Anso is ansúd ó Chorca Dhuibhne

 

25ú Deireadh Fómhair 2016

 

Ná casaigí ar Bhéarla! Tuigim Gaeilge

Go minic má bhíonn beirt nó triúr ag caint le chéile as Gaeilge agus tagann duine eile ina láthair atá ag foghlaim na Gaeilge nó nach bhfuil an teanga céad faoin gcéad ar a thoil aige, ar thug tú faoi deara go bhfuil sé de nós agus de chleachtas ann casadh ar Bhéarla? Ba mhaith le daoine bheith cúirtéiseach agus níor mhaith leo bheith drochbhéasach. Is nósmhaireacht í seo nach mbaineann le Gaeilge amháin ach baineann le hiompar daoine ar fud na cruinne a bhfuil an dá theanga ar eolas acu. Ach, ar rith sé riamh leat b’fhéidir gur mhaith leis an duine sin “ar bheagán Gaeilge” go leanfadh caint an chomhluadair ar aghaidh trí mheán na Gaeilge?  Tugann sé deis dóibh bheith ag éisteacht leis an teanga agus codanna di a thuiscint agus a shú isteach.  Cuimhnigh air ! Seo gníomhaíocht don phlean teanga a bheidh agat go luath.

Don’t switch to English! I understand Irish!

Often if there are two or three people talking together in Irish and another person comes on the scene who is learning Irish or whose grasp of the language is not one hundred per cent. Out of courtesy, the two or three speaking in Irish will switch to English. People want to be courteous and they do not want to be rude and exclude others on the basis of their apparent lack of language. This is standard practice worldwide among people with knowledge of two languages. But, did it ever occur to you that the person with “a bit of Irish” might actually want speakers in their company to continue speaking the language? It allows them to listen to the language and absorb and understand it. Think about it! This is an action point for you in your Language Plan which will be complete soon.
Muiris Ó Laoire
Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, Co. Chiarraí.

 

Léaráid:  Dómhnal Ó Bric


Féile na nÓg 2016

Ba mhaith le foireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne tréaslú le gach aon leanbh a ghlac páirt i bhFéile na nÓg i mbliana. Treise libh go léir!  Oidhreacht Chorca Dhuibhne a eagraíonn Féile na nÓg, féile a eagraítear mar chuid de Scéim na gCuntóirí Teanga le maoiniú ón Roinn Ealaíon Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, chomh maith le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta a mhaoiníonn na Scéimeanna Amhránaíochta agus Scríbhneoireachta sna scoileanna. Gabhann an Oidhreacht buíochas leis le gach éinne a chabhraigh in aon tslí in eagrú na hócáide go háirithe na Príomhoidí, na Múinteoirí, na Cuntóirí Teanga, na Moltóirí, na Tuismitheoirí agus na Scéalaithe agus na hAmhránaithe sna scoileanna. Buíochas chomh maith le hEibhlín Uí Iarlaithe as cumadóireacht na nAgallamh Beirte.


Dátaí don ndialann

Gearrchúrsa i Litríocht Chorca Dhuibhne

Beidh an tarna léacht sa tsraith seo ar siúl idir 7.00-9.30 sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh ar an Aoine, 9ú Nollaig. An Dr Tomás Ó Murchú a thabharfaidh an chaint ar Litríocht an Bhlascaoid Mhóir. Fáilte roimh chách. €20 táille na hóiche. Arna eagrú ag Oidheracht Chorca Dhuibhne i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Breis Eolais:

c.budhlaeir@ucc.ie nó (066) 9156136
eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook .


Ná dearmad dhá chúrsa eile a bheidh á
reachtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
amach anseo:

(i) Gaeilge, Ealaín & Filíocht 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh: Costas €135
(ii) Gaeilge, Sláinte Coirp is Anama .i. Yoga as Gaeilge, 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh 2016: Costas €135 (Rogha lá amháin, dhá lá nó trí lá a dhéanamh ag €10 an seisiún), de réir mar a oireann)
(Níl na cúrsaí seo oiriúnach do Ghlantosnaitheoirí sa Ghaeilge/These courses are not suitable for Beginners. See www.oidhreacht.ie for an Irish Language Course for Beginners or see above). Tuilleadh Eolais ar na cúrsaí seo ar fad agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag:   www.oidhreacht.ie /
eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook .

 


Maidean Chaife & Cíoradh Focal

Cupa tae/caife agus seisiún cainte bríomhar arís maideaneacha Dé hAoine, ag Díseart, An Daingean óna 11.30 – 1.00.
Fáilte roimh chách.


Tionól Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag Oireachtas na Gaeilge, Cill Airne.

