Anso is ansúd ó Chorca Dhuibhne

 

13ú Meán Fómhair

Gaelainn Chorca Dhuibhne!


Cá bhfuil na buachaillí go léir?

Níl puinn acu sa rang seo. 

D’fhéadfadh go rabhadar siar ó thuaidh

Agus mearathal orthu nach féidir leo a shárú.

Gach seans go gcailleadh iad inné,

Agus iad ag bruíon in aghaidh an Tuisil Ghinidigh.

Is dócha go bhfuilid tugtha traochta

Is clipthe suaite cráite ag teanga a sinsear.

Ceapaim go rabhadar ite ag leisce, 

Agus níl faic á dhéanamh acu anseo.

Is amhlaidh nach bhfuil aon fuadar fúthu,

Agus iad ag caitheamh a dtóna.

Táim cinnte nach gadhair mhallaithe iad.

Níl iontu ach teaspach na ngamhna.

B’fhéidir go bhfuil an diabhal orthu,

Ach ní haon phioc de mo chúram é.

Ní chuireann siad le gealaigh mé,

Ní thógaim aon cheann dóibh.

Dheineas ana-lámh air

go dtána go dtí an Cúrsa seo.

Bhíos sceimhlithe im bheathaidh,

Ach anois tá mé go diail.

Nílim ag faoileáil ar na cailíní deasa,

Ach ag baint súp as cuileachta bhreá!

Vitaly Kovalchuk

Dé Máirt, 9ú Lúnasa 2016

Ó Mhoscó na Rúise é Vitaly atá ag foghlaim na Gaelainne le cúig nó sé cinn de bhlianta i Moscó agus i mBaile an Fheirtéaraigh.  Seo mar a chuir sé síos ar a bhfoghlaim sé de chanúint Chorca Dhuibhne i rang Gaelainne na bliana seo.  


Mar Eolas

Siúl Sléibhe & Blaiseadh Bídh trí Ghaelainn i gCorca Dhuibhne!

arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh ón 7ú – 9ú Deireadh Fómhair 2016 

Beidh Cúrsa Gaeilge, Siúlóidí Oidhreachta & Blaiseadh Bia á reáchtáil arís i mbliana ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ón 7ú-9ú Deireadh Fómhair 2016.  Beidh raidhse imeachtaí ar siúl ó ranganna Gaeilge ar maidin go siúlóidí sa tráthnóna, go cainteanna spreagúla istoíche agus blaiseadh bia an Fhómhair tráthnóna Dé Sathairn. 

Deintear iarracht sna cúrsaí seo freastal ar dhaoine a thagann chugainn is cuma cén cumas teanga nó aclaíochta atá acu. Beidh cúpla rang Gaeilge  ar maidin agus beidh aoichainteoir ann roimh lón.  Agus tar éis lóin bíonn rogha ag rannpháirtithe tabhairt fé Chnoc Bréanainn nó fé Shliabh an Fhiolair, mar shampla, nó fé shiúlóid seandálaíochta nó oidhreachta sa cheantar.  Buataisí siúil agus éadach báistí riachtanach.  Ná dearmad an leabhar amhránaíochta nó an uirlis cheoil.   Tuilleadh Eolais: www.oidhreacht.ie /
eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook .



Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta sa bhFómhar


Agus fómhar na bliana seo ag druidim linn, tá sé in am a bheith ag cuimhneamh arís ar thabhairt faoi rang Gaeilge nó faoi chúrsa Gaeilge uair amháin eile nó fiú faoi theastas a bhaint amach duit féin sa teanga.  Coimeád súil ar an leathanach seo ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i rith na míosa le haghaidh tuilleadh eolais ar Ranganna/Cúrsaí Gaeilge sa Daingean don bhfoghlaimeoir fásta ag gach leibhéal & do Theastas Eorpach sa Ghaeilge chomh maith.

Irish Language Classes for all levels, from Beginner to Advanced and for those who wish to complete a certificate course (TEG/European Certificate in Language Learning) available in the Autumn term.  See advertisement in this magazine/contact Oidhreacht Chorca Dhuibhne:

Tuilleadh Eolais/Further Information:  Caitríona at www.oidhreacht.ie /
eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook .

 


Lóistín i mBaile an Fheirtéaraigh

Anseo thíos atá an sceideal dosna Grúpaí Súgartha as Gaelainn a bheidh á reáchtáil ag Tús Maith i gCorca Dhuibhne i mbliana:  Dé Luain/Monday:  Ionad Leanaí na Gráige, Lios Póil(10.15-11.45).  Dé Máirt/Tuesday An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh, Baile an Fheirtéaraigh (10.30-12.00).  Dé Céadaoin/Wednesday Áiseanna na hÓige, An Daingean (10.30-12.00).  Déardaoin/Thursday Halla le Chéile, An Clochán 11.00-12.30.  Bígí Linn!

Gach eolas ó Orlaith ag 066 91 56100 

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd