Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne

 

26ú Aibreán 2016


Scéal do Thuismitheoirí fé chúrsaí teanga ag baile: Má iompaíonn leanaí/déagóirí ar Bhéarla…deich bpíosa comhairle daoibh

Go minic nuair a bhímid ag labhairt lenár gcuid leanaí as Gaeilge, freagraíonn siad as Béarla. Tá a leithéid coitianta go leor, ní amháin anseo ach i dtíortha eile má bhíonn an teanga timpeallaithe ag mórtheanga dhomhanda mar Bhéarla.

Cad is ceart a dhéanamh má tharlaíonn a leithéid?

  • Ná cas ar an mBéarla! Cloígh leis seo i gcónaí. Má chuireann siad ceist as Béarla-freagair as Gaeilge agus ná haistrigh do fhreagra go Béarla.
  • Meabhraigh: Seans nach leanfaidh sé seo ar aghaidh i gcónaí- d’fhéadfadh scéal difriúil bheith acu i gceann míosa- bíonn déagóirí luaineach nó guagach go minic agus bíonn piarbhrú 7rl orthu.
  • Meabhraigh: Braitheann an-chuid ar chomhdhéanamh an ghrúpa-d’fhéadfadh sé athrú má bhíonn déagóirí eile i láthair / cuid acu as láthair
  • Ná lig don fhreagra as Béarla cur isteach ort- cé go mbeifeá mí-chompóradach/ buartha. Más féidir ná lig puinn ort ach lean ar aghaidh as Gaeilge agus ná tabhair aon cheann do fhreagraí bheith as Béarla. Bí ar nós cuma liom fúthu.
  • Mínigh dóibh am éigin agus (arís bí ar nós cuma liom faoi) an chúis go bhfuil Gaeilge á húsáid agat an t-am ar fad.
  • Meabhraigh: muna mbíonn cleachtadh ag leanaí/déagóirí ar labhairt na Gaeilge le chéile sa chéad áit- tá sé deacair orthu iompú uirthi.
  • Meabhraigh nach maith le déagóirí éinne bheith fágtha ar lár sa chomhrá-má tá duine nach bhfuil ar a chompord leis an teanga inameasc-casfaidh siad ar Bhéarla-fiú i ngan fhios dóibh.
  • Athraíonn rudaí le himeacht ama.
  • Dea-shampla a thabhairt-labhair an teanga le daoine fásta eile ina láthair

 

Súil ar aghaidh: Cúrsaí do Dhaoine Fásta ag Oidhreacht Chora Dhuibhne do 2016

Ná dearmad dhá chúrsa eile a bheidh á reachtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne amach anseo:

  1. Gaeilge, Ealaín & Filíocht 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh: Costas €135

  2. Gaeilge, Sláinte Coirp is Anama .i. Yoga as Gaeilge, 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh 2016: Costas €135 (Rogha lá amháin, dhá lá nó trí lá a dhéanamh ag €10 an seisiún), de réir mar a oireann)

(Níl na cúrsaí seo oiriúnach do Ghlantosnaitheorií sa Ghaeilge/These courses are not suitable for Beginners. See www.oidhreacht.ie for an Irish Language Course for Beginners or see above)Tuilleadh Eolais ar na cúrsaí seo ar fad agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag: www.oidhreacht.ie /
eolas@cfcd.ie / 066 91 56100 / Facebook .


Nead an Phobail

 

 

Comhghairdeas le Dómhnal Ó Bric as an ealaín bhalla álainn leis atá le feiscint anois ar an tslí isteach go dtí Nead an Phobail, áras ina bhfuil Naíonra, Naíolann agus Seomra Pobail Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh.

Tionólfar ócáid do Sheanóirí ar an mBuailtín san Ionad gach aon choicís ar an nDéardaoin as seo amach. Cuir áit in áirithe roim ré – ní gá ach glaoch a chur ar Orlaith  ag 066 91 56100. Beidh an chéad lón eile againn ar an 5ú Bealtaine 2016, agus ceann eile ar an 19ú Bealtaine.