11.00 Déardaoin 3 Samhain Maidin Chaife le Micheál Toose Mac Gearailt (Óstán Brehon)
3.00 Déardaoin Orla Uan ar Scoil – Leabhar & CD le hEibhlín Uí Iarlaithe arna sheoladh ag Sláine Ní Chathalláin.
10.00 Dé hAoine Siúlóid Staire le Seán Ó Dálaigh (ó Halla an Bhaile). www.oidhreacht.ie / Facebook

An Fhéile Bheag Filíochta Baile an Fheirtéaraigh

11-13 Samhain Gach eolas ag www.anfheilebheagfiliochta.com

Scléip na Samhna ag Tús Maith

Beidh Cluichí & Spórt do leanaí Chorca Dhuibhne ar siúl i Halla na Feothanaí óna 5.00 – 7.00 ar an Luan 31ú Deireadh Fómhair. Is í an Ghaelainn teanga na hócáide.

Dinnéar do Shinsir Bhaile an Fheirtéaraigh

Beidh an dinnéar ar fáil ag 1.00 ar an 10ú & 24ú Samhain sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh agus tá dáta fós le socrú do Dhinnéar na Nollag.

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd

Anso is ansúd ó Chorca Dhuibhne

 

11ú Deireadh Fómhair 2016

 

Cad is Plean Teanga ann?

Tá cloiste ag gach duine ag an bpointe seo fén bplean teanga don Ghaeilge sa dúiche seo. Eiseofar an plean teanga ag deireadh na bliana seo, mar sin, tá sé tábhachtach tuiscint chruinn bheith againn ar cad is plean teanga ann. Anseo tugtar freagra achomair ar an gceist sin: Cad is plean teanga ann?

Bíonn orainn go léir pleanáil a dhéanamh gach lá,  ó phleanáil do bhéilí, do laetha saoire go pleanáil do oideachas ár gcuid leanaí. Ní mór pleanáil a dhéanamh do theangacha chomh maith céanna. Fiú i gcás na mórtheangacha domhanda ar nós an Bhéarla agus na Spáinnise, bíonn pleanáil leanúnach ar siúl maidir le téarmaí nua a chumadh do réimsí mar theicneolaíocht, ríomhaireacht agus leigheas nuair a chruthaítear rud nua.

I gcás teangacha atá timpeallaithe ag mórtheangacha domhanda agus i gcás teangacha atá faoi bhagairt a mbáis, bíonn gá le síorphleanáil chun úsáid na dteangacha sin a neartú, a leathnú agus a bhuanú.

Sin atá ag tarlú i gcás na Gaeilge anseo. Tá gá le plean a chur le chéile chun go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail agus i dtreo is go mbeidh líon na daoine a úsáideann go laethúil í ag fás de shíor. Sin an chúis gur leag Acht na Gaeltachta 2012 próiseas pleanála teanga amach don Ghaeltacht. Faoin Acht seo, tá na ceantair Ghaeltachta ag cur plean teanga le chéile.

Tá an próiseas seo ar siúl i gCorca Dhuibhne le tamall anuas.  Reachtáladh fócasghrúpaí  le páirithe leasmhara agus sainíodh spriocanna atá le baint amach tríd an bplean.  Beidh tréimhse cuíosach fada chun na spriocanna sin a chur i bhfeidhm agus muna bhfuil ag éirí linn an sprioc a bhaint amach, beidh deis againn an sprioc a athrú nó sprioc eile a chur ina háit. Murab ionann agus pleananna eile a scríobhadh go dtí seo, is é an pobal féin atá ag cur an plean seo le chéile. Níl ann do theanga ná do phlean gan phobal. Déan deimhin de breis eolais a fháil fén bplean agus bíodh ionchur agat ann más suim todhchaí na teanga.

An Dr Muiris Ó Laoire

Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, Trá Lí, Co. Chiarraí.


Stáitsiú ‘Cailleacha a’ Dúna’

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

25 Meán Fómhair 2016

Ó chnuasaigh scéalta Pheig Sayers, Bhab Feirtéar, Nell Ní Mhurchú, agus Nóra Ní Shéaghdha an scéal Cailleach an Dúna.  Cuireadh an scéal inár láthair ar stáitse i rith Cheiliúradh an Bhlascaoid 2016. Bhí an cur i láthair seo á stiúradh ag Marina Ní Dhubháin agus an tAthair Tomás Ó hÍceadha a bhí ina  chomhairleoir aici.  Tá taithí againn ar ardchaighdeán aisteoireachta Aisteoirí Bhréanainn ach bhíodar níos fearr ná riamh an babhta seo, agus tá moladh speisialta ag dul do Bhríd Criomhthain.   Cuireadh go mór leis an gcur i láthair mar gurbh í an ceoltóir aitheanta Máire Bhreathnach a chóirigh an ceol agus gurbh é an sárcheardaí Billí Mag Fhloinn a dhein an dearadh.  Dar leis an gclár bhí “stáitsiú spleodrach”  romhainn amach.  Níor leor an cur síos sin áfach, mar bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist. De ghnáth, agus na soilse á múchadh, bíonn gach súil dírithe ar an stáitse. Sa chás seo, tumadh díreach isteach sa dorchadas sinne, dorchadas agus doircheacht agus gach a bhaineann leo, eagla, piseogacht agus amhras. Sa dorchadas, agus cluas ghéar le héisteacht againn, do chualamar naomhóg ag imeacht, rithim bhuillí  na maidí rámha ag éirí níos laige de réir a chéile.  Leath tost uaigneach an oileáin iargúlta ar fud na hamharclainne agus bhraitheas féin go rabhas tréigthe.  Idir ciunás agus dorchadas, díríodh na céadfaí ar a raibh ag titim amach mórthimpeall orainn, agus ansin, ón saol eile ansin thall, bhris sraith guthanna an tost bagrach.  Ba le Peig Sayers, Bab Feirtéar, Nell Ní Mhurchú agus Nóra Ní Shéaghdha na guthanna agus iad ag insint a leaganacha scéalta dúinn ón uaigh.

