Anso is ansúd ó Chorca Dhuibhne

 

10ú Bealtaine 2016

Gramadach na Gaeilge & Ceiliúradh Lúnasa i mBaile an Fheirtéaraigh

Téim ar chúrsa i gCiarraí le teacht an Fhómhair

Feabhas a chur ar mo chuid Gaelainne an cuspóir

Ach is fíor fén gcúrsa úd

Go ndéanaimse dearmaid 

 ar chomh hainnis is atá an nuamhúinteoir.

Níos measa fós is ea an nuachlár

An Tuiseal Ginideach is Tabharthach ar barr

Is an t-ábhar is furasta

An diabhal Briathar Uireasa!

Ó geallaimse duit go gcuirfí tú ar lár!

Chomh luath is im chathaoir atáim suite

Go luaitear an Réamhfhocal sin Comhshuite

Leis an gcruachás is pian

Is an ghramadach chomh dian

Is ar éigean go mbíonn mo inchinn beagnach bruite.

Ní hé nach maith liom an staidéar

Ach nár cheart do múineadh teangan bheith soiléir?

Suim ó bhíos óg

Níl agam in uaschamóg!

Is b’fhearr liom iad a sheachaint, iad go léir.

An rud is measa liom ar fad ná an séimhiú

Ó a bhfuil uaim ón mbuailte sin éalú

As Béarla – sea – sedition!

Deir sí ‘f’ resists lenition!

Ach ar ndóigh tá eisceachtaí go leor. 

Is fuath liom an ghramadach mar ríocht

Áit a n-oibríonn ainmfhocal mar aidiacht

Le de Bhaldraithe mar leabhar

Táim beagnach as mo mheabhair

Is cinnte anois go stopfaidh mé ag teacht!

Ach an rud a chuireann orm mearbhall dubh 

Go deimhin is fíor go gcuireann sé orm an goimh.

An Clásal Coibhneasta Indíreach

Aineoin go bhfuil sé fíor ach 

Is fíor é nach féidir liom a chreidiúint.

Táim críochnaithe le laghdú ar mo neart

Agus ordaithe ón múinteoir nach bhfuil ceart

B’fhearr léi sinn a scriosadh 

Ná riail ghramadaí a bhriseadh 

Bí cinnte de, comhlíonfadsa mo bheart.


Ach i ndeireadh dála tiocfaidh mé ar ais

Mar ar bharr an tseomra ranga chím fís

Tá an múinteoir chomh gleoite

Gur minic go n-éirím breoite

Is ní féidir liom an tarraingt seo a sheasamh.

Tá rud eile faoin gcúrsa seo 

Is mar gheall air sin is linn atá an t-ádh

Is í cineáltacht na ndaoine 

a chónaíonn i gCorca Dhuibhne

Is ag filleadh anseo a bheidh mé go brách. 

Eoin Ó hIcí

Baile Átha Cliath

Lúnasa 2016


Mar Eolas

Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta)

Tá an cúrsa páirtaimseartha (Féach an Fógra ar leathanach eile san iris) seo ag Leibhéal 7 á thairiscint ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara.  Ocht Satharn a bheidh i gceist do cháilíocht phroifisiúnta i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta.  Tá Foirm Iarratais, eolas ar tháille agus tuilleadh eolais ar an gcúrsa féin, ar fáil ag (01) 708 3737 nó ó teanga@nuim.ie nó ar an suíomh idirlín www.maynoothuniversity.ie/language.

Táthar ag súil go reáchtálafar an cúrsa seo i gCill Airne sa bhFómhar.  Tar chun cainte le Máire nó le Caitríona in Oidhreacht Chorca Dhuibhne (ag an uimhir thíos) maidir le páirt-thacaíocht a fháil chun freastal ar an gcúrsa.

 


Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta sa bhFómhar


Agus fómhar na bliana seo ag druidim linn, tá sé in am a bheith ag cuimhneamh arís ar thabhairt faoi rang Gaeilge nó faoi chúrsa Gaeilge uair amháin eile nó fiú faoi theastas a bhaint amach duit féin sa teanga.  Coimeád súil ar an leathanach seo ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i rith na míosa le haghaidh tuilleadh eolais ar Ranganna/Cúrsaí Gaeilge sa Daingean don bhfoghlaimeoir fásta ag gach leibhéal & do Theastas Eorpach sa Ghaeilge chomh maith.

Beidh Measúnú ar Leibhéal Gaeilge an mhic léinn don TEG, agus é saor in aisce, ar siúl sa Lab sa Daingean ar an gCéadaoin, an 14ú Meán Fómhair 2016 óna 10.00 – 3.00. 

Note:  Free assessment for European Irish Language Certificate to take place in the Lab, Dingle from 10.00 – 3.00 on Wednesday 14th September.

Tuilleadh Eolais/Further Information:  Caitríona at 066 91 56100 nó ag

eolas@cfcd.ie 


Ceiliúradh Lúnasa ar an mBuailtín

Gabhann Oidhreacht Chorca Dhuibhne buíochas ó chroí do mhúinteoirí, do léachtóirí & d’aoichainteoirí, do lucht scannán is drámaíochta, do threoraithe, do lucht lóistín, do mhuintir na háite agus d’fhoireann an Chomhairchumainn a chuir fáilte chroíúil roimis an 140 rannpháirtí a d’fhreastail ar Cheiliúradh Lúnasa,  scoil samhraidh bhliantúil na Gaeilge ar an mBuailtín ón 8ú – 13ú Lúnasa 2016.  Bhíodar ann ón Rúis, ó Mheirice, ó Shasana agus ó áiteanna ar fud na hÉireann dosna ranganna Gaeilge, do chainteanna, drámaí, léachtaí, scannáin, siúlóidí is blaiseadh de go leor eile.  Ag súil leis go mbain gach aon duine tairbhe is taitneamh as!

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd

Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne

 

2ú Lúnasa 2016

Seacht mBua an Éirí Amach

An Lab, An Daingean.  Dé Domhnaigh, 24 Iúil 2016

Cuireadh cloch eile fós ar charn laochra Éirí Amach na Cásca, Dé Domhnaigh, 24ú Iúil 2016. Bhí gliondar agus aoibhneas i ndán don tslua mór daoine a raibh sé d’ádh orthu freastal ar thaispeántas Dhiarmaid de Faoite sa Lab an tráthnóna úd. Is beag má bhí suíochán folamh san amharclann. Thug de Faoite léamh drámatúil ar Seacht mBua an Éirí Amach, cnuasach gearrscéalta de chuid Phádraic Uí Chonaire, a cuireadh i gcló don gcéad uair go gairid tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Agus a léithéid de chur i láthair drámatúil! Ní haon áibhéil a rá gur chuir an t-aisteoir fónta pearsanra na scéalta i láthair ina steilleabheatha. Bhraitheas gur bhuaileamar leo go pearsanta. Thairis sin dhein de Faoite Pádraic Ó Conaire féin a athbheochan agus a chur in aithne don lucht éisteachta. Ní beag san de theist ar ealaín de Faoite mar aisteoir agus mar léiritheoir. Tar éis an tsaoil bhí sé gan frapa gan taca seachas a ghuth cumhachtach, inchreidte féin.
Chuir sé go mór le pléisiúr an taispeántais ceol veidhlín agus amhránaíocht a bheith á thionlacan. Ba í Nuala Ní Chanainn ceoltóir an tráthnóna. Bhí sí ag seinnt léithe go binn agus sinn ag teacht isteach san amharclann, rud a chruthaigh suaimhneas agus tnúthán ionainn. Agus tháinig an tuar faoin dtairngreacht. Is dlúthchuid den nádúr daonna an scéalaíocht ó bheadán agus mionscéalta ár saoil laethúil féin go dtí scéalta móra an lae ar na meáin chumarsáide agus shóisialta. Ó aimsir na scéalta Fiannaíochta riamh anall go dtí ár lá féin tá dúil againn sa scéalaíocht. Sa léamh drámatúil a dhein Diarmuid de Faoite ar Anam an Easpaig, Beirt Bhan Mhisniúla agus M’Fhile Caol Dubh gan ach trí scéal a lua, chuir sé raon fairsing mothúchán in iúl go báúil, go híogair agus go paiseanta. An greann, an t-údarás, an t-éirí in airde agus an t-athrú meoin in Anam an Easpaig, an misneach, an grá daonna agus tíre, an chomhthuiscint, an t-áthas agus an brón ag na mná misniúla, an chluain, an mhídhílseacht agus an cur i gcéill, agus an easpa céille agus sásaimh in M’Fhile Caol Dubh. Bhí an bheatha go léir ann! Is féidir linn go léir ionannú leis na mothúcháin sin. De réir dealraimh tá Pádraic Ó Conaire féin agus a lucht aitheantais le brath ar na carachtair a chruthaíonn sé sna gearrscéalta. Deirtear nach gcruthaíonn scríbhneoirí carachtair inchreidte, iontaofa amach as a n-aigne féin ach go mbíonn siad bunaithe ar a lucht aitheantais. De réir de Faoite bhí aithne phearsanta ag an gConaireach ar phoblachtánaigh. Mhúin sé ranganna Gaeilge do lucht Chonradh na Gaeilge i Londain go luath san fhichiú haois. Bhí sé mór le Michael Collins mar shampla agus bhí Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir ar a chuid saothair ó thús na hAthbheochana Liteartha go dtí a anbhás, 3 Bealtaine 1916. Deir de Faoite go gcuaigh gearrscéalta Uí Chonaire chun leadráin in áiteanna ina dhiaidh sin cheal dea-eagarthóireachta. Ach scéal thairis é sin faoin am seo. Níl dabht ar bith faoi ach gur thug Diarmuid de Faoite agus Nuala Ní Chanainn seoid de thaispeántas dúinn sa Lab an Domhnach déanach d’Iúil. Ba phribhléid dúinn go léir a bheith i láthair.

Máire Ní Iarlaithe


Mar Eolas
Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta)

Tá an cúrsa páirtaimseartha seo ag Leibhéal 7 á thairiscint ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara. Ocht Satharn a bheidh i gceist do cháilíocht phroifisiúnta i múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta. Tá Foirm Iarratais, eolas ar tháille agus tuilleadh eolais ar an gcúrsa féin, ar fáil ag (01) 708 3737 nó ó teanga@nuim.ie nó ar an suíomh idirlín www.maynoothuniversity.ie/language.
Táthar ag súil go reáchtálafar an cúrsa seo i gCill Airne sa bhFómhar. Tar chun cainte le Máire nó le Caitríona in Oidhreacht Chorca Dhuibhne (ag an uimhir thíos) maidir le páirt-thacaíocht a fháil chun freastal ar an gcúrsa.


Ceiliúradh Lúnasa ar an mBuailtín

Cuireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne fíorchaoin fáilte roimis an 140 rannpháirtí a bheidh ag freastal ar scoil samhraidh bhliantúil na Gaeilge ar an mBuailtín ón 8ú – 13ú Lúnasa 2016. Beidh siad ann ón Rúis, ó Mheirice, ó Shasana agus ó áiteanna ar fud na hÉireann dosna ranganna Gaeilge, do chainteanna, drámaí, léachtaí, scannáin, siúlóidí is blaiseadh de go leor eile. Ag súil leis go mbainfidh gach aon duine tairbhe is taitneamh as!

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie / Facebook
@oidhreachtcd