Don Aos Óg!

Cuirfear tús le sraith Ranganna Ealaíne don aoisghrúpa 8-12 bhl. san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i mBaile an Fheirtéaraigh óna 4.30 – 5.30 i.n ar an 4ú, 11ú, 18ú & 25ú Bealtaine 2016. €5 an duine an táille. Cuir fios ar Orlaith ag 066 91 56100. go luath chun áit a chur in áirithint. Níl slí ann ach do dheichniúr. Jane Ní Mhurchú a bheidh á stiúradh.


Cibeal ar an Meal

arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar le Féile na Bealtaine 2016 agus le maoiniú ó Chomhairle Contae Chiarraí Dé hAoine 29ú Aibreán:

Clár na nImeachtaí

10.00 – 11.00 Blúiríní Eolais & Staire ó Dhún Chaoin John Kennedy @ TOSTA

12.00 – 1.30 Maidean Chaife @ TOSTA (laistiar de Ollmhargadh Uí Ghairbhí)

1.30 – 2.00 Rince Seite fén aer ag an gCrosaire @ TOSTA le Aingeal Uí Ghrifín agus ceoltóirí áitiúla

2.30 Siúlóid Oidhreachta sa Daingean Isabel Bennett, Seandálaí. Ag fágaint TOSTA ag 2.30. (As Gaeilge a reáchtálfar na himeachtaí seo)

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd

Cibeal ar an Meal

Cibeal ar an Meal arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar le Féile na Bealtaine 2016 Dé hAoine 29ú Aibreán

Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne

 

14ú Aibreán 2016

Súil ar aghaidh: Cúrsaí do Dhaoine Fásta ag Oidhreacht Chora Dhuibhne do 2016

Anois go bhfuil laethanta fada an tsamhraidh agus gile an tráthnóna buailte linn, ní mór a bheith ag cuimhneamh ar Chúrsa Siúlóidí deireadh seachtaine a dhéanamh ar shléibhte is ar chnoic Chorca Dhuibhne. Agus ina theannta san is féidir leat cur led líofacht sa Ghaeilge! Beidh a leithéid de chúrsa á reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh ón 29ú Aibreán – 2ú Bealtaine 2016. Tá cuid desna bealaí siúlóide is deise sa tír againn anseo i gCorca Dhuibhne idir Shlí Chorca Dhuibhne agus Chosán na Naomh, bealaí a bhfuil aitheantas náisiúnta bainte amach acu, chomh maith le mórán Éireann siúlóidí cois trá is in airde ar chuid de na sléibhte is maorga sa cheantar. Deintear ranganna Gaeilge a chur ar siúl ar maidin, cuirtear gnéithe de Stair, de Bhéaloideas agus de Sheandálaíocht an cheantair i láthair chomh maith is tugtar fésna siúlóidí ceithre iarnóin i ndiaidh a chéile ó Aoine go Luan. Bí linn don dteanga, don saol amuigh fén aer agus don gcuideachta. Costas an chúrsa: €175. Ná dearmad dhá chúrsa eile a bheidh á reachtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne amach anseo:

  1. Gaeilge, Ealaín & Filíocht 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh: Costas €135

  2. Gaeilge, Sláinte Coirp is Anama .i. Yoga as Gaeilge, 17ú, 18ú & 19ú Meitheamh 2016: Costas €135

(Níl na cúrsaí seo oiriúnach do Ghlantosnaitheorií sa Ghaeilge/These courses are not suitable for Beginners. See www.oidhreacht.ie for an Irish Language Course for Beginners). Tuilleadh Eolais ar na cúrsaí seo ar fad agus ar chúrsaí eile Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag:   www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie / 066 91 56100


Tionólfar an ócáid do Sheanóirí ar an mBuailtín gach aon choicís ar an nDéardaoin as seo amach. Cuir áit in áirithe roim ré – ní gá ach glaoch a chur ar Orlaith  ag 066 91 56100. Beidh an chéad lón eile againn ar an 21 Aibreán 2016