Solas luaineach chugainn ansin, agus tháinig na cailleacha ón scéal inár láthair, mascanna orthu, gruaig raifia síos go talamh orthu, agus iad ag luascadh a gcolann anonn is anall.

Fágadh sceimhlithe sin do réir mar a bhí an scéal á nochtadh aiges na mná, ach, mar a dúirt Bab Feirtéar, “brostaíonn airc intleacht”.  Agus is ann a bhí bun agus barr an léiriú nua-aimseartha seo.  Tharraing an cur i láthair seo isteach i nguairneán mothúchán sinne, trí úsáid an-éifeachtach abhaint as trealamh nua-aimseartha, fuaimeanna, soilsiú iontach agus taifid na scéalaithe. Coiméadadh ar bís sinn le dord agus le rithim agus gluaiseachtaí na gcailleacha.   Bealach núalaíoch a bhí sa léiriú seo chun an seanscéal béaloidis a  bhfuil cur amach ag daoine air ar fud na  tíre seo, chomh maith leis an teachtaireacht atá ann maidir le conas dul i ngleic lena gcuireann sceimhle orainn, a chur os comhair lucht féachana an lae inniu. D’éirigh leis an stiúradh sinn a shá fé chraiceann an scéil go putóga, don chuid fho-chomhfhiosach den intinn, láthair inar féidir linn bualadh lenár sinsir.

Cáit Uí Righin

 


Folúntas do Chúntóir Teanga do Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin.

Riachtanais:

Gaelainn Líofa/Taithí/Cáilíocht FETAC.

Seol CV reatha faoin Aoine, 21 Deireadh Fómhair 2016 go dtí:

Post:  Cúntóir Teanga, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta, Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Breis Eolais:  eolas@cfcd.ie 066 91 56100 

Tá an post seo á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.


 

Gearrchúrsa i Litríocht Chorca Dhuibhne

 

B’fhéidir gur duine tusa go bhfuil an Ghaelainn ar do thoil agat, ach nach raibh aon deis agat go dtí seo puinn léitheoireachta nó staidéir a dhéanamh ar shaibhreas litríochta na dúthaí seo. Seo é do sheans anois!

Cuirfear tús le Gearrchúrsa ar Litríocht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh ar an Aoine an 14ú Deireadh Fómhair chun blaiseadh a thabhairt don bpobal ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht na háite seo.

Sé cinn de léachtaí a bheidh i gceist tráthnóntaí Dé hAoine mar a mbeidh léargas le fáil ar luathfhilí Chorca Dhuibhne, ar fhilí comhaimseartha, ar an mbéaloideas agus ar scríbneoirí próis an cheantair agus mar sin de.  Beidh léachtóirí aitheanta i mbun na gcainteanna ar nós an Dr. Tadhg Ó Dúshláine, an Dr. Tomás Ó Murchú, agus an Dr. Ríonach Uí Ógáin.  

Cuirfear tús leis an gcéad léacht ar an 14ú Deireadh Fómhair idir 7.00-9.30 p.m. agus is féidir clárú don gcúrsa an oíche sin chomh maith. Tá an cúrsa á reachtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar le Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus beidh sé ar siúl sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh. €100 costas an chúrsa.

Breis Eolais: nó  eolas@cfcd.ie 066 91 56100 


 

Maidean Chaife & Cíoradh Focal

Cuirfear tús leis an seisiún cainte arís maidean Dé hAoine, an 14ú Deireadh Fómhair ag Díseart sa Daingean óna 11.30 – 1.00.  
Fáilte roimh chách.


Dátaí eile don nDialann

 

Tionól Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag Oireachtas na Gaeilge, Cill Airne.  11.00 Déardaoin 3 Samhain Maidin Chaife le Micheál Toose Mac Gearailt Óstán Brehon 10.00 Dé hAoine Siúlóid Staire le Seán Ó Dálaigh (ó Halla an Bhaile).  www.oidhreacht.ie / Facebook .

An Fhéile Bheag Filíochta Baile an Fheirtéaraigh 11-13 Samhain Gach eolas ag www.anfheilebheagfiliochta.com

Scléip na Samhna ag Tús Maith

Beidh Cluichí & Spórt do leanaí Chorca Dhuibhne ar siúl i Halla na Feothanaí óna 5.00 – 7.00 ar an 31ú Deireadh Fómhair.  Is í an Ghaelainn teanga na hócáide.

 

Comharchumann Forbartha Chorca

Dhuibhne


Oidhreacht Chorca Dhuibhne

066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd