Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne
21ú Meitheamh 2016
An Ghaelainn i gcéin
An gcualaís mar gheall ar fhear Cheann Trá a chuaigh isteach ‘on nDaingean ag triall ar shlisín mairteola agus a thóg oiread san ama ag filleadh abhaile aríst gur baisteadh ‘Vancouver’ air? Mhair sé mar leasainm air as san amach. Gan dabht, is fada ó bhaile atá Vancouver in Iarthar Cheanada, áit ar chuir Fondúireacht Ollscoile Éireann agus Ceanada nó an ICUF mé i mí Feabhra le go dtomhaisfinn cén t-éileamh atá ag an bpobal Gaelach agus pobail eile nach é ar an nGaelainn sa chathair sin.
Eagraíocht chultúrtha is ea an ICUF dar ndó a chothaíonn naisc idir Ceanada agus an tír seo againne, agus ceann dos na cúraimí a bhíonn ar láimh aici ná An Clár Gaeilge a chuireann maoiniú ar fáil gach bliain do suas le seachtar teagascóirí Gaelainne in ollscoileanna ar fud Cheanada. Tá pobal na Gaelainne i gCeanada anois ag prapáil d’Oireachtas Cheanada a bheidh ar siúl i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh, agus éinne a bhfuil sé sa cheann aige a bheith ar mhór-roinn Mheiriceá Thuaidh taca an ama san nó aon am eile, moltar dóibh geábh a thabhairt ar Ghaeltacht Bhaile na hÉireann (Erinsville) in Ontario!
Is é Ollscoil Oileán an Phrionsa Éadbhard an ollscoil is déanaí a chuaigh i bpáirt leis an ICUF, agus a bhuíochas san le hEoin Ó Beaglaoich Bhaile na bPoc a dhein éacht thall i rith na tréimhse a chaitheas-sa i Vancouver. Is é an fear céanna a chuirfidh tús le ranganna Gaelainne san ollscoil sin mí Mheán Fómhair seo chughainn.
In Oirthear Cheanada atá na hinstiúidí Ceanadacha ar fad a bhfuil baint acu leis an ICUF, ach ní bréag a rá go bhfuil an cultúr Gaelach leata chomh fada le Cósta an Aigéin Chiúin chomh maith. Is ann do phobal bríomhar Gaelach in Vancouver Cholóim na Breataine, agus ba léir sin i rith na sé seachtaine dom ann. Chuir idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna, Fhranc-choláistí agus eile fáilte roimh mo chuid seisiún eolais ar an nGaelainn agus a mbaineann de chultúr léi. Ba í an bhuaic ar fad, is dóigh liom, ná curfá An Madairín Rua a mhúineadh do leanaí sé bliana d’aois i mbunscoil lán-Fhraincise ar Killarney Street, agus iad á chanadh le fonn i mo theannta.
Is ann a chuireas aithne, leis, ar an Dochtúir Scott Oser, fisiceoir a bhfuil sé de cháil air gurb é an saineolaí is mó ar domhan é ar cheist an ábhair dhorcha. Ábhar taighde eile dó is ea Gaelainn Chorca Dhuibhne, canúint a thagann go binn le caint an fhir seo arb as Chicago dó an chéad lá. Iarscoláire eile de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne é Mike Kelly ó Thuaisceart Chiarraí a éistíonn leis an Saol ó Dheas gach aon lá agus a thagann abhaile ó Vancouver chughainn go fóill ainneoin go bhfuil os cionn caoga bliain caite anois aige i gCeanada. Chuirfeadh a leithéidí an-fháilte roimh theagascóir Gaeilge de chuid an ICUF; tá sé de chuma ar an scéal gur sa chéad bhliain eile a bhainfear Vancouver amach, ach tá an páipéarachas sin fós á phlé.
Seaghan Mac an tSionnaigh
Meitheamh 2016

Mic léinn ó Mheiriceá ar an gClasach agus iad ar tí barra Shliabh an Iolair a bhaint amach.
Mic léinn ó Ollscoileanna in Montana, Idaho & Washington i gCorca Dhuibhne
Fágadh slán ag an mbreis is tríocha mac léinn ósna hollscoileanna thuasluaite i Meiriceá sa Lárionad Gaeilge & Gaeltachta ar an 10ú Meitheamh 2016. Gabhann Oidhreacht Chorca Dhuibhne buíochas leis an nDr. Traolach Ó Ríordáin, Montana, an Dr. Jennifer Ní Ríordáin, Ollscoil Chaitliceach Washington agus le Garth Lambson, Idaho a chuir na mic léinn seo inár dtreo. Is í seo an ceathrú bliain den dtogra seo atá ag dul ó neart go neart ón gcéad lá ó thaobh spéise agus líon na mac léinn atá ag freastal ar an gclár. Gabaimid buíochas chomh maith le teagscóirí an chúrsa, leis na haoichainteoirí, le lucht lóistín agus le pobal na háite a chuir oiread fáilte roimis na mic léinn. Comhartha ómóis dá n-oidhreacht Ghaelach an turas seo ag mórán mac léinn chomh maith le ana-shampla den dturasóireacht chultúrtha i gceantar Chorca Dhuibhne.

Agus an barra bainte amach!
Lóistín i mBaile an Fheirtéaraigh
Má tá seomra/seomraí/tigh saoire le ligean
ar cíos i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh
idir an 7ú-14ú Lúnasa tar i dteagmháil le
Máire nó le Caitríona in oifig Oidhreacht
Chorca Dhuibhne ag 066 91 56100 nó ag
eolas@cfcd.ie ., le do/bhur dtoil.
Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100 nó
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd
Recent Comments