Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta
AIGHNEACHT
(moltaí ó chruinniú poiblí i gCorca Dhuibhne)
D’eagraigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne Cruinniú Poiblí Dé Luain 29 Meitheamh 2015 chun Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta a phlé. I láthair bhí Príomhoidí, Tuismitheoirí, Stiúrthóirí Naíonraí, Cuntóirí Teanga (c40 duine). Fáiltíodh roimh cháipéis na Roinne Oideachais agus Scileanna agus go háirithe an aitheantas atá tugtha don gcéad uair do na riachtanais éagsúla oideachais atá ag na pobail teanga éagsúla sa Ghaeltacht – go háirithe na cainteoirí dúchais Gaeilge.
Moltaí a d’eascair on bplé:
An Luathoideachas agus an Bhunscolaíocht Ghaeltachta
- Go mbeadh aitheantas sa chóras oideachais do na leanaí atá á dtógaint le Gaeilge amháin sa Ghaeltacht.
- Go mbeadh sainmhíniú soiléir ann ar cad é an rud í an Bhunscoil Ghaeltachta.
- Go gcuirfeadh An Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta feachtas ar bun chun breis tuismitheoirí a mhealladh chun a gclanna a thógáil le Gaeilge.
- Go gcuirfí polasaí iomlán tumoideachais ÉIGEANTACH Gaeilge i bhfeidhm don gcéad dhá bhliain i mbunscoileanna Gaeltachta.
- Go mbeadh polasaí láidir teanga ag an bPátrúntacht.
- Go n-ísleofaí an coimhneas daltaí : múinteoirí i scoileanna na Gaeltachta chun go mbeifeaí ábalta freastal níos éifeachtaí ar riachtanaisí teanga na leanaí.
- Go mbeadh Cúrsa Feasachta Teanga mar chuid lárnach de chúrsaí ar Oiliúint Mhúinteoirí sna Coláistí Oiliúna le béim faoi leith ar an nGaeltacht ar shealbhú teanga agus ar an dátheangachas agus go gcuirfí áiseanna cuí ar fáil dóibh.
- Go mbeadh COGG i gcomhpháirt le Gaelscoileanna agus eagraíochtaí eile Gaeltachta anois i mbun cúrsaí feasachta teanga do mhúinteoirí mar chuid dá bhforbairt ghairimiúil.
- Go mbeadh ceangal láidir idir na naíonraí agus na bunscoileanna Gaeltachta le seirbhís naíonra a bheadh ar chomhfhad leis an scoil bhliain. Go mbeadh ar dhaltaí gan dóthain Gaeilge freastal ar sheisiúin teagaisc teanga sara dtabharfaí faoin mbunscoil Ghaeltachta nó dhá bhliain a chaitheamh sa Naíonra.
- Go gceapfaí Múinteoirí Saibhrithe Teanga/ Múinteoir Idirchaidrimh – (leis an múnla céanna do na múinteoirí a ceapadh chun Béarla a mhúineadh d’eachtrannaigh).
- Go mbeadh na múinteoirí seo ag feidhniú i gcúpla scoil agus ag obair sa phobal.
- Go mbeadh na múinteoirí seo ag obair le tuismitheoir.
- Go mbeadh gníomhaiochtaí á n-eagrú do thuismitheoirí sa scoil, cuairteanna baile &rl, ag cruthú nasc breise idir imeachtaí pobail agus scoileanna sa tslí seo, i gcomhpháirtíocht le heagraíochta leithéidí Tús Maith (www.tusmaithocd.ie)
- Go gcuirfí le Scéim na gCúntóirí Teanga sa tslí go mbeadh sé ann ar feadh na bliana.
- Go mbeadh córas measúnaithe caighdeánaithe i bhfeidhm ag na Coláistí Oiliúna chun a chinnitú go bhfuiltear ag freastal ar éagsúlacht cumais agus go háirithe orthu siúd ar chaighdeán lag.
- Go mbeadh ar ábhar oidí cúpla mí a chaitheamh sa Ghaeltacht ar shainchúrsaí Gaeilge chun caighdeán Gaeilge sásúil a bhaint amach, sara dtugann siad faoin gcúrsa sa Choláiste Oideachais.
- Go gcuirfí an tsainoiliúint chuí ar na hÁbhar Oidí ins na Coláistí Oideachais a roghnaíonn taithí múinteoireachta a dhéanamh i scoileanna Gaeltachta.
- Go mbeadh painéal ar leith do mhúinteoirí le caighdeán Gaeilge oiriúnach do bhunscoileanna Gaeltachta. Sa tslí seo ní bheadh ar mhúinteoirí gan dóthain Gaeilge glacadh le poist i scoileanna Gaeltachta agus ní bheadh ar na scoileanna glacadh leo mar atá ag tárlú fé láthair.
- Go dtabharfaí ar ais liúntais do mhúinteoirí atá ag teagasc i scoileann Gaeltachta.
- Go ndéanfaí an córas tástála litearthachta atá in úsáid i mbunscoileanna Gaeltachta a athrú sa tslí go mbeidh an scrúdú i nGaeilge ar chomhchaighdeán leis an gceann i mBéarla. Níl an ceann i nGaeilge atá ann faoi láthair dúshlánach go leor – sa tslí go bhfaightear ardmharcanna sa Ghaeilge i gcomparáid leis an mBéarla. Go gcuirfí tástáil urlabhra ar leanaí i mbunscoileanna Gaeltachta.
- Go mbeadh nasc láidir idir na scoileanna Gaeltachta agus na pobail áitiúla chun a chinntiú gur trí Ghaeilge amháin a dheanfaí seirbhísí stáit, sláinte, spóirt, comhairleoireachta, soláthar oideachais speisialta &rl a sholáthar.
- Go mbeadh an maoiniú cuí agus na struchtúir chuí ar fáil chun go mbeifí dáiríre i leith na moltaí seo agus a gcur i bhfeidhm.
Oideachas Meánleibhéil sa Ghaeltacht
- Go mbeadh leibhéal Gaeilge aitheanta (grádaithe ag TEG) riachtanach do mhúinteoirí a bheadh ag teagasc i Meanscoileanna Gaeltachta. Go ndéanfaí é sin a chúiteamh leo – go háirthe toisc go bhfuil deireadh le liúntais do mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc sa Ghaeltacht agus le scoláireachtaí Gaeltachta.
- Go ndéanfaí athbhreithniú ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta. Níl dóthain dúshláin ann faoi láthair don ndalta Gaeltachta. Is féidir mórán a fhoghlaim do ghlanmheabhair roimhré agus níl aon leabhar iomlán le léamh éigeantach ar an gclár litríochta.
- Go leanfaí leis an Scéim Droichead i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.
- Go n-athbhúnófaí arís Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.
- Go mbeadh Gaeilge líofa ag éinne ón Roinn Oideachais a bheadh baint acu le scoileanna Gaeltacha nó ag teacht isteach sna scoileanna ar ghnó na Roinne.
Recent Comments