Imeachtaí ar an Meal

Fógraíodh le déanaí Scoil na Mainistreach sa Daingean a bheith díolta agus í le bheith ina hInstitiúid Ard-Léinn uair amháin eile amach anseo. Fáiltímid roimis san ach braithfimid uainn an tIonad Seirbhísí Teanga a bhí ina cuid lárnach d’imeachtaí teanga sa Daingean le tamall de bhlianta anuas. Ceann desna himeachtaí rialta is ea an Mhaidean Chaife maideanacha Dé hAoine. Gabhaimid buíochas leis na rannpháirtithe ar fad a bhí chomh dílis don ócáid. Tá súil againn ionad eile sa Daingean a aimsiú don bhFómhar. Seo an taithí ag duine des na rannpháirithe:

Tagann an Ciorcal Comhrá le chéile gach maidean Aoine ar an Meal ó 11.30 go 13.00. Cad chuige go dtagaimid le chéile? Ní deintear aon mhúineadh ann. Ní d’aon intinn chun Gaeluinn a fhoghlaim a thagaimid cé gur deacair é sin a sheachaint agus sinn ag éisteacht lena chéile. Nuair atáimid dáiríre bíonn na focla crua á gcíoradh againn, nathanna cainte á dtabhairt chun cuimhne agus á míniú. Mar a deir an té a deir é (Toose Mac Gearailt) tarraigíonn focal focal agus seanchas ina theannta. Bíonn an comhluadar chomh nádúrtha san agus gach aoinne ar a shuaimhneas ná bíonn cúthail nó náire ar aoinne a chuid féin a rá. Nuair ná bímid dáiríre bíonn tús áite ag an ngáire, ag an gcraic agus ag an bpleidhcíocht. Ag priocadh a chéile. Mar shampla mé fhéin ag iarraidh cáil agus oidhreacht an Leitriúigh a chur chun tosaigh i n-éadan éirí anairde na nDuibhneach! Agus Toose! Measaim nach beo fós don duine ná bainfeadh sult agus tairbhe as a chuideachtain. Fear flaithiúil séimh agus fear seoigh ina theannta san. Measaim go mbeinn á mhaslú mura dtabharfainn ach foclóir beo air mar is Encyclopedia ar shaíocht agus ar shaibhreas na Gaeluinne é. Ní féidir liom criochnú gan bácáil na mban – agus cuid desna fearaibh – a lua. Tá súil agam ná tógfaidh aoinne orm é má thugaim moladh ar leith do Cháit agus do Mháire – na cístí, na píóga, na scones, deacair fanacht siar uathu. Is bothántaíocht nua-aimseartha é an Ciorcal Comhrá. Ocáid chultúrtha ná geobhfá i n-aon áit eile. Agus é seo go léir i n-ár gcanúint bhinn bhlasta féin. Go maire sé go deo”

Táimid buíoch de Eoghan Ó Loinsigh as na focla seo


 

(Pic. Isabel Bennett)

Mic léinn lánfhásta de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne a d’fhreastail ar Chúrsa Gaeilge, Stair Áitiúil agus Béaloideas do Dhaoine Fásta i gCorca Dhuibhne ón 30ú Márta-1ú Aibreán. Thug an grúpa cuairt ar Ghallán na Cille Brice i mBaile an Mhuilinn chomh maith le Teampall Chnoc an Chairn sa Daingean, crosleac i Rinn Chonaill agus láthair eaglasta Chorr Áille i bParóiste Chill Chuáin. An seandálaí Isabel Bennett ó Mhúsaem Chorca Dhuibhne a bhí ina treoraí ar an ngrúpa. Más suim leat cúrsa den tsórt céanna a dhéanamh, beidh fáilte romhat chomh fada le Baile an Fheirtéaraigh idir an 29ú Aibreán – 2 Bealtaine nuair a thionólfar Cúrsa Gaeilge agus Siúlóidí Oidhreachta.

Comharchumann Forbartha Chorca
Dhuibhne
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
066 91 56100
eolas@cfcd.ie
www.oidhreacht.ie / www.cfcd.ie
@oidhreachtcd