Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne

 

19ú Lúil 2016

Tuairisc ón Oileán Úr


Tá cloiste againn go léir faoi Shéamus ‘An Spailpín’ Ó Muircheartaigh, an cumadóir nótáilte amhrán ó Ard na Caithne a thug fad a mhaireachtana ag sluaisteáil is ag sclábhaíocht ó mhaidin go hoíche i mianaigh Iarthar Mheirice. Más ea, is dealrach go bhfuil Gaeil Chiarraí ag triall fós ar an taobh tíre úd ach gan an oiread céanna cruatain ag baint leis in aon chor!


Thugas bliain go deireanach i gcathair Pocatello, Idaho. Dúthaigh sceirdiúil shléibhtiúil lonnaithe taobh le seanbhóthar iarainn a ritheann ó cheann ceann an chósta thiar. B’é an Coimisiún Fulbright faoi ndear é. Comhar oideachais is ea an Scoláireacht FLTA atá á reáchtáil acu idir na Stáit Aontaithe agus tíortha ar fuaid an domhain ina gcuirtear teagascóirí teangan i mbun cúraim in ollscoileanna coimhthíocha. Seoladh seachtar teagascóirí Gaelainne anall ó Éirinn i 2015 agus b’í an chéad uair riamh ceann bheith ar dualgas in Ollscoil Stáit Idaho, mar a rabhas ag múineadh. 


Tá nasc mór le feiscint cheana idir Ollscoil Stáit Idaho agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. D’fhreastail scata dosna mic léinn a bhí fém bhois i rith na bliana ar chúrsaí samhraidh i mBaile an Fheirtéaraigh ó chianaibh. Dheineas iad a phrapáil chuige trí ábhar a chur féna mbráid idir amhráin, litríocht is cadráil cainte. Níor mhó díbh ná go raibh paidreacha ar nós ambaiste agus th’anam ‘on diabhal  ag teacht chuchu go rábach roimh dóibh aon chos a bhualadh in Iarthar Dhuibhneach! Is dheineadar togra mór poiblí ar pháis Thomáis Ághais i gcaitheamh Chogadh na Saoirse agus ar stair an Chonartha sa tréimhse chéanna.

Bhí Órla Ní Shíthigh ó Bhaile Eaglaise ar aimsir ann leis mar bhuime do theaghlach Gael-Mheiriceánach is thug an-chúnamh le hócáidí cultúrtha a eagrú sa chathair. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach!  

 

B’é ceann dosna nithe ba mhó a bhíos a dhéanamh iontais de sara bhfágas ná cad é an saghas daoine a bheadh ag gabháilt don nGaelainn san Oileán Úr. Tír fhairsing ilghnéitheach is ea í is tá a rian san le léamh in éagsúlacht mhionphobal na nGael féin. Ar na haicmí deifriúla a dhealaíos iontu bhí Gael-Mheiriceánaigh, daoine a thug tamall in Éirinn, ceoltóirí a bhfuil dúil sa sean-nós is sa nua-nós acu, ilteangaigh léannta meallta ag foirmeacha táite fadálacha na Mumhan, stróinséirí caidéiseacha, agus fiú págánaigh óga go raibh suim sna púcaí acu!


Bíonn an-tóir ar na teagascóirí FLTA lastall desna háiteanna ina bhfuilid buailte fúthu. Chaitheas taisteal go Cathair na nAingeal, Montana, Portland agus Nua-Eabhrac chun ranganna a dhéanamh ag imeachtaí deireadh seachtaine ar siúl ages na pobail Ghaelacha éagsúla. Ba mhór an seó é bualadh le díthreabhacha Éireann agus Gaeil óga na Stát Aontaithe ag cur le chéile agus seifteanna úrnua á gceapadh acu chun an dúchas a chothú ina saol fhéin. Ba mhaith an sás poirt a sheimint do chuid díbh, leis, agus is mó oíche go maidin a bhí agam ina dteannta!


Deirtear liom gurb é 2015 an bhliain is mó teagascóirí Gaelainne ó Éirinn riamh ar scoláireacht Fulbright agus méid na n-ollscoileanna á lorg ag dul i méid. Cuireann an Coimisiún scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil dosna mic léinn a fhreastalaíonn ar chúrsa á láimhseáil ag teagascóirí FLTA ó Éirinn. Thánadar ó Mhontana, Idaho agus Washington cheana i mbliana. Is tá ard-thuairiscí fachta agam ó mhic léinn Ollscoil Stáit Idaho tar éis a ngeábh ar an mBuailtín.



