiúnta. Déanfaidh daoine a rogha idir Agallamh Beirte agus Lúibín. Aodh Ó Domhnaill agus Breandán Mac Gearailt a dhéanfaidh na ceardlanna a stiúradh. Áirithintí go dtí Máire Ní Scannláin (066 9156100/ m.niscannlain@cfcd.ie) nó Eibhlín de Paor (026 45366 / e.depaor@udaras.ie) roimh 10ú Márta.

___________

Gearrchúrsa i Litríocht na Gaeilge

Beidh an cúigiú léacht sa tsraith seo ar siúl sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh óna 7.00 ar an Aoine, 24ú Márta 2017. Is é an Dr Tadhg Ó Dúshláine a thabharfaidh caint na hoíche ar Próslitríocht Chorca Dhuibhne: Rogha ó Céad Bliain Fáilte roimh chách. €20 táille na hoíche. Arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Breis Eolais: c.budhlaeir@ucc.ie nó (066) 9156136 nó eolas@cfcd.ie nó (066) 9156100

___________

Cúrsaí Gaeilge & Oidhreachta do Dhaoine Fásta 2017

An bhfuil fhios agat cérbh é Dáire Donn?

An bhfuil fhios agat cathain a cheiliúrtar Lá Naomh Caitlíona?

An bhfuil cur amach agat ar na nósanna ar fad a bhaineann leis na Toibreacha Beannaithe i gCorca Dhuibhne?

Beidh na freagraí go léir le fáil ar chúrsa de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Nósanna is béasa a thagann anuas chugainn ó ghlúin go glúin, agus atá fós á gcruthú againn, atá sa bhéaloideas. Oideas is ea iad ar conas maireachtáil. Is de bhéal a roinneadh na nósanna is na hoidis seo linn. Chinnibh na Gaeil mórán de nósanna is de bhéasa a muintire beo mar gur cleachtadh iad anuas trísna glúnta agus cleachtaímid cuid acu fós sa lá atá inniu ann.

Beidh cúrsa 3 lá sa Ghaeilge, sa Stair Áitiúil & sa Bhéaloideas ar siúl ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ón 19ú – 21ú Aibreán i mBaile an Fheirtéaraigh, i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. €185 costas an chúrsa. Ní mór líofacht éigin sa Ghaeilge a bheith ag rannpháirtithe. Reáchtálfar ranganna/seisiúin chainte sa Ghaeilge ar maidin agus cainteanna/léachtaí san iarnóin ar ghnéithe de stair ársa áitiúil agus de mhórscéalta béaloideasa Chorca Dhuibhne.  Tabharfar turas ar chuid desna láithreacha staire is seandálaíochta is ársa agus is mó sa cheantar chomh maith le Músaem Chorca Dhuibhne i rith an chúrsa.  Cuirfear an-fháilte roimis rannpháirtithe. Cúrsaí eile atá ar na bioráin: Gaeilge & Siúlóidí Oidhreachta: 28 Aibreán – 1 Bealtaine 2017. Costas €185: Gaeilge, Sláinte Coirp is AnamaYoga weekend, as Gaeilge. Costas: €145 Tuilleadh Eolais ar an gCúrsa seo agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag:

www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie / 066 91 56100.

___________

Lóistín i gCorca Dhuibhne 2017

Má tá tigh le ligean ar cíos agat, má tá seomra singil ar fáil id thigh nó má tá suim agat Leaba & Bricfeasta a chur ar fáil sna seachtainí seo a leanas: 10-15ú Iúil agus /nó 14 – 19ú Lúnasa 2017, i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh/Cheann Trá/Dhún Chaoin, tar i dteagmháil linn anseo in oifig Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag 066 9156100 nó ag eolas@cfcd.ie Fáilte ach go háirithe roimh thithe le Gaelainn.

___________

Maidean Chaife & Cíoradh Focal

Cupa tae/caife agus seisiún cainte bríomhar arís maideanacha Dé hAoine, ag Díseart, An Daingean óna 11.30 – 1.00. Bhí plé againn istigh ní rófhada ó shin ar an bhfocal fód. Tuigimid ar fad a bhfuil i gceist le teacht ar an bhfód! Déarfaí a leithéid fé eagras nó cumann, mar shampla. Tugtar fód an bhaic nó an barrfhód ar an gcéad fhód a chastar agus an talamh bán á threabhadh. Baintear an scraithín ag barra. Tugtar béal gearrtha chomh maith ar an gcéad ghearradh a deintear sa chré. Baineann dromfhód, caolfhód agus camfhód le codanna éagsúla den iomaire treafa. Fód an bháis an áit ina chailltear duine agus fód an ghinte & fód an dúchais an áit ina ghintear agus ina shaolaítear duine. Agus ní mór dúinn ar fad an fód a sheasamh uair éigin i rith an tsaoil sa chás go mbíonn éagóir á dhéanamh ar dhuine nó in argóint nó achrann. Buíochas as an méid sin aríst Toose! Treise leat!

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 9156100 nó eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie
www.cfcd.ie
Táimid ar Twitter agus Facebook