Séamus Barra Ó Súilleabháin.


Cá bhfuil Idaho?

Is mise Spencer Armstrong agus tá staidéar á dhéanamh agam ar an nGaeilge in Ollscoil Idaho  le bliain – mé ag filleadh ar dhúchas mo shinsear, muintir Mhic Chon Mara ó Chontae an Chláir. Chaitheas trí seachtaine i dtithe áitiúla i mBaile an Fheirtéaraigh ar cheann de na cúrsaí Gaeilge a reáchtálann Oidhreacht Chorca Dhuibhne (i gcomhar le Ollscoil Missoula Montana & Ollscoil Chaitliceach Washington) ag deireadh mhí na Bealtaine agus tús an Mheithimh. Ní raibh tuairim agam sarar thána cad a bheadh romham toisc gurb í an chéad uair agam mo thír féin a fhágaint. 

Thógas ceann de chúpla rud a bhí an-difriúil in Éirinn seachas mar a bhíonn sna Stáit. Bíonn lipéid thrítheangacha le feiscint ar tháirgí bia sna Stáit – is é sin, as Béarla le fothéacs Spáinnise agus Fraincise. Bhíos ag súil leis gur mar a chéile a bheadh in Éirinn, is é sin, go mbeadh fothéacs Gaeilge i gceist ar a laghad. Bhí díomá orm nach dtugtar an stádas sin don teanga náisiúnta. Dheineas mo mhachnamh ar an scéal. Faigheann an Ghaeilge tacaíocht Stáit – teanga náisiúnta na tíre. Ní mar sin atá sna Stáit áfach. Is é an Béarla an teanga náisiúnta ach ní hí teanga dhúchais na tíre í.

Deineadh éagóir ar bhundhúchasaigh Mheiriceá maidir lena gcultúr agus lena dteanga siúd, faoi mar a deineadh ar mhuintir na hÉireann. Is beag mionteanga dhúchasach sna Stáit go bhfuil aon chabhair á fáil aici ón rialtas i dtreo í a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile – ar nós mar a fhaigheann an Ghaeilge. Ansan arís tá mórán teangacha dúchasacha i gceist – tá Idaho beagnach a thrí oiread níos mó ná Éire.

Tá ana-chosúlacht idir tírdhreach Oirdheisceart Idaho and tírdhreach na hÉireann – ach amháin go bhfuil an aeráid ana-dhifriúil in Éirinn – aeráid an an ghaineamhlaigh atá acu thall. Tá formhór na mbailte agus na gcathracha lonnaithe ar mhachaire Abha an Snake nó sna gleannta idir na sléibhte atá ar imeall na machairí. “Foothill” is dócha a ghlaofaí ar Chnoc Bhréanainn i gceantar Pocatello – an áit go bhfuil cónaí orm féin. Tá Sliabh Scout – atá buailte ar an gcathair – timpeall le 1000 troigh níos aoirde ná Cnoc Bhréanainn. 

Deintear mórán cnocadóireachta i mo cheantar chomh maith le héagsúlacht imeachtaí fén aer. Bítear ag fiach agus ag iascaireacht de shíor. Fear mór fiaigh is ea mé féin. Bím sa tóir ar ainmhithe móra le hárdáin, le bogha, agus le gunnaí. Tá an fiach ina chuid an-lárnach de chultúr Idaho. Is féidir le leanaí chomh hóg le 10 mbliana ceadúnas fiaigh a fháil, mar shampla. An té a bhaineann aois a dó dhéag amach, beidh cead aige as san amach ainmhithe móra a mharú – deasghnáth aistrithe saoil. Roghnaítear an Mule Deer nó an Whitetail Deer de ghnáth, mar shampla.  Ón méid a chloisimse, ní mor an fiach a dheintear in Éirinn. Níl dóthain ainmhithe ar fáil chuige.

Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an mblaiseadh seo do Idaho chomh mór leis an sásamh a bhaineas-sa as mo thréimhse in Éirinn.

Spencer Armstrong.


Mórscoláire agus Laoch na Gaelainne ar lár


Deineann Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne & Oidhreacht Chorca Dhuibhne comhbhrón ó chroí le muintir Phádraig Uí Fhiannachta, Monsignor & iar-Shagart Paróiste an Daingin, fear léinn, foilsitheoir, file, léirmheastóir, aistritheoir agus ceannródaí na dtograí oideachais sa Díseart sa Daingean.  Ar dheis lámh Dé go raibh a anam uasal.